Toghcháin Áitiúla
Reáchtáiltear toghcháin áitiúla in Éirinn gach 5 bliana, i mí na Bealtaine nó i mí an Mheithimh. Sna toghcháin áitiúla, toghadh baill den phobal comhairleoirí chun ionadaíocht a dhéanamh dá bpobal in údaráis áitiúla.
Is é líon na gcomhairleoirí a toghadh chuig Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ná 63. Socraíonn an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil an dáta vótála atá an lá céanna i ngach limistéar údaráis áitiúil ar fud na hÉireann. Caithfidh an tréimhse vótála maireachtáil 12 uair an chloig ar a laghad idir 7.00rn agus 10.30in.
Ceaptar Ceann Comhairimh i ngach údarás áitiúil agus tá sé freagrach as an toghchán ina gceantar féin a bhainistiú. Íocann gach údarás áitiúil an costas a bhaineann lena dtoghchán féin a reáchtáil.
Tionóladh na toghcháin áitiúla go deireanach Dé hAoine 24 Bealtaine, 2019. Tá na chéad toghcháin áitiúla eile le reáchtáil i mBealtaine nó i Meitheamh 2024.
Tá Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath roinnte ina 11 Limistéar Toghcháin Áitiúil agus toghtar baill d’údaráis áitiúla iontu. Sonraítear toghcheantair áitiúla agus líon na mball atá le toghadh i ngach ceann in ionstraim reachtúil do gach limistéar údaráis áitiúil. Rinneadh iad seo le déanaí in 2018.
Cáilitheacht do Thoghadh le hÚdarás Áitiúil
(a) Tá gach saoránach Éireannach agus gach duine a bhfuil gnáthchónaí air/uirthi sa Stát a bhain aois 18 mbliana amach agus nach bhfuil faoi réir aon chinn den dícháiliú a dtugtar cuntas orthu in alt (b) thíos, incháilithe lena t(h)oghadh;
(b) Dícháilítear duine lena t(h)oghadh le húdarás áitiúil sna cásanna seo a leanas -
- ball de Choimisiún na gComhphobal Eorpach é/í, nó
- ball de Pharlaimint na hEorpa é/í, nó
- breitheamh, Ard-Abhcóide nó Cláraitheoir Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach é/í, nó
- ball de Chúirt Iniúchóirí na gComhphobal Eorpach é/í, nó
- ball de Dháil Éireann nó de Sheanad Éireann é/í, nó
- ceaptar é/í faoin mBunreacht mar Bhreitheamh nó Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, nó
- ball de Gharda Síochána é/í, nó
- ball lánaimseartha de na Fórsaí Cosanta é/í, nó
- státseirbhíseach é/í nach gceadaítear dó/di go sainráite a bheith mar bhall d’údarás áitiúil mar gheall ar théarmaí a f(h)ostaíochta, nó
- duine atá ann/inti atá fostaithe ag údarás áitiúil agus nach sealbhóir aicme, cuntas nó grád fostaíochta a shainítear in ordú faoi alt 161(1)(b) den Acht Rialtais Áitiúil, 2001, nó
- duine atá ann/inti atá fostaithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus tá sé/sí fostaithe ar ghrád nó cuntas fostaíochta a shainíonn ordú an Aire Sláinte agus Leanaí, nó
- tá sé/sí ag tabhairt faoi phianbhreith phríosúnachta d’aon téarma a sháraíonn 6 mhí a ghearr cúirt dlínse inniúla sa Stat, nó
- teipeann air/uirthi aon suim nó aon chuid d’aon suim a íoc a rinne iniúchóir de chuntais aon údaráis áitiúil a ghearradh nó a fhormhuirearú ar nó in aghaidh an duine sin, nó
- teipeann air/uirthi breithiúnas deiridh, ordú nó foraithne dheiridh chúirt dlínse inniúla a chomhlíonadh, i ngeall ar airgead a íoc atá le híoc le húdarás áitiúil, nó
- ciontaítear é/í i leith, nó deimhníodh go ndearnadh é/í a chiontú ar achomharc i ngeall ar chion a bhaineann le déileálacha calaoiseacha nó mí-ionraice a dhéanann difear d’údarás áitiúil nó cleachtas éillitheach nó gníomhú nuair a bhíonn sé/sí dícháilithe.
(An tAcht Rialtais Áitiúil, 2001 arna leasú – ailt 13 agus 13A).
Déantar duine in aon chinn de na catagóirí a liostaítear thuas a dhícháiliú, chomh maith, ó bheith ainmnithe lena t(h)oghadh (an tAcht Rialtais Áitiúil, 2001 – Alt 2(4))
Próiseas Ainmniúcháin:
Is féidir le hiarrthóir é/í féin a ainmniú nó is féidir leis/léi, le toiliú an iarrthóra, a bheith ainmnithe ag moltóir. Caithfidh moltóir a bheith cláraithe mar thoghthóir rialtais áitiúil i dtoghcheantar áitiúil an údaráis áitiúil a mbeartaíonn sé nó sí an t-iarrthóir a ainmniú dó.
Is féidir le hiarrthóir ainm an pháirtí polaitíochta a chur san áireamh ina bpáipéar ainmniúcháin, atá cláraithe i gClár na bPáirtithe Polaitíochta, a bhfuil siad ina n-iarrthóir de, a fhad agus go soláthraítear deimhniú san fhoirm a shonraítear a dheimhníonn a n-iarrthóireacht ag an tráth sin a sholáthraítear an páipéar ainmniúcháin.
Caithfidh iarrthóir neamhpháirtí ag toghchán áitiúil (i.e. nach bhfuil deimhniú cleamhnais pholaitiúil aige/aici a dheimhníonn iarrthóireacht iarrthóra thar ceann páirtí polaitíochta atá cláraithe i gClár na bPáirtithe Polaitíochta), ceann amháin de na nósanna imeachta seo a leanas, ar a laghad, a chomhlíonadh sula n-éagann an tréimhse chun ainmniúcháin a fháil:
(i) dearbhuithe reachtúla a chomhlánú ag 15 aontóir atá cláraithe mar thoghthóirí áitiúla sa toghcheantar atá i gceist nach mór do Choimisinéir Mionnaí, Coimisinéir Síochána, Nótaire Poiblí, ball den Gharda Síochána nó oifigeach den údarás cláraithe bheith mar fhinné orthu,
nó
(ii) déanann an t-iarrthóir, nó duine thar a cheann nó thar a ceann, éarlais €100 a thaisceadh leis an gCeann Comhairimh
Caiteachas agus Tabhartais
Foráiltear san Acht um Thoghcháin Áitiúla (Síntiúis agus Caiteachais a Nochtadh), 1999 do chóras nochta caiteachais agus tabhartas ag toghcháin áitiúla. Baineann na treoirlínte seo leis na hoibleagáidí reachtúla d’iarrthóirí, gníomhairí náisiúnta, daoine ainmnithe agus daoine nach bhfuil ceangailte le páirtí polaitíochta ná iarrthóir (tríú páirtithe) ag na toghcháin áitiúla a bheidh ag teacht aníos agus eisítear iad de bhun alt 18(6) den Acht.
Reachtaíocht Toghcháin:
Cuimsítear an Dlí a bhaineann le Toghcháin Áitiúla sa mhéid seo a leanas:
- Rialacháin na dToghchán Áitiúil, 1995, arna leasú ag an Acht Toghcháin (Leasú), 1996
- An tAcht Toghcháin, 1997
- An tAcht Toghcháin (Leasú), 2001
- An tAcht Toghcháin (Leasú), 2002
- An tAcht Rialtais Áitiúil (Uimh. 2), 2003
- An tAcht Toghcháin (Leasú), 2006
- An tAcht Toghcháin (Leasú), 2009
- Rialacháin na dToghthóirí (Leasú), 2009 (I.R. 75 de 2009)
Go ginearálta, foráiltear sna hAchtanna seo chun tabhairt faoi Thoghcháin, ainmniúcháin, vótáil poist, vótáil speisialta, socruithe don Vóta, an vóta a ghlacadh, an nós imeachta agus na saoráidí do vótáil, vótaí a chomhaireamh, rialacha maidir le vótaí a chomhaireamh agus cionta toghcháin ina measc. Áirítear le forálacha eile ábhartha reachtúla:
- Rialacháin na Scéime Vótála Toghcháin, 2005 (Scéimeanna Vótála)
- An tAcht um Thoghcháin Áitiúla (Síntiúis agus Caiteachais a Nochtadh), 1999, arna leasú ag an Acht Toghcháin (Leasú), 2001, an tAcht Toghcháin (Leasú), 2002 agus an tAcht Toghcháin (Leasú), 2009.
- An tAcht um Thoghcháin Áitiúla (Achainíocha agus Dícháilíochtaí), 1974
- An tAcht Toghcháin, 1992 arna leasú ag an Acht Toghcháin (Leasú), 1996, an tAcht Toghcháin (Leasú), 1997, an tAcht Toghcháin (Leasú), 2001, an tAcht Toghcháin (Leasú), 2002,
an Acht Toghcháin (Leasú), 2006 agus an tAcht Toghcháin (Leasú), 2007. - Codanna III agus IV den Acht Rialtais Áitiúil, 2001
- An tAcht Rialtais Áitiúil (Uimh. 2), 2003
- An tAcht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil, 2014 - gnéithe leasaithe de Chodanna III agus IV den Acht Rialtais Áitiúil, 2001 agus déantar foráil ar leith in Alt 28 do thoghcháin áitiúla 2014.
- Na Rialacháin Toghcháin (Leasú), 2014 (I.R. Uimh. 35 de 2014) – sonraítear sna rialacháin seo na cáipéisí a d’fhéadfadh go mbeadh ar vótálaí a sholáthar ag stáisiún vótála agus mar aontóir le hainmniú iarrthóir neamhpháirtí don duine atá mar fhinné ar dhearbhú reachtúil (Ailt 3(a) agus (b)).
- tá an méid thuas go léir ar fáil ag: www.oireachtas.ie