Gairmeacha sa Bhriogáid Dóiteáin

Reáchtálann Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath feachtais earcaíochta go minic do róil éagsúla ar fud na seirbhíse. Faigh tuilleadh eolais faoin obair a dhéanaimid agus faoin gcaoi is féidir leat iarratas a dhéanamh ar phoist a bheidh ar fáil go luath.

Soláthraíonn Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath seirbhísí dóiteáin, otharchairr éigeandála agus tarrthála atá go hiomlán comhtháite do chathair agus do chontae Bhaile Átha Cliath. Freastalaíonn sí ar cheantar ina bhfuil 922 ciliméadar cearnach agus daonra de níos mó ná 1.35 milliún duine.

Tá thart ar 1,000 pearsanra i mbun oibre in 12 stáisiún dóiteáin lánaimseartha, dhá stáisiún pháirtaimseartha, flít de bhreis is 115 feithicil, ionad oiliúna, ionad rialaithe, aonad um chosc dóiteán, feidhm riaracháin agus ceardlanna.

Foirne Comhraicthe Dóiteáin agus Freagartha Éigeandála

Freagraíonn ár gComhraiceoirí Dóiteáin lánaimseartha agus ar áirithíocht do dhóiteáin, imbhuailtí tráchta bóthair agus teagmhais tarrthála speisialaithe, lena n-áirítear tuilte, teagmhais ceimiceán, foirgnimh atá tar éis titim, tarrtháil uisce agus éigeandálaí eile.

Tá ról ár gComhraiceoirí Dóiteáin éagsúil agus bíonn an méid seo a leanas san áireamh ina bpríomhdhualgais:

  • Sábháilteacht ó dhóiteán a chur chun cinn sa phobal.
  • Éigeandálaí dóiteáin agus tarrthála a réiteach.
  • Cásanna a bhaineann le hotharcharr éigeandála a réiteach.
  • Feasacht áitiúil a fhorbairt.
  • Sláinte agus sábháilteacht a chur chun cinn.
  • Forbairt phearsanta.

Tá ár gComhraiceoirí Dóiteáin lánaimseartha ar fad oilte ag caighdeán paraimhíochaineora agus bíonn siad ag athrú go leanúnach idir dualgais otharchairr agus dualgais dóiteáin a chomhlíonadh. Tá breis is 80 comhraiceoir dóiteáin oilte ag leibhéal ard-pharaimhíochaineora agus tá na Comhraiceoirí Dóiteáin páirtaimseartha ar fad oilte ag leibhéal an chéad fhreagróra éigeandála.

Ionad Cumarsáide Réigiún an Oirthir

Ag a ceanncheathrú ar Shráid Chnoc na Lobhar i lár chathair Bhaile Átha Cliath, soláthraíonn Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath ionad glaonna tiomnaithe a dhéileálann le gach glao dóiteáin, tarrthála agus éigeandála do Bhaile Átha Cliath, agus d’fhormhór de Chúige Laighean, áit a bhfuil na Rialaitheoirí Seirbhíse Éigeandála ag obair.

Ón gceanncheathrú sin, eagraítear ár gcriúnna dóiteáin chun freagairt do ghlaonna. Is é ról an Rialaitheora Seirbhíse Éigeandála innill éigeandála, oifigigh agus seirbhísí tacaíochta eile a chur ar fáil chun déileáil le teagmhais éigeandála. Chomh maith leis sin, soláthraíonn siad tacaíocht do chriúnna dóiteáin agus do ghlaoiteoirí ar an teileafón.

An tAonad um Chosc Dóiteán

Tá rannóg thiomnaithe do chosc dóiteán ag Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath freisin. Tugann ár nOifigigh um Chosc Dóiteán comhairle maidir le caighdeáin sábháilteachta ó dhóiteán d’imeachtaí, agus d’fhoirgnimh nua agus sheanbhunaithe, chun a chinntiú go bhfuil caighdeáin sábháilteachta ó dhóiteán agus rialacháin tógála á gcomhlíonadh.

Eisíonn Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath 2,000 Deimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán gach bliain agus tá cumhachtaí éagsúla cigireachta agus forfheidhmithe aici faoin Acht Seirbhísí Dóiteáin.

Lena chois sin, tá Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath tiomanta do shábháilteacht ó dhóiteán i measc an phobail a sholáthar. Mar chuid dár gcuid oibre chun dóiteáin a chosc, d’fhorbair Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath roinnt clár um shábháilteacht ó dhóiteán chun deis a thabhairt do phobail baint a bheith acu le dóiteáin a chosc. Trína bheith ag obair i ndlúthpháirt le pobail áitiúla, scoileanna agus gníomhaireachtaí eile, tá sé mar aidhm againn aird an phobail a tharraingt ar fhaisnéis sábháilteachta ríthábhachtach a choinneoidh iad féin agus a dteaghlaigh sábháilte.

Tacaíocht don Fhoireann

Tá roinnt príomhfheidhmeanna tacaíochta bunaithe againn a chabhraíonn linn seirbhís dóiteáin agus tarrthála éifeachtach a chur ar fáil, lena n-áirítear Riarachán, Cumarsáid, Airgeadas, Lóistíocht, Acmhainní Daonna agus ár nIonad Oiliúna.

Conas a Earcaímid Baill Foirne

Más spéis leat gairm fhiúntach agus thairbheach laistigh d’eagraíocht atá tiomanta do fhreastal ar phobail áitiúla Bhaile Átha Cliath, gheobhaidh tú na folúntais phoist ar fad a bheidh á bhfógairt ag Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath gan mhoill ar ár leathanach Deiseanna Gairme.

Is cuma más spéis leat gairm mar Chomhraiceoir Dóiteáin, Oifigeach um Chosc Dóiteán, Rialaitheoir Seirbhísí Éigeandála nó Oifigeach Riaracháin, fógrófar gach deis ar an leathanach seo.

Déan teagmháil le Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath

Is cuma más ag comhrac dóiteáin, ag forfheidhmiú caighdeán sábháilteachta nó ag cur oideachas ar an bpobal atá ár mbaill foirne, is í an tosaíocht atá againn i gcónaí pobal Bhaile Átha Cliath a choinneáil sábháilte. Má tá aon cheist agat maidir leis an obair a dhéanaimid, déan teagmháil linn.

Contact Details