Cosaint Dóiteáin Ghníomhach
Tá sé mar aidhm ag cosaint dóiteáin ghníomhach riosca a íoslaghdú agus sábháilteacht a chur chun cinn i gcás dóiteáin. Faigh tuilleadh eolais.
Is grúpa córas í cosaint dóiteáin ghníomhach ina dteastaíonn gníomh le go n-éireodh leo. Úsáidtear iad i gcás dóiteáin chun tine a stopadh nó a choinneáil faoi smacht. Freisin, is féidir leo an t-aláram a thabhairt leo agus daoine a threorú chuig sábháilteacht.
Is féidir cuid de na míreanna atá sa chóras sin a oibriú de láimh, amhail múchtóir dóiteáin. Is féidir cinn eile a bheith uathoibríoch freisin, cosúil le spréire uisce. Ar aon nós, teastaíonn méid áirithe gníomhaíochta chun go n-oibreoidís.
Go hidéalach, ba cheart bearta cosanta dóiteáin gníomhaí a bhreithniú le linn tógáil foirgnimh. Mar sin féin, má tá tú i do chónaí i bhfoirgneamh atá ann cheana féin, nó más thú an t-úinéir, is féidir leat na córais sin a chur i bhfeidhm tráth ar bith chun cosaint dóiteáin leordhóthanach a chinntiú. Seo treoir Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath chun cabhrú leat.
Soilsiú agus Comharthaíocht Éigeandála
Is é príomhfheidhm córais soilsithe éigeandála ná a chinntiú, i gcás dóiteáin nó teagmhais eile, go mbeidh áitritheoirí an fhoirgnimh in ann a mbealach amach a aimsiú go soiléir agus go héasca. Cinntítear leis sin go laghdaítear an baol díobhála agus beatha a chailliúint go mór.
A bhFuil Ráite sa Reachtaíocht
Tá dhá phíosa reachtaíochta ann lena rialaítear an gá atá le soilsiú éigeandála i bhfoirgnimh. Is iad:
- Na hAchtanna Seirbhísí Dóiteáin 1981-2003.
- Rialacháin Foirgníochta 1997 agus Rialacháin Foirgníochta (Leasú) 2017.
Sonraítear san Acht Seirbhísí Dóiteáin go mbeidh sé de dhualgas ar gach duine atá i gceannas ar áitreabh sábháilteacht daoine ar an áitreabh a chinntiú i gcás tine a lasadh, cibé acu ar tharla an tine sin nó nár tharla. Ciallaíonn sé sin go gcaithfidh úinéir nó áititheoir foirgnimh a chinntiú go bhfuil córais cosanta dóiteáin gníomhaí i bhfeidhm.
Sonraítear i gceanglais feidhmíochta na Rialachán Foirgníochta ábhartha go gcaithfear soilsiú leordhóthanach a sholáthar chun go bhféadfar bealaí éalaithe a úsáid go sábháilte.
Caighdeáin um Shoilsiú agus Comharthaíocht Éigeandála
Caithfidh soilsiú agus comharthaíocht éigeandála in Éirinn cloí le Caighdeán Éireannach C.É. 3217: 2013+A1:2017 “Soilsiú Éigeandála agus Leasú 1:2017”. Ba cheart d’úinéirí agus d’áititheoirí a chinntiú freisin go ndéanann duine inniúil dearadh, suiteáil agus coimisiúnú córais soilsithe éigeandála.
In Éirinn, níl aon cheanglais íosta cáilíochta ná oiliúna dhlíthiúla ann do dhaoine ar mian leo dul i mbun oibre mar dhearthóirí soilsithe éigeandála. Sin é an fáth a moltar go mbeadh an comhairleoir nó an chuideachta a cheapann tú creidiúnaithe ag comhlacht gairmiúil.
Soilsiú Éalaithe Éigeandála
Nuair a theipeann ar an soláthar cumhachta chuig an ngnáthshoilsiú i bhfoirgneamh áitithe, nó i gcodanna de, cuirfear soilsiú éalaithe éigeandála ar fáil chun na nithe seo a dhéanamh:
- A léiriú go soiléir agus go neamhdhébhríoch cá bhfuil na bealaí éalaithe.
- Soilsiú a chur ar fáil feadh na mbealaí éalaithe chun gluaiseacht shábháilte i dtreo agus trí na bealaí éalaithe éigeandála a chinntiú.
- A chinntiú gur féidir teacht go héasca ar na painéil aláraim dóiteáin, na glaophointí agus an trealamh comhraicthe dóiteáin atá ar fáil feadh na mbealaí éalaithe.
Soilsiú Bealaigh Éalaithe
I gcomhréir le C.É. 3217: 2013+A1: 2017, is gá na leibhéil soilsis seo a leanas a bhaint amach.
- Teastaíonn 1 lucsa ar a laghad feadh an bhanda láir le haghaidh bealaí éalaithe sainithe suas le 2 mhéadar ar leithead. Teastaíonn 0.5 lucsa le haghaidh leathleithead pasáiste.
- Ba cheart bealaí éalaithe leathana a áireamh mar shraith de phasáistí dhá mhéadar ar leithead (nó mar limistéir oscailte) agus iad á soilsiú le 0.5 lucsa trí chéile.
- Ba chóir go mbeadh soilsiú frithscaoill ar bhealaí éalaithe neamhshainithe nó i limistéir oscailte. Áirítear leis sin limistéir oscailte atá níos mó ná 60m2 nó limistéir níos lú a bhfuil guaiseacha breise iontu, amhail úsáid ag líon mór daoine.
Comharthaíocht Bealaigh Éalaithe
In Éirinn, tá comharthaí bealaigh éalaithe faoi réir ceanglais reachtúla agus ghinearálta.
Ba cheart go gcuirfí na nithe seo a leanas san áireamh i ndearadh agus i sonrú córais bealaigh éalaithe:
- Úsáid an fhoirgnimh.
- An reachtaíocht is infheidhme maidir leis an bhfoirgneamh.
- Riachtanais oibríochtúla bhainisteoir an fhoirgnimh.
- An straitéis aslonnaithe don fhoirgneamh.
- An méid cur amach atá ag an áititheoir ar an bhfoirgneamh.
Ní mór do chomharthaí bealaigh éalaithe cloí leis na ceanglais seo a leanas freisin:
- Caithfidh cruth dronuilleogach nó cearnach a bheith orthu.
- Ní mór picteagram bán a bheith orthu ar chúlra glas.
- Ní mór dóibh na caighdeáin atá leagtha amach in I.R. 299 de 2007 a chomhlíonadh.
- Ba chóir go mbeidís i gcomhréir lena chéile, agus níor cheart ach cineál amháin comhartha bealaigh éalaithe a úsáid ar fud foirgnimh.
- Ba chóir go mbeadh comharthaí Chineál 1 i gcomhréir le C.É. EN 1838: 2013 agus ISO 7010:2012+A7:2017.
- Ba chóir go mbeadh comharthaí Chineál 2 i gcomhréir le C.É. EN 1838: 1999 agus ISO 7010:2003+A2:2007.
I bhfoirgnimh nua nó i bhfoirgnimh a bhfuil athruithe nó síneadh suntasach á ndéanamh orthu, moltar comharthaí bealaigh éalaithe Chineál 1 a úsáid ar fud na háite. Ba cheart comharthaí ‘Amach’ neamhghrafacha a nuashonrú go comharthaí Chineál 1 i ngach cás freisin.
Comharthaíocht Bealaigh Éalaithe a Shuíomh
Is féidir comharthaí bealaigh éalaithe a shoilsiú go hinmheánach nó go seachtrach. Ba chóir iad a shuíomh ag na bealaí amach deiridh agus, i gcás inar gá, feadh na mbealaí éalaithe chun an treo chuig an gcéad bhealach éalaithe, limistéar slán nó pointe tionóil eile a léiriú.
I gcás nach féidir radharc díreach a fháil ar an mbealach amach deiridh, ní mór sraith comharthaí bealaigh éalaithe a chur feadh an bhealaigh éalaithe chun cabhrú le dul chun cinn i dtreo an bhealaigh amach deiridh.
Agus comharthaí bealaigh éalaithe á suíomh, ba cheart na prionsabail seo a leanas a chur i bhfeidhm:
- Ba chóir go mbeadh bealach éalaithe nó doras amháin ar a laghad a théann chuig bealach éalaithe le feiceáil ó aon phointe laistigh den seomra nó den chlós. I gcás nach bhfuil an bealach sin feiceálach nó i gcás ina bhféadfadh mearbhall tarlú, déanfar an bealach a léiriú le soilsiú éigeandála.
- I gcás ina bhfuil bacadh ar radharc díreach a fháil ar an mbealach éalaithe nó ar an gcomhartha bealaigh éalaithe, cuirfear comhartha bealaigh éalaithe idirmheánach amháin nó níos mó ar fáil.
- Beidh tosaíocht ag comharthaí bealaigh éalaithe thar gach comhartha eile.
- Ní mór gach athrú treorach i bpasáistí, i staighrí agus i spásanna oscailte atá mar chuid de bhealach éalaithe a mharcáil le comharthaí bealaigh éalaithe idirmheánacha. Ba chóir go mbeadh comharthaíocht chomhchosúil ar gach doras nó acomhal idirmheánach.
- Ní mór comharthaí bealaigh éalaithe breise a chur ar fáil i gcás ina sáraíonn an líne amhairc chuig an gcéad chomhartha eile an t-achar féachana uasta atá molta.
- Ní mór comharthaí bealaigh éalaithe a chur ar fáil i gcás ina bhféadfadh mearbhall tarlú murach sin.
- Ní mór comhartha bealaigh éalaithe a chur ar fáil in aice le gach bealach amach deiridh. Más rud é go bhfuil guaiseacha sa dorchadas sa limistéar díreach lasmuigh den bhealach amach deiridh, ba cheart a chinneadh le measúnacht riosca an bhfuil gá le comharthaí bealaigh éalaithe breise go dtí go mbeifear in ann áit shábháilte a bhaint amach.
- Níor cheart comharthaí bealaigh éalaithe a dhaingniú ar dhoirse ná a chur in áiteanna a bhféadfadh doirse oscailte iad a cheilt.
- I gcás, de bharr cúrsaí tráchtála nó ealaíonta, go dteastaíonn comharthaí nó rudaí a bhféadfaí a mheascadh suas le comhartha bealaigh éalaithe, nó a gcuirfí cosc ar chomhartha bealaigh éalaithe a aithint, féadfar an comhartha bealaigh éalaithe a dhíláithriú beagán ar choinníoll nach gcuirtear sábháilteacht i mbaol. Seachas sin ba chóir an comhartha nó an rud atá ina chúis mhearbhaill a bhaint.
- Ní mór gan drochthionchar a bheith á imirt ar éifeachtacht comhartha éigeandála de bharr rudaí eile a bheith ann, lena n-áirítear comharthaí a bhfuil faisnéis treo orthu i bhformáid chomhchosúil, comharthaí atá soilsithe go hinmheánach nó foinsí solais a chuirfeadh isteach ar aird daoine.
Soilsiú agus Comharthaíocht Éigeandála a Thástáil agus a Sheirbhísiú
Seo a leanas na ceanglais tástála agus seirbhísithe atá leagtha amach in C.É. 3217: 2013+A1: 2017 le haghaidh córais soilsithe éigeandála. Moltar go ndéanfadh duine inniúil atá creidiúnaithe ag comhlacht gairmiúil an tasc sin.
Cigireachtaí Laethúla
- Seiceáil an logleabhar chun a dheimhniú go bhfuil deisiúcháin roimhe seo críochnaithe.
- Seiceáil na táscairí ar chórais cheallra lárnacha.
- Seiceáil na táscairí ar chórais tástála uathoibríocha.
- Déan taifead ar aon easnaimh i do logleabhar soilsithe éigeandála.
Cigireachtaí Seachtainiúla
Ba chóir na seiceálacha seo a leanas a dhéanamh ar 25% ar a laghad de do chóras soilsithe agus comharthaíochta éigeandála. Thar thréimhse ceithre seachtaine, ba cheart an córas ar fad a thástáil.
- Déan seiceáil amhairc ar gach lampa sa chóras cothabháilte/leanúnach.
- Seiceáil an stádas LED ar chórais féintástála ghlanscartha nó aonair.
- Cinntigh go n-athsholáthraítear lampaí.
Cigireachtaí agus Tuairiscí Ráithiúla
Ba cheart na cigireachtaí sin a dhéanamh ar chórais aonair ceithre huaire sa bhliain. Go hidéalach, ba cheart na seiceálacha a dhéanamh gach trí mhí, 30 lá faoi nó thairis.
- Ionsamhlaigh cliseadh cumhachta; ba chóir go mairfeadh cliseadh cumhachta 30 nóiméad i gcás córais trí uair an chloig.
- Deimhnigh go bhfuil na lampaí ag soilsiú ag deireadh na tréimhse tástála sin.
- Déan seiceálacha breise do chórais cheallra lárnacha agus do chórais tástála uathoibríocha mar atá molta ag an monaróir nó sna caighdeáin.
- Tuarascáil a eisiúint.
Nuair a bheidh an chigireacht agus an tástáil ráithiúil críochnaithe, ba cheart don duine atá ag déanamh na seirbhíse tuarascáil a eisiúint le haghaidh cigireachta, tástála agus seirbhísiú. Coinnigh é sin i do logleabhar soilsithe éigeandála.
Tuarascáil agus Deimhniú Bliantúil
Ní eiseofar deimhnithe bliantúla ach amháin mura bhfaightear aon lochtanna. Ní mór do do chóras a bheith 100% i gcomhréir leis na ceanglais atá leagtha amach in Iarscríbhinn D de C.É. 3217: 2013 +A1: 2017.
Tá seicliosta de na príomhchodanna nach mór a thástáil in Iarscríbhinn D. Mar sin féin, ní chiallaíonn sé go bhfuil do chóras soilsithe éigeandála i gcomhréir iomlán leis an gcaighdeán má éiríonn leis sna seiceálacha sin.
Mura gcomhlíonann do chóras ceann de na ceanglais atá leagtha amach in Iarscríbhinn D, gheobhaidh tú tuarascáil bhliantúil, seachas deimhniú.
Córais Braite agus Aláraim Dóiteáin
Is é príomhfheidhm córais braite agus aláraim dóiteáin ná rabhadh luath a thabhairt faoi thine i bhfoirgneamh nó in áitreabh chun sábháilteacht na n-áititheoirí a chinntiú trí iad a chur ar an airdeall faoi chontúirt dóiteáin agus ar an gcaoi sin an t-am atá ar fáil chun éalú chun sábháilteachta a mhéadú.
Tá sé riachtanach córas braite agus aláraim dóiteáin lánfheidhmiúil a bheith i d’fhoirgneamh. Tá sé ríthábhachtach freisin go gcinnteoidh tú go ndéantar an córas a thástáil, a sheirbhísiú agus a chothabháil go rialta.
A bhFuil Ráite sa Reachtaíocht
Tá dhá phíosa reachtaíochta ann lena rialaítear an gá atá le córas braite agus aláraim dóiteáin a bheith i bhfoirgnimh in Éirinn. Is iad:
- Na hAchtanna Seirbhísí Dóiteáin 1981-2003.
- Na Rialacháin um Rialú Foirgníochta, 1997-2017.
Ceanglaítear le Rialacháin Foirgníochta go mbeidh brathadóirí deataigh nó teasa idirnasctha atá faoi chumhacht phríomhlíonra a bhfuil cúltaca ceallra acu feistithe i ngach áit chónaithe nua, lena n-áirítear tithe teaghlaigh aonair, árasáin ghlanscartha agus teaghasáin.
I gcás siopaí, oifigí, spásanna tionsclaíocha, áiteanna tionóil, áiseanna stórála agus foirgnimh thráchtála chomhchosúla eile, sonraítear san Acht Seirbhísí Dóiteáin go bhfuil dualgas ar an úinéir nó ar an áititheoir sábháilteacht daoine ar an áitreabh a chinntiú i gcás dóiteáin - cibé acu ar tharla an dóiteán sin nó nár tharla.
Sonraítear i gceanglais Chuid B de na Rialacháin Foirgníochta go gcaithfear córas aláraim dóiteáin a sholáthar chun áitritheoirí a chur ar an airdeall faoi thine.
Caighdeáin le hAghaidh Córais Braite agus Aláraim Dóiteáin
Ba cheart go mbeadh na córais sin i gcomhréir le Caighdeán Éireannach C.É. 3218 freisin: 2013 “Córas braite agus aláraim dóiteáin d’fhoirgnimh – dearadh córais, suiteálacha, coimisiúnú, seirbhísiú agus cothabháil”.
Clúdaítear leis an gcaighdeán sin idir chórais tí le haghaidh leithéidí tithe agus árasán agus chórais tráchtála le haghaidh leithéidí siopaí, oifigí, láithreáin tionsclaíoch agus áiteanna tionóil.
Córais Tí vs. Córais Tráchtála
De ghnáth is éard atá i gcóras tí ná brathadóirí idirnasctha atá faoi chumhacht phríomhlíonra a bhfuil cúltaca ceallra aige. Oibríonn siad go neamhspleách ar aon phainéal rialaithe, ach tá siad idirnasctha. Mar sin, má dhúisítear aláram amháin, dúiseofar iad ar fad.
Ar an taobh eile de, bíonn painéal rialaithe ag córas tráchtála a oibríonn na brathadóirí agus na fuaimnitheoirí go léir atá suiteáilte agus a dhéanann monatóireacht orthu. Tagann ceallra cúltaca leis chun oibriú a chinntiú i gcás cliseadh cumhachta.
Aláraim Dheataigh vs. Aláraim Theasa
Braitear deatach le haláraim dheataigh, agus ba chóir iad a fheistiú i seomra inar féidir le tine tosú. Mar sin féin, i seomraí ina mbíonn deatach nó gal, amhail cistineacha agus seomraí folctha, is oiriúnaí brathadóir teasa.
Gníomhachtaítear brathadóirí teasa nuair a shroicheann seomra teocht áirithe. Is féidir aláraim dheataigh agus theasa le haghaidh úsáidí tí a cheannach ó shiopaí DFÉ nó ar líne.
Córais Aláraim do Theaghaisí Cónaithe
Is í suiteáil Chatagóir LD2 an leibhéal íosta cosanta do thithe cónaithe suas le trí stór nó d’aon árasán nó teaghasán aonair.
Le haghaidh shuiteáil Chatagóir LD2, teastóidh braiteoirí idirnasctha glanscartha faoi chumhacht phríomhlíonra/tacaithe le ceallra atá suite sna háiteanna seo a leanas:
- Gach limistéar cúrsaíochta atá mar chuid de bhealach éalaithe laistigh den áit chónaithe.
- Gach limistéar nó seomra ardriosca, amhail cistineacha, seomraí teaghlaigh agus garáistí.
- Gach seomra leapa.
Is í suiteáil Chatagóir LD1 an leibhéal íosta cosanta do theaghaisí atá níos airde ná trí stór, nó i gcás ina bhfuil gá léi mar gheall ar an riosca dóiteáin.
Le haghaidh shuiteáil Chatagóir LD1, teastóidh braiteoirí idirnasctha glanscartha faoi chumhacht phríomhlíonra/tacaithe le ceallra atá suite sna háiteanna seo a leanas:
- Ar fud na háite cónaithe, lena n-áirítear gach limistéar cúrsaíochta atá mar chuid de bhealach éalaithe.
- Gach seomra agus limistéar, lena n-áirítear áiléir agus lochtaí, ina bhféadfadh tine tosú seachas leithris, seomraí folctha agus seomraí cithfholctha.
Mura bhfuil tú cinnte faoin leibhéal cosanta atá ag teastáil ó do réadmhaoin, ba cheart duit dul i gcomhairle le comhairleoir sábháilteachta ó dhóiteán a fhéadfaidh comhairle a chur ort dá réir.
Ba cheart go gcuirfí na nithe seo a leanas san áireamh agus córas braite dóiteáin agus aláraim á dhearadh:
- Méid agus cineál an áitribh.
- An cineál áititheoirí atá ag úsáid an fhoirgnimh.
- An cineál ábhar atá stóráilte san áitreabh.
- Na gníomhaíochtaí a bhíonn ar siúl san áitreabh.
- Leagan amach an áitribh.
- Feidhm an áitribh.
Áiteanna Cónaithe Atá Ann Cheana Féin
I gcás áitribh atá ann cheana féin, moltar go mbeadh suíomh na mbrathadóirí i gcomhréir le C.É. 3218: 2013 mar atá leagtha amach thuas le haghaidh shuiteáil Chatagóir LD1 nó LD2. Mar sin féin, ar a laghad, ba cheart aláram deataigh faoi chumhacht cheallra a shuiteáil sa halla agus sa léibheann más infheidhme.
Córais Aláraim Baile a Thástáil
Tá cnaipe tástála ar fhormhór na n-aláram deataigh agus teasa do theaghaisí cónaithe. Moltar na haláraim a thástáil gach seachtain. Ba chóir aláraim nach bhfuil ag obair a athrú láithreach.
Nuair a bhíonn na cadhnraí ag éirí ídithe, cloisfear bíp ó aláraim ó am go chéile. Sa chás sin, ba chóir na cadhnraí a athsholáthar láithreach. Níor cheart cadhnraí a bhaint as aláraim dheataigh choíche mura bhfuil siad á n-athsholáthar láithreach.
Córais Aláraim do Spásanna Tráchtála
Tá go leor cúinsí le breithniú agus córas braite agus aláraim dóiteáin á shonrú d’áitreabh tráchtála. Tá achoimre ghearr ar an gcineál córas atá sonraithe in C.É. 3218: 2013 le feiceáil thíos. Mar sin féin, mar gheall ar líon na gcúinsí atá le cur san áireamh, ba cheart duit dul i dteagmháil le comhairleoir sábháilteachta ó dhóiteán a fhéadfaidh comhairle a chur ort dá réir maidir leis an gcineál córais atá ag teastáil do d’fhoirgneamh.
- Catagóir M: Córas aláraim láimhe comhdhéanta de ghlaophointí láimhe agus gléasanna aláraim ar fud gach limistéir den áitreabh agus nach bhfuil aon fhoroinnt bhreise ann.
- Catagóir L: Córas a bhfuil brath uathoibríoch aige atá beartaithe chun beatha agus maoin a chosaint. Beidh córas de chatagóir M i gcónaí i gcórais den sórt sin.
Tá córais Chatagóir L foroinnte mar seo a leanas:
- Catagóir L4: Córas atá suiteáilte chun bealaí éalaithe a chosaint amháin, i gcás ina bhfuil bealaí éalaithe malartacha atá cosanta ó thaobh struchtúir de ar fáil agus i gcás ina bhfuil na háitritheoirí ina ndúiseacht, airdeallach agus oilte.
- Catagóir L3: Córas atá suiteáilte chun bealaí éalaithe agus na limistéir lena dtaobh a chosaint.
- Catagóir L2: Córas de chatagóir L3 nó L4 ar fud an áitribh a gcuirtear cosaint bhreise leis i limistéir ardriosca. Ní mór córais den sórt sin a ainmniú mar chóras de chatagóir L2/L3 nó L2/L4.
- Catagóir L1: Córas ina bhfuil brath, glaophointí láimhe agus gléasanna aláraim suiteáilte ar fud an áitribh faoi chosaint.
Ba chóir do dhuine inniúil dearadh, suiteálacha agus coimisiúnú córais aláraim agus braite dóiteáin a dhéanamh. In Éirinn, níl aon cheanglais dhlíthiúla íosta cháilíochta ná oiliúna ann do dhearthóirí aláraim dóiteáin. Sin an fáth a molaimid duit oibriú le comhairleoir nó le cuideachta atá creidiúnaithe ag comhlacht gairmiúil.
Córais Aláraim Tráchtála a Thástáil agus a Sheirbhísiú
Ba chóir do dhuine inniúil atá creidiúnaithe ag comhlacht gairmiúil an tástáil agus seirbhísiú a dhéanamh ar do chóras braite agus aláraim dóiteáin. Seo iad na ceanglais tástála agus seirbhísithe mar atá leagtha amach in C.É. 3218: 2013:
- Ní mór don úsáideoir an painéal aláraim dóiteáin a iniúchadh go laethúil lena chinntiú nach bhfuil aon lochtanna le feiceáil.
- Ba chóir don úsáideoir gléas amháin ar a laghad a thástáil gach seachtain. Ba chóir crios difriúil a thástáil gach seachtain agus gan níos mó ná 13 seachtaine idir criosanna.
- Ba chóir go ndéanfadh duine inniúil tástáil agus seirbhísiú go ráithiúil. Ba cheart an córas iomlán a thástáil go bliantúil i mbloic de 25% gach ráithe.
- Ba chóir na leibhéil fuaime a sheiceáil go bliantúil.
- Ba chóir gach teagmhas a logáil agus céimeanna a ghlacadh chun aon fhadhbanna a réiteach.
- Beidh seirbhísiú breise ag teastáil i ndiaidh teagmhais, amhail dóiteán nó gníomhachtú aláraim.
- Ba chóir don úsáideoir deimhnithe tástála agus seirbhísithe a fháil i ndiaidh cigireachtaí ráithiúla, cigireachtaí bliantúla agus seirbhísiú i ndiaidh dóiteáin nó gníomhachtú aláraim.
- Ba chóir deimhniú a bheith ar taispeáint in aice leis an bpainéal rialaithe ar a bhfuil dáta na seirbhíse deireanaí agus na chéad seirbhíse eile.
Ba chóir faisnéis tástála agus seirbhísithe a thaifeadadh i do Chlár Sábháilteachta ó Dhóiteán.
Múchtóirí Dóiteáin
Is gléas cosanta dóiteáin gníomhaí é múchtóir dóiteáin a úsáidtear chun tinte beaga a mhúchadh nó a rialú. Níl sé beartaithe lena úsáid ar thine atá as smacht, amhail ceann atá tar éis an tsíleáil a shroicheadh, ceann a chuireann an t-úsáideoir i mbaol nó ceann a dteastaíonn saineolas na briogáide dóiteáin uaithi ar shlí eile.
A bhFuil Ráite sa Reachtaíocht
Níl múchtóirí dóiteáin faoi réir fhorálacha na rialachán foirgníochta, ach tá siad riachtanach nuair a bhíonn an foirgneamh in úsáid chun críoch an Achta Seirbhísí Dóiteáin agus an Achta um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair, 2005.
Ba chóir múchtóirí dóiteáin a shuiteáil, a sheirbhísiú agus a chothabháil i gcomhréir le Caighdeán Éireannach C.É. 291: 2015 “Roghnú, coimisiúnú, suiteáil, cigireacht agus cothabháil múchtóirí iniompartha”.
Múchtóirí Dóiteáin a Roghnú
Bíonn roghnú múchtóirí dóiteáin bunaithe ar mheasúnú riosca ón soláthraí agus ar an aicmiú dóiteáin a bhfuiltear ag súil leis san fhoirgneamh. Moltar go mbeadh an chuideachta nó an comhairleoir atá ceaptha chun múchtóirí dóiteáin a roghnú, a choimisiúnú, a shuiteáil, a iniúchadh agus a chothabháil creidiúnaithe ag comhlacht gairmiúil.
Tá sé aicme dóiteáin ann:
- Dóiteáin Aicme A lena mbaineann ábhair indóite a bhfuil solaid inlasta mar chúis leis, amhail adhmad, páipéar agus fabraic.
- Dóiteáin Aicme B lena mbaineann leachtanna inlasta, amhail peitreal, tuirpintín nó péint.
- Dóiteáin Aicme C lena mbaineann gáis inlasta, amhail hidrigin, bútán nó meatán.
- Dóiteáin Aicme D lena mbaineann miotail indóite, amhail maignéisiam, alúmanam nó potaisiam.
- Dóiteáin Aicme E lena mbaineann trealamh leictreach nó leictreachas.
- Dóiteáin Aicme F lena mbaineann ola chócaireachta, amhail tinte panna sceallóg.
Bíonn múchtóirí dóiteáin éagsúla oiriúnach lena n-úsáid ar aicmí éagsúla dóiteáin. Mar sin, beidh na múchtóirí a roghnófar do d’fhoirgneamh ag brath ar an gcineál ábhar atá i láthair ann agus ar na rioscaí sonracha dóiteáin atá roimh d’fhoirgneamh.
Múchtóirí Uisce
Is iad múchtóirí uisce an cineál múchtóirí dóiteáin is coitianta le haghaidh rioscaí dhóiteáin Aicme A. Beidh múchtóirí uisce nó cúir ag teastáil i bhformhór na n-áitreabh.
Bíonn lipéad geal dearg ar mhúchtóirí uisce, agus oibríonn siad toisc go mbíonn éifeacht fuaraithe ag uisce ar an mbreosla, rud a fhágann go ndóitear i bhfad níos moille é go dtí go múchtar na lasracha sa deireadh.
Is féidir múchtóirí uisce a úsáid le haghaidh ábhair orgánacha amhail:
- Páipéar agus cairtchlár.
- Fabraicí agus teicstílí.
- Adhmad agus gual.
Níor cheart iad a úsáid sna cásanna seo:
- Dóiteáin lena mbaineann trealamh leictreach.
- Dóiteáin chistine.
- Gás agus leachtanna inlasta.
D’fhéadfadh go mbeadh múchtóirí uisce ag teastáil i gcás foirgnimh atá tógtha as adhmad nó ábhair orgánacha eile, agus d’fhéadfaí go n-áireofaí leis sin:
- Oifigí.
- Scoileanna.
- Ospidéil.
- Réadmhaoine cónaithe.
- Trádstórais.
Ba chóir múchtóirí uisce a bheith suite ag na bealaí amach ar urlár inar aithníodh riosca dhóiteáin Aicme A.
Múchtóirí Cúir
Is iad múchtóirí cúir an cineál múchtóra dóiteáin is coitianta le haghaidh dhóiteáin Aicme B, ach oibríonn siad ar dhóiteáin Aicme A freisin toisc go bhfuil siad uiscebhunaithe.
Bíonn lipéad ar dhath an uachtair ar mhúchtóirí cúir. Cosúil le múchtóirí uisce, bíonn éifeacht fuaraithe ag múchtóirí cúir ar bhreosla tine. Ar leachtanna atá trí thine, cruthaítear bacainn leis an oibreán cúrtha idir an lasair agus an breosla, agus múchtar an tine.
Is féidir múchtóirí cúir a úsáid le haghaidh ábhair orgánacha amhail:
- Páipéar agus cairtchlár.
- Fabraicí agus teicstílí.
- Adhmad agus gual.
- Leachtanna inlasta, cosúil le péint agus peitreal.
Níor cheart iad a úsáid sna cásanna seo:
- Dóiteáin chistine.
- Dóiteáin lena mbaineann trealamh leictreach.
- Miotail inlasta.
D’fhéadfadh go mbeadh múchtóirí cúir ag teastáil i gcás foirgnimh atá tógtha as adhmad nó ábhair orgánacha eile, agus d’fhéadfaí go n-áireofaí leis sin:
- Oifigí.
- Scoileanna.
- Ospidéil.
- Réadmhaoine cónaithe.
- Trádstórais.
- Foirgnimh ina stóráiltear leachtanna inlasta.
Ba chóir múchtóirí cúir a bheith suite ag na bealaí amach ar urlár inar aithníodh riosca dhóiteáin Aicme A nó Aicme B.
Múchtóirí Púdair Thirim
Tugtar múchtóirí ‘ABC’ ar mhúchtóirí púdair thirim caighdeánacha freisin toisc go dtéitear i ngleic le dóiteáin Aicme A, B agus C leo. Mar sin féin, ní mholtar iad a úsáid i spásanna faoi dhíon. Tá sé sin amhlaidh toisc gur féidir an púdar a ionanálú go héasca agus go bhfuil sé an-deacair an t-iarmhar a ghlanadh ina dhiaidh sin.
Is féidir múchtóirí púdair ABC a úsáid ar roinnt tinte leictreacha freisin. Úsáidtear múchtóirí púdair thirim speisialaithe le haghaidh miotail inlasta freisin.
Bíonn lipéad gorm ar mhúchtóirí púdair thirim, agus oibríonn siad trí bhacainn a chruthú idir an fhoinse bhreosla agus an fhoinse ocsaigine chun tine a mhúchadh.
Is féidir múchtóirí púdair thirim a úsáid le haghaidh ábhair amhail:
- Páipéar agus cairtchlár.
- Fabraicí agus teicstílí.
- Adhmad agus gual.
- Leachtanna inlasta, cosúil le péint agus peitreal.
- Gáis inlasta, cosúil le gás peitriliam leachtach (GPL) agus aicéitiléin.
- Dóiteáin lena mbaineann trealamh leictreach suas le 1000v.
Níor cheart iad a úsáid sna cásanna seo:
- Dóiteáin lena mbaineann ola chócaireachta.
- Dóiteáin lena mbaineann trealamh leictreach thar 1000v.
- Dóiteáin i spásanna faoi dhíon, amhail oifigí nó réadmhaoine cónaithe.
I measc na gcineálacha áitribh a bhféadfadh múchtóirí púdair thirim a bheith ag teastáil tá:
- Gnólachtaí a úsáideann gáis inlasta le haghaidh próisis cheimiceacha.
- Áitribh ina ndéantar táthú agus gearradh le lasair.
- Réamhchúirteanna garáiste.
- Gléasraí dáilte gáis peitriliam leachtaigh (GPL).
- Áitribh a bhfuil seomraí coire tráchtála móra acu.
Ba chóir múchtóirí púdair thirim a bheith suite gar d’fhoinse an riosca dóiteáin.
Múchtóirí Dé-ocsaíde Carbóin (CO2)
Úsáidtear múchtóirí CO2 den chuid is mó le haghaidh rioscaí dóiteáin leictrigh, agus is iad an príomhchineál múchtóra dóiteáin a chuirtear ar fáil i seomraí freastalaithe ríomhaireachta, de ghnáth. Múchtar freisin dóiteáin Aicme B leo lena mbaineann leachtanna inlasta, amhail péint agus peitriliam.
Bíonn lipéad dubh ar mhúchtóirí CO2, agus oibríonn siad tríd an ocsaigin a theastaíonn ó thine chun dó a dhíláithriú.
Is féidir múchtóirí CO2 úsáid do na nithe seo:
- Leachtanna inlasta, cosúil le péint agus peitreal.
- Tinte leictreacha.
Níor cheart iad a úsáid sna cásanna seo:
- Tinte cistine – go háirithe tinte panna sceallóg.
- Ábhair indóite cosúil le páipéar, adhmad nó teicstílí.
- Miotail inlasta.
D’fhéadfadh sé go mbeadh múchtóirí CO2 ag teastáil i gcás áitribh ina bhfuil trealamh leictreach, agus d’fhéadfaí go n-áireofaí leo:
- Oifigí.
- Cistineacha.
- Láithreáin tógála.
- Seomraí freastalaithe.
Ba chóir múchtóirí CO2 a bheith suite gar d’fhoinse an riosca dóiteáin agus/nó in aice le bealaí éalaithe dóiteáin. Ba chóir go mbeadh múchtóir beag CO2 2kg i ngach feithicil oibre freisin.
Múchtóirí Ceimiceáin Fhliuch
Bíonn múchtóirí ceimiceáin fhliuch beartaithe le húsáid ar dhóiteáin Aicme F lena mbaineann olaí agus saillte cócaireachta. Is féidir iad a úsáid ar dhóiteáin Aicme A freisin, ach is minice a úsáidtear múchtóirí uisce nó cúir don chineál sin riosca dóiteáin.
Bíonn lipéad buí ar mhúchtóirí ceimiceáin fhliuch, agus oibríonn siad trí shraith chúir a chruthú ar dhromchla ola nó saille atá ag dó. Cuireann cosc leis sin ar ocsaigin an tine a chothú a thuilleadh. Bíonn éifeacht fuaraithe ag an sprae freisin.
Is féidir múchtóirí ceimiceáin fhliuch a úsáid le haghaidh ábhair amhail:
- Ola nó saill chócaireachta.
- Páipéar agus cairtchlár.
- Fabraicí agus teicstílí.
- Adhmad agus gual.
Níor cheart iad a úsáid sna cásanna seo:
- Dóiteáin leachta nó gháis inlasta.
- Tinte leictreacha.
- Miotail inlasta.
I measc na n-áitreabh a bhféadfadh múchtóirí ceimiceáin fhliuch a bheith ag teastáil uathu tá:
- Cistineacha tráchtála.
- Ceaintíní.
Ba chóir múchtóirí ceimiceáin fhliuch a bheith suite gar d’fhoinse an riosca dóiteáin.
Córais Spréite Uisce
Is féidir le spréirí – nó córais sochta dóiteáin uisce uathoibríocha (CSDUU) – beatha, áiteanna cónaithe agus gnólachtaí a shábháil. Cuirtear cosaint ar fáil leo ó dhamáiste dóiteáin agus, níos tábhachtaí fós, tugtar seans níos fearr, dá mbarr, do dhaoine aslonnú go sábháilte má tharlaíonn tine. Trí dhamáiste agus déine dóiteáin a laghdú, is féidir leo airgead a shábháil freisin.
Gníomhachtaítear spréirí le teas. Nuair a shroicheann an teocht i seomra ina bhfuil spréirí 60-70 céim de bharr dóiteáin, tosóidh an spréire ag spraeáil uisce trasna an tseomra chun an dóiteán a mhúchadh.
Cuirtear na spréirí i ngníomh ceann ar cheann sna háiteanna ina dtarlaíonn an t-ardú teochta. Ní ghníomhachtaítear iad go léir le chéile ar fud an fhoirgnimh mar a tharlaíonn sna scannáin.
Foirgnimh ina bhFéadfaí Tairbhe a Bhaint as Spréirí
Is féidir leis na cineálacha áitribh agus gnólachtaí seo a leanas tairbhe a bhaint as suiteálacha spréire:
- Tithe cúraim agus áiteanna eile ina gcónaíonn daoine a bhfuil fadhbanna soghluaisteachta acu.
- Ospidéil.
- Réadmhaoine cónaithe, lena n-áirítear árasáin agus lóistín do mhic léinn.
- Tithíocht speisialaithe.
- Óstáin, Tithe Leaba is Bricfeasta agus brúnna.
- Scoileanna.
- Struchtúir fodhromchla chasta agus dhoimhne, amhail íoslaigh.
- Trádstórais mhóra.
- Foirgnimh oidhreachta.
Scoileanna agus Foirgnimh Oidhreachta
Is féidir le spréirí beatha a shábháil, ach tá buntáistí eile acu freisin. Tá scoileanna agus foirgnimh oidhreachta i measc na gcineálacha réadmhaoine ar féidir leo tairbhe shuntasach a bhaint as spréirí a shuiteáil. Trí thionchar dóiteán a laghdú, is féidir cosc a chur ar chailliúint foirgneamh pobal luachmhar agus suíomh stairiúil le córais spréite uisce.
Gnólachtaí
Is féidir le trádstórais, údaráis áitiúla, óstáin, agus foirgnimh oidhreachta ar fad tairbhe a bhaint as spréirí a fheistiú ina réadmhaoine. Le spréirí is féidir go dtabharfaí am do bhaill foirne agus do chustaiméirí éalú má tharlaíonn tine. Cuidítear freisin leis na réadmhaoine féin a chosaint dá mbarr, rud lena n-íoslaghdaítear damáiste dóiteáin agus lena gcothaítear sláine struchtúrach.
Is féidir le gnólachtaí tairbhe a bhaint as leanúnachas oibríochtúil agus an t-am neamhghníomhach tar éis dóiteáin a íoslaghdú.
Foirgnimh Nua agus Athchóirithe
Is fiú a thabhairt faoi deara freisin go gceadaítear solúbthacht dearaidh níos mó uaireanta le córais spréite uisce. Trí spréirí a ionchorprú ina bpleananna dearaidh, d’fhéadfadh ailtirí na nithe seo a leanas a bhaint amach:
- Méideanna urrann níos mó.
- Riachtanais laghdaithe maidir le cosaint dóiteáin struchtúrtha.
- Faid taistil mhéadaithe.
- Laghdú ar líon na seaftaí comhraicthe dóiteáin.
A bhFuil Ráite sa Reachtaíocht
In Éirinn, i gcomhréir le Doiciméad Treorach Teicniúla B, tá sé éigeantach spréirí a shuiteáil sna cineálacha foirgnimh seo a leanas má tá siad os cionn 30 méadar ar airde:
- Siopaí.
- Oifigí.
- Áiteanna tionóil agus caithimh aimsire.
- Foirgnimh thionsclaíocha.
- Carrchlóis.
- Foirgnimh stórála agus neamhchónaithe eile.
- Ionaid siopadóireachta.
Caighdeáin do Chórais Spréite Uisce
Caighdeán na Breataine BS 9991: 2015 “Fire safety in the design, management and use of residential buildings – Code of practice” go mbeadh córas spréite feistithe i ngach foirgneamh cónaithe a bhfuil urlár níos airde ná 30 méadar os cionn na talún aige.
Tá molta ann freisin go mbeadh córas sochta dóiteáin uisce uathoibríoch feistithe i bhfoirgnimh ina bhfuil áitritheoirí nach bhfuil in ann aslonnú go neamhspleách sna hárasáin agus sna limistéir choiteanna a úsáideann na háitritheoirí sin. Mar sin féin, ní áirítear leis sin pasáistí agus staighrí coitianta.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi chórais spréite uisce le haghaidh áitribh thí, chónaithe agus thráchtála in:
- BS9251: 2014 “Fire Sprinkler Systems for Domestic and Residential Occupancies. Code of Practice”.
- CÉ EN 12845: 2015 “Córais Comhraicthe Dóiteáin Shocraithe – Córais Spréite Uathoibríocha – Dearadh, Suiteáil agus Cothabháil”.
Córais Ceo Uisce
Is le haghaidh feidhmeanna mara agus aerárthaigh a beartaíodh córais ceo uisce ar dtús. Le déanaí, tá siad á gcur chun cinn níos mó mar mhalairt ar chórais spréite thraidisiúnta.
Is córas cosanta dóiteáin socraithe é ceo uisce lena scaoiltear sprae mín de bhraoiníní beaga uisce nó ceo. Sa chóras sin, tiomáintear uisce trí shoc atá deartha go speisialta, agus bristear an t-uisce suas ina mhicreabhraoiníní lena dtáirgtear ceo.
I gcás dóiteáin, baintear teas trí bhíthin na mbraoiníní uisce, agus díláithrítear ocsaigin as an limistéar atá buailte. Mar thoradh air sin, déantar an tine a shochtadh nó a mhúchadh. Íslítear an teocht de bharr an cheo, laghdaítear an teas radaithe agus laghdaítear an tiúchan ocsaigine a mhéid nach féidir an dóchán a choinneáil ar siúl a thuilleadh.
A bhFuil Ráite sa Reachtaíocht
Is é Doiciméad Treorach Teicniúla B an príomhdhoiciméad treorach sábháilteachta ó dhóiteán in Éirinn. Sonraítear sa doiciméid sin “i gcás ina ndéantar oibreacha de réir na treorach sa doiciméad seo, léireofar leis sin go bhfuiltear ag comhlíonadh Chuid B den Dara Sceideal de na Rialacháin Foirgníochta”. Ní córais ceo uisce luaite sa cháipéis sin.
Mar sin féin, tá tagairtí i ndoiciméid treorach sábháilteachta ó dhóiteán eile do chórais ceo uisce, lena n-áirítear BS 9999 “Fire Safety in the design, management and use of buildings – code of practice” agus BS 9991 “Fire safety in the design, management and use of residential buildings – code of practice”.
Agus cineál córais á bhreithniú, tá sé tábhachtach roinnt cúinsí a dheimhniú amhail:
- Cineál foirgnimh.
- Áitíocht an fhoirgnimh.
- Airde an fhoirgnimh.
- Méid na n-urrann.
- Toirt an fhoirgnimh.
Tá sé tábhachtach go gcinnfeadh an dearthóir, ag céim luath, cén chatagóir chórais atá ag teastáil. Beidh tionchar aige sin ar na breithnithe dearaidh, amhail riachtanais uisce don chóras.
Mar gheall ar chastacht córas ceo uisce, moltar teagmháil a dhéanamh le comhairleoir sábháilteachta ó dhóiteán a fhéadfaidh comhairle a thabhairt duit an bhfuil córas ceo uisce oiriúnach do d’áitreabh.
Caighdeáin Do Chórais Ceo Uisce
Tá dhá Chaighdeán Bhriotanacha ann ina bhfuil treoir tugtha maidir le córais ceo uisce d’áitribh thí, chónaithe, thionsclaíocha agus thráchtála. Is iad:
- Caighdeán na Breataine BS 8458: 2015 “Fixed fire protection systems – residential and domestic water mist systems – code of practice for design and installation”.
- Caighdeán na Breataine BS 8489-1:2016 “Fixed fire protection systems – Industrial and commercial water systems – Part 1: Code of practice for design and installation”.
Córais Ceo Uisce vs. Córais Spréite
- Scaoiltear níos lú uisce le córais ceo uisce ná le córais spréite.
- Ní bhíonn an oiread glantacháin ag teastáil ó chórais ceo uisce, agus ní dhéantar an oiread damáiste do réadmhaoin dá mbarr.
- B’fhéidir nach mbeadh córais ceo uisce oiriúnach do spásanna níos mó, ach is féidir le córais spréite limistéir urrannaithe agus limistéir plean oscailte araon a chlúdach.
- Is féidir braoiníní ó chórais ceo uisce a shéideadh ar shiúl de bharr rudaí cosúil le haerchóiritheoirí agus doirse nó fuinneoga a bheith oscailte, rud lena laghdófar an éifeachtúlacht.
Déan teagmháil le Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath
Má theastaíonn comhairle uait nó má tá imní ort faoi ghnéithe sábháilteachta ó dhóiteán d’fhoirgnimh, déan teagmháil lenár nOifigeach Dualgais um Chosc Dóiteán trí úsáid a bhaint as na sonraí thíos.