Má tá do rang ag baint suilt as leabhar le linn Fhéile Náisiúnta Leabhar na bPáistí i mí Dheireadh Fómhair, ba bhreá linn dá gcuirfeá sinn ar an eolas. Seol grianghraf de chlúdach leabhair chuig [email protected] mar aon le roinnt tuairimí ó do rang faoin bhfáth ar thaitin sé leo, ainm na scoile, an ranga, an mhúinteora agus ainm na leabharlainne óna bhfuair tú ar iasacht é.
Cuirfimid suas iad ar leathanach Facebook Leabharlanna Chathair Bhaile Átha Cliath. Cuirfear gach iontráil ó mhúinteoirí isteach i gcrannchur le haghaidh sraith leabhar don rang.
Dáta deiridh 31ú Deireadh Fómhair. Do bhunscoileanna amháin.