Ár gCaidreamh Idirnáisiúnta a bhainistiú
Bhí Baile Átha Cliath agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath gníomhach maidir le naisc idirnáisiúnta a fhorbairt ar feadh go leor blianta agus d’éirigh go han-gheal léi chun í féin a shuíomh mar chathair dhomhanda. Mheall Baile Átha Cliath go leor cónaitheoirí, cuairteoirí agus gnó idirnáisiúnta. Tá saibhreas d’earnálacha domhanda iomaíocha agus nuálacha i mBaile Átha Cliath agus is ann atá roinnt de na gnólachtaí idirnáisiúnta is mó suite, Facebook, Google agus LinkedIn san áireamh.