Socruithe le haghaidh Laethe Saoire i Bealtaine
Published on 22nd April 2025

Beidh Leabharlanna Chathair Bhaile Átha Cliath dúnta ó dé Sathairn 3 go dtí Luain 5 Bealtaine 2025 (araon san áireamh).
Athosclóidh leabharlanna brainse Dé Máirt, 6 Bealtaine.
Ná déan dearmad faoi Mo Leabharlann Oscailte.
Leabharlann féinseirbhíse gan fhoireann is ea Mo Leabharlann Oscailte, atá ar fáil i Leabharlann Pheambróg agus Leabharlann Ráth Eanaigh gach lá den bhliain! Le linn Uaireanta Mo Leabharlann Oscailte is féidir leat earraí a fháil ar iasacht agus a thabhairt ar ais, rudaí a phriontáil agus a fhótachóipeáil, an tIdirlíon a úsáid, rochtain a fháil ar Wifi saor in aisce agus ár spás staidéir a úsáid. Ar fáil ó 8rn – 10in 7 lá na seachtaine i Leabharlann Pheambróg agus Leabharlann Ráth Eanaigh.
Rochtain Ar Líne 24/7
Cé go mbeidh ár mbrainsí dúnta, is féidir leat leanúint ar aghaidh ag fáil Ríomhleabhair, Ríomh-Chlosleabhair, irisí digiteacha, nuachtáin agus greannáin agus leas a bhaint as ár n-acmhainní foghlama ar líne am ar bith, áit ar bith. Tá sonraí faoi conas rochtain a fháil ar na seirbhísí seo ar fad le fáil ar ár leathanach Ríomhacmhainní.
Tabhair faoi deara le do thoil: caithfidh tú ballraíocht leabharlainne cothrom le dáta a bheith agat agus UAP a bheith agat chun rochtain a fháil ar Ríomhacmhainní. Conas do bhallraíocht a athnuachan ar líne.
Cabhair
Má bhíonn fadhbanna agat maidir le rochtain a fháil ar ár seirbhísí ar líne, tá súil againn go bhfaighidh tú an freagra ar do cheist ar ár dtairseach tacaíochta: Tacaíocht Leabharlanna Éireann.
Athnuachaintí Ar Líne
Is féidir na hearraí atá ar iasacht agat a athnuachan ar líne mura bhfuil siad de dhíth ar bhall eile den leabharlann. Má tá dearmad déanta agat ar d’Uimhir Aitheantais Phearsanta, is féidir leat í a athshocrú ar líne. Conas a fhéadfaidh mé mo UAP a athshocrú?
Ná bí buartha, áfach, mar níl aon fhíneálacha ar earraí atá thar téarma.