Armas Chathair Bhaile Átha Cliath
Is é Armas Bhaile Átha Cliath an suaitheantas a aithníonn Cathair Bhaile Átha Cliath agus tá sé á úsáid de chineál amháin nó de chineál eile le 400 bliain anuas, ar a laghad. Tá trí chaisleán atá trí thine ar sciath, a bhfuil beirt bhan ar ceachtar taobh di, ar an Armas iomlán.