Laethanta Saoire Bainc Lá Fhéile Pádraig

Published on 4th March 2026

Beidh Leabharlanna Chathair Bhaile Átha Cliath dúnta ar an 17 Márta.

Atosclóidh brainsí na leabharlanna Dé Máirt 18 Marta.

Rochtain Ar Líne 24/7

Cé go mbeidh ár mbrainsí dúnta, is féidir leat leanúint ar aghaidh ag fáil Ríomhleabhair, Ríomh-Chlosleabhair, irisí digiteacha, nuachtáin agus greannáin agus leas a bhaint as ár n-acmhainní foghlama ar líne am ar bith, áit ar bith. Tá sonraí faoi conas rochtain a fháil ar na seirbhísí seo ar fad le fáil ar ár leathanach Ríomhacmhainní.
Tabhair faoi deara le do thoil: caithfidh tú ballraíocht leabharlainne cothrom le dáta a bheith agat agus UAP a bheith agat chun rochtain a fháil ar Ríomhacmhainní. Conas do bhallraíocht a athnuachan ar líne. 

Cabhair

Má bhíonn fadhbanna agat maidir le rochtain a fháil ar ár seirbhísí ar líne, tá súil againn go bhfaighidh tú an freagra ar do cheist ar ár dtairseach tacaíochta: Tacaíocht Leabharlanna Éireann.

Athnuachaintí Ar Líne 

Is féidir na hearraí atá ar iasacht agat a athnuachan ar líne mura bhfuil siad de dhíth ar bhall eile den leabharlann. Má tá dearmad déanta agat ar d’Uimhir Aitheantais Phearsanta, is féidir leat í a athshocrú ar líne. Conas a fhéadfaidh mé mo UAP a athshocrú?
Ná bí buartha, áfach, mar níl aon fhíneálacha ar earraí atá thar téarma. 

Ná déan dearmad faoi Mo Leabharlann Oscailte.

Leabharlann féinseirbhíse gan fhoireann is ea Mo Leabharlann Oscailte, atá ar fáil i Leabharlann Ráth Eanaigh, Leabharlann Dhroim Conrach, Leabharlann Bhaile Bhailcín agus Peambróg gach lá den bhliain! 

Le linn Uaireanta Mo Leabharlann Oscailte is féidir leat earraí a fháil ar iasacht agus a thabhairt ar ais, rudaí a phriontáil agus a fhótachóipeáil, an tIdirlíon a úsáid, rochtain a fháil ar Wifi saor in aisce agus ár spás staidéir a úsáid. Ar fáil ó 8rn – 10in 7 lá na seachtaine i Leabharlann Pheambróg, Leabharlann Dhroim Conrach, Leabharlann Bhaile Bhailcín agus Leabharlann Ráth Eanaigh.