Cheantar Thoir Theas
Tá an Ceantar Thoir Theas ar cheann de chúig limistéar riaracháin i gComhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath a chomhordaíonn seirbhísí a sholáthar sa chathair. Síneann an ceantar ó Abhainn na Life go dtí Tír an Iúir agus soir feadh Abhainn an Dothra go dtí Geataí Mhuirfean ar an gcósta. Ceantar fairsing é, ina bhfuil cuid de chroílár meánaoiseach Bhaile Átha Cliath; príomhlimistéar siopadóireachta na Cathrach; ceathrú chultúrtha Bharra an Teampaill; limistéir thráchtála agus chónaithe Lár na Cathrach; agus sráidbhailte bruachbhailteacha, cosúil leis an Rinn, an Baile Gaelach, Dumhach Thrá, Raghnallach, Ráth Maonais, Tír an Iúir agus Ráth Garbh. Cuireann siúlóidí deasa canála, áiseanna cósta, páirceanna agus cearnóga galánta agus go leor cumainn spóirt áitiúla go leor áiseanna caitheamh aimsire ar fáil.