Cothabháil Soilse Sráide i mBaile Átha Cliath

Cuireann Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath soilsiú sráide comhaimseartha maisiúil ar fáil chun feabhas a chur ar thimpeallacht oíche na cathrach. Úsáideann sí teicneolaíocht LED atá tíosach ar fhuinneamh i ngach suiteáil soilsithe nua agus uasghrádaithe freisin chun astaíochtaí carbóin a laghdú. Soláthraíonn sí soilse do chrainn Nollag agus tuilsoilsiú ar roinnt foirgneamh poiblí freisin.