Comhairle faoi Shábháilteacht ó Dhóiteán sa Bhaile
Is mian le Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath cabhrú leat chun an baol dóiteáin i do theach a laghdú...
An bhfuil mo theach sábháilte ó dhóiteán?
Faigheann 36 duine bás, ar an meán, gach bliain mar gheall ar dhóiteáin in Éirinn. Tarlaíonn tromlach na mbásanna seo sa teach agus is i measc daoine aosta a bhíonn an céatadán is airde de na básanna seo.
Is mian le Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath cabhrú leat chun an baol dóiteáin i do theach a laghdú. Ní gá duit ach na Trí Bhunriail seo a leanas a leanúint.
Na trí bhunriail
- Déan aláraim dheataigh a shuiteáil chun rabhadh luath a thabhairt agus tástáil go rialta iad
- Ullmhaigh plean aslonnaithe agus déan é a chleachtadh go rialta
- Caith súil timpeall agus bain na guaiseacha
Cosc ar Dhóiteáin – Na Phríomhchéimeanna
- Ná fág leanaí óga leo féin sa teach, sa charbhán, sa teach soghluaiste ná sa ghluaisteán
- Coimeád cipíní solais agus lastóirí glan amach ó leanaí
- Déan aláraim dheataigh agus brathadóirí CO2 a shuiteáil agus tástáil go rialta iad
- Coimeád múchtóirí dóiteáin agus/nó pluideanna dóiteáin in áit infheicthe agus bíodh fios agat conas iad a úsáid
- Ná húsáid pannaí sceallóg oscailte
- Seiceáil pluideanna leictreacha go rialta i dtaobh caithimh agus cuimilte agus má rinneadh díobháil dóibh, má tá siad caite nó idir trí agus cúig bliana d’aois, faigh réidh leo
- Úsáid garda lasrach i gcónaí ar thinte oscailte, go háirithe sula dtéann tú a chodladh nó má bhíonn leanaí thart
- Ná fág nuachtáin, éadaí ná ábhar ró-ghar do thine nó téitheoirí
- Múch agus díphlugáil gach fearas neamh-bhuntábhachtach nuair nach mbíonn siad á n-úsáid
- Díphlugáil luchtairí gutháin
- Pleanáil bealaí éalaithe agus déan cleachtaidh dhóiteáin a chleachtadh
- Cinntigh go bhfuil gach bealach éalaithe glan - má theastaíonn eochair ó do bhealach amach chun é a oscailt, cinntigh go bhfuil an eochair ar fáil gan stró
- Dún gach doras, go háirithe ón gcistin agus an seomra suí
- Cuir luaithreadáin mhóra chobhsaí ar fáil do dhaoine a chaitheann tobac – is féidir le bun toitín bheith ag cráindó ar feadh cúpla uair an chloig sula lasann agus scaipeann sé
- Ná caith tobac riamh sa leaba
- Seiceáil gach seolán agus plocóid lena chinntiú nach bhfuil siad caite nó dóite agus athraigh iad, más gá. Ná déan soicéid a ró-ualú.
- Cuir fios ar chonraitheoir cáilithe leictreach chun fearais agus feistis leictreacha a shuiteáil agus a dheisiú. Ná téigh sa seans.
- Bí an-chúramach i rith tréimhsí saoire, ar nós Oíche Shamhna agus na Nollag.
- Ba cheart go mbeadh marc CE ar gach earra a úsáidtear sa teach.
Na rudaí ba cheart duit bheith ag faire amach dóibh
Daoine a chaitheann tobac
- Ná caith tobac nuair a bhíonn tuirse ort, go háirithe nuair a bhíonn tú sa leaba nó nuair a bhíonn do scíth á ligean agat i gcathaoir
- Úsáid luaithreadán i gcónaí
- Múch toitíní go hiomlán agus folmhaigh an luaithreadáin sula dtéann tú a chodladh. Cinntigh go bhfuil ábhair an luaithreadáin go hiomlán múchta sula bhfaigheann tú réidh leo.
Earraí leictreacha
- Úsáid earraí leictreacha go cúramach agus stóráil iad nuair nach mbíonn siad á n-úsáid
- Ná déan soicéid a ró-ualú ná déchuibheoirí a úsáid
- Má rinneadh díobháil do cháblaí nó plocóidí leictreacha nó má tá siad caite nó sceite, déan teagmháil le leictreoir
- Bí airdeallach le hearraí teo, ar nós tóstaer, tóstaeir cheapairí, iarainn éadaí, bolgán, pluideanna leictreacha, radaitheoirí agus luchtairí
Stóráil
- Níor cheart ligean do bhruscar, nuachtáin etc. bailiú thart agus ba cheart iad a stóráil i gceart
- Níor cheart ábhair inlasta, ar nós péinte, tuaslagóirí, greamachán (gliúnna) agus ceimiceán a stóráil sa bhaile
Aláraim Dheataigh agus CO2
Aláraim Dheataigh
Ní dhúiseoidh deatach thú, cuirfidh sé codladh níos doimhne ort, i bhfírinne.
Tá aláraim dheataigh an-tábhachtach chun rabhadh luath a thabhairt. Tugann aláraim dheataigh agus CO2 am duit féin agus do theaghlach an teach a fhágáil go sábháilte.
Ba cheart brathadóir deataigh a bheith ag gach bealach éalaithe (pasáiste, ceann staighre, staighre etc.), i ngach seomra leapa, agus i seomraí eile ina bhfuil ardriosca, ar nós an tseomra suí, an gharáiste agus an tseomra fóntais. Ba cheart go mbeadh brathadóir teasa sa chistin chun aláraim bhréagach a sheachaint.
Is féidir aláraim dheataigh agus theasa a cheangal leis an bpríomhsholáthar cumhachta nó is féidir iad a oibriú le cadhnra. Ba cheart go mbeadh na haláraim go léir i do theach ceangailte chun go mbuailfidh na haláraim go léir má bhraitear dóiteán i seomra amháin.
Lean na treoracha suiteála ar an ngléas. Bí cinnte d’aláraim a shuíomh chun gur féidir leat iad a bhaint gan stró agus go sábháilte. Ba cheart iad a thástáil gach seachtain tríd an gcnaipe tástála a bhrú.
Aonocsaíd charbóin
Tugtar an marfóir ciúin go minic ar aonocsaíd charbóin agus is gás dofheicthe gan bholadh gan dath é a chruthaítear nuair a dhóitear breoslaí (ar nós adhmaid, guail, gás nádúrtha, própáine, agus ola) go neamhiomlán.
Is féidir le trealamh téimh agus cócaireachta a dhónn breosla a bheith mar fhoinsí d’aonocsaíd charbóin sa bhaile. Faigheann roinnt daoine bás gach bliain mar gheall ar nimhiú neamhbheartaithe aonocsaíd charbóin sa bhaile.
Cuimhnigh, Cuimhnigh, Cuimhnigh
Iarrann Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath ar an bpobal chun cuimhneamh ar thrí rud is féidir cabhrú le hiad a chosaint in aghaidh an mharfóra chiúin seo agus an neamónach "Cuimhnigh, Cuimhnigh, Cuimhnigh” á úsáid:
- Cuimhnigh ar na cúiseanna – Is féidir aonocsaíd charbóin a chruthú nuair a dhóitear breosla ar bith, ola, gás, adhmad, gual agus móin ina measc.
- Cuimhnigh seirbhísiú a dhéanamh – Chun cosc a chur ar aonocsaíd charbóin, cinntigh go ndéanann suiteálaí cláraithe nó gníomhaire cáilithe seirbhíse do shaghas do bhreosla d’fhearais a shuiteáil agus a sheirbhísiú gach bliain. Chomh maith leis sin, cinntigh go gcoimeádtar gaothairí, múcháin agus simléir glan.
- Cuimhnigh ar an aláram – Níl boladh ná dath ar aonocsaíd charbóin, mar sin, chun cosaint níos mó a thabhairt duit, déan aláram inchloiste aonocsaíd charbóin a shuiteáil. Cinntigh go gcomhlíonann an t-aláram EN 50291, go bhfuil marc CE air, go dtugann sé le fios nuair atá deireadh a shaolré bainte amach aige agus go bhfuil marc deimhniúcháin neamhspleách air.
Is féidir breis faisnéise a fháil ag Feasacht ar Aonocsaíd Charbóin.
Soirn
Le blianta beaga anuas, tá méadú ar dhóiteáin soirn mar thoradh ar an tóir mhéadaithe atá ar shoirn.
Bíonn dóiteáin go príomha mar gheall ar shoirn agus múcháin nach suiteáiltear i gceart. Rinne cuid de na dóiteáin díobháil shubstainteach don fhoirgneamh.
Dónn soirn ar theochtaí an-arda agus is gá an sorn agus na múcháin a shuiteáil i gceart agus ba cheart iad a choimeád amach fada go leor ó aon ábhair adhmaid nó indóite. Caithfidh múcháin inslithe a ghabhann trí shíleálacha agus ballaí a bheith spásáilte nó cásáilte i gceart.
Bíonn réimse fairsing de leaganacha amach ar shoirn agus ar fhoirgnimh agus caithfear iad a shuiteáil, dá bharr, i gcomhréir le treoracha an déantúsóra agus na Rialacháin Foirgníochta reatha (Cáipéis Treorach Teicniúla) “Fearais Táirgthe Teasa”, 2014).
Is féidir leat níos mó a fhoghlaim faoi sábháilteacht soirn ar láithreán gréasáin Chumann Dhéantúsóirí Múchán agus Simléar na Breataine.
Foirgnimh agus árasáin ardstóracha
Caithfidh gach struchtúr foirgnimh, foirgnimh árasáin ina measc, ceanglais dhlíthiúla áirithe maidir le sábháilteacht ó dhóiteán a chomhlíonadh.
Tabhairt cuairt ar shábháilteacht ó dhóiteán i bhfoirgnimh ardstóracha chun teacht ar bhreis eolais.
Má theastaíonn breis comhairle uait nó má bhíonn tú buartha faoi ghnéithe sábháilteachta ó dhóiteán d’fhoirgnimh, ar nós doirse dóiteáin, córais aláraim braite dóiteáin, soilsiú éigeandála, bealaí éalaithe etc., glaoigh ar Chosc ar Dhóiteáin Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath ar (01) 222 4066.
Comhairle bhreise ar shábháilteacht ó dhóiteán
Chun teacht ar chomhairle bhreise phraiticiúil ar conas do theach a dhéanamh sábháilte ó dóiteán, tabhair cuairt ar:
- Plean aslonnaithe a dhéanamh
- Seicliosta maidir le sábháilteacht bhaile
Chun teacht ar chomhairle mhionsonraithe ar shábháilteacht ó dhóiteán do sheomraí i do theach, tabhair cuairt ar:
- Leideanna um shábháilteacht ó dhóiteán do sheomraí suí
- Leideanna um shábháilteacht ó dhóiteán do chistineacha
- Leideanna um shábháilteacht ó dhóiteán do sheomraí codlata