Clampáil agus Tarraingt chun Bealaigh
Má rinneadh d‘fheithicil a chlampáil
Tá seirbhísí clampála á bhfeidhmiú ag Seirbhísí Páirceála Sráide Bhaile Átha Cliath (SPSBÁC). Chun dí-chlampáil a dhéanamh ar d’fheithicil, ní mór duit an táille scaoilte €80 a íoc. Is féidir íocaíocht a dhéanamh ar líne ag www.dsps.ie nó trí ghlaoch a chur ar 01 6022500.
Má rinneadh d‘fheithicil a tharraingt chun bealaigh
is féidir d‘fheithicil a tharraingt chun bealaigh má pháirceáil tú d’fheithicil i lána bus, i nglanbhealach, a chuir bac ar bhealach isteach chuig áitreabh nó má bhí clampa ar d’fheithicil ar feadh breis agus 24 uair agus murar íocadh as. Murar íocadh as tar éis 24 uair an chloig, iomprófar an fheithicil go dtí póna carranna na cathrach. Beidh ort táille a íoc ansin ar an gcarr a bhaint agus a stóráil do gach lá a choinnítear é. Má cheapann tú go ndearnadh do charr a tharraingt chun bealaigh, téigh i dteagmháil le SPSBÁC ar 01 6022500.
I gcás nach ndearna SPSBÁC d‘fheithicil a tharraingt chun bealaigh, déan teagmháil leis an nGarda Síochána (Seirbhís Phóilíneachta na hÉireann).
Clamping services are operated by Dublin Street Parking Services (DSPS). This service is provided on a twenty four hour basis daily. For any enforcement requests please consult the DSPS website www.dsps.ie or call 01 6022500.