Caidreamh Idirnáisiúnta

Bhunaigh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath an tAonad um Chaidreamh Idirnáisiúnta in 2007 chun naisc agus caidreamh idirnáisiúnta a stiúradh, a éascú agus a chur chun cinn a théann chun sochair na cathrach, a geilleagair, a hacmhainní oideachais agus taighde, chomh maith lena pobail.

Mar phríomhchathair, tá freagracht ar Bhaile Átha Cliath chun ceannaireacht agus eiseamláir a sholáthar, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. I gcomhoibriú le páirtithe leasmhara iolracha, cabhraíonn an Oifig um Chaidreamh Idirnáisiúnta le Baile Átha Cliath é féin a shuíomh go domhanda mar thairseach idirnáisiúnta d’Éirinn agus don Eoraip.