Leabhrán Cuimhneacháin Thoghcháin Áitiúla 1920
Tá sé céad bliain ó bhí Toghcháin áitiúla na bliana 1920 ar siúl, toghcháin a bhí ríthábhachtach maidir le stair rialtais áitiúil na hÉireann.
Chun na himeachtaí sin a cheiliúradh, agus ó tharla chomh tábhachtach agus a bhí siad maidir leis an gcoimhlint chun neamhspleáchas a bhaint amach, tá Cartlannaithe agus Bainisteoirí Taifead an Rialtais Áitiúil coimisiúnaithe ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta chun foilseachán a chur i dtoll a chéile chun toghcháin áitiúla na bliana 1920 a chomóradh.