Skip to main content
Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath / Dublin City Council

Main navigation

  • Cónaitheach
  • Gnó
  • Do Chomhairle
Menu
Menu
Advanced Search

Main navigation (mobile)

  • Cónaitheach
  • Gnó
  • Do Chomhairle
Breadcrumb
  1. Home
  2. Residential
  3. Parking in Dublin City Centre
  4. Apply for a Parking Permit
Language switcher
  • English
  • Gaeilge

Cead Páirceála a Cheannach

Back to Apply for a Parking Permit

Más cónaitheoir thú agus má chónaíonn tú ar shráid nó ar bhóthar ar a bhfuil Scéim Páirceála Íoc agus Taispeáin á feidhmiú, b’fhéidir go mbeidh tú i dteideal Cead Páirceála Cónaitheora a cheannach ó Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

Share
  • Share via Twitter
  • Share via Facebook
  • Share via WhatsApp

Iarratas a dhéanamh ar Chead Páirceála Cónaitheora caighdeánach

Tá an cead seo ar fáil duit má chónaíonn tú i gceantar a bhfuil Scéim Páirceála Íoc agus Taispeáin agus Cead Páirceála ann. Comhlánaigh agus seol ar ais foirm Cead Páirceála  Cónaitheora nó déan teagmháil le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath chun cóip a iarraidh. Tá an táille chaighdeánach do Chead Páirceála Cónaitheora luaite ar an bhfoirm iarratais.

Do chead páirceála a athnuachan

Is iondúil go rachfar i dteagmháil leat nuair is gá do chead a athnuachan. Mura gcloiseann tú uainn, déan teagmháil le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Más mian leat do chead a athnuachan ní mór duit é sin a dhéanamh laistigh de 28 lá ón dáta éaga. Ní bheidh tú ábalta é a athnuachan tar éis an dáta seo agus déileálfar le haon iarratas déanach a fhaightear mar iarratas den chéad uair, a d'fhéadfadh dul i bhfeidhm ar do cháilitheacht.

Cuimhnigh, is ortsa atá an fhreagracht a chinntiú go bhfuil cead bailí ar taispeáint i gcónaí. Is cúirtéis é fógraí athnuachana a eisiúint agus ní ghlacfaidh an Chomhairle le haon éileamh ar chaillteanas ná ar dhamáistí, a mhaíonn cónaitheoir a tharla mar thoradh ar theip líomhnaithe ar an bhfógra sin a fháil.

Roghanna chun do chead a athnuachan:

Ar Líne

Cliceáil anseo chun do Chead Páirceála a athnuachan ar líne

Ar an bhfón

Tá ár líne theileafóin Seirbhísí do Chustaiméirí (01 222 2259) oscailte chun glaonna a ghlacadh idir 09:00 agus 17:00 uair an chloig lena n-áirítear am lóin, ó Luan go hAoine. Bíodh do shonraí cárta creidmheasa nó dochair ar fáil, le do thoil, agus luaigh d’iarraidh seirbhíse/uimhir chuntais.

Sa phost

Comhlánaigh Cuid A agus Cuid B den fhógra athnuachana (más infheidhme) agus seol ar ais é chuig An tIonad Seirbhísí do Chustaiméirí, Oifigí na Cathrach, Cé an Adhmaid, Baile Átha Cliath 8.

I bpearsan

Tabhair d’fhógra athnuachana leat chuig ár nIonad Seirbhísí do Chustaiméirí ag an seoladh thíos, atá ar oscailt idir 09:00 agus 17:00 uair an chloig, lena n-áirítear am lóin, ó Luan go hAoine. Seolfar do chead chuig do sheoladh.

Iarratas a dhéanamh ar chead páirceála do dhaoine a thugann cuairt ort

Ní féidir leat Cead Páirceála do Chuairteoirí a cheannach ach amháin má tá tú i dteideal Cead Páirceála Cónaitheora a cheannach.

Comhlánaigh agus seol ar ais an fhoirm Cead Páirceála do Chuairteoirí nó déan teagmháil linn chun cóip a iarraidh.

De rogha air sin, má tá Cead Páirceála Cónaitheora caighdeánach agat, is féidir leat Ceadanna Páirceála do Chuairteoirí a ordú trínár dTairseach Féinseirbhíse ar Líne. Cuirfidh Gníomhaire Seirbhíse do Chustaiméirí glaoch ort chun íocaíocht a ghlacadh nuair a bheidh d'ordú deimhnithe ar an gcéad lá oibre eile.

Is féidir Ceadanna Páirceála do Chuairteoirí a cheannach ar an nguthán ar 01 222 2259, nó ag ár nIonad Seirbhíse do Chustaiméirí atá ar oscailt ó 9:00 r.n. go 5:00 i.n., ó Luan go hAoine. Cosnaíonn Ceadanna Páirceála do Chuairteoirí €1.25 an ceann, agus déantar iad a dhíol i mbearta ceithre cinn. Is é €20 an t-ordú teileafóin íosta a nglactar leis. Is féidir íocaíochtaí a dhéanamh le cárta dochair nó cárta creidmheasa.

Nóta: Seolfar do Cheadanna Páirceála do Chuairteoirí chugat ag do sheoladh. Tá gach cead bailí ar feadh 24 uair an chloig.

Iarratas a dhéanamh ar Chead do Dhuine Muinteartha Neamhchónaithe (Cúramóir)

Baineann an cead seo le daoine a thugann cuairt ort chun cúram a sholáthar, ach nach gcónaíonn leat. Comhlánaigh agus seol ar ais an fhoirm Cead Páirceála do Dhuine Muinteartha Neamhchónaithe nó déan teagmháil linn chun cóip a iarraidh. Féadtar an cead a eisiúint le 2 uimhir chláraithe feithicle.

Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhfuil fótachóipeanna de do dheimhniú árachais agus ceadúnas tiomána inghlactha. Seolfar do Chead Páirceála Neamhchónaithe (Cúramóir) chugat ag do sheoladh.

Iarratas a dhéanamh ar Chead Fostaí in Institiúid Chónaithe

Baineann sé seo le daoine áirithe a bhíonn ag oibriú in institiúidí cónaithe - seiceáil ar chúl na foirme iarratais le haghaidh incháilitheachta. Chun iarratas a dhéanamh ar chead, comhlánaigh agus seol ar ais an fhoirm Cead Páirceála Fostaí in Institiúid Chónaithe nó déan teagmháil linn chun cóip a iarraidh. Is é an líon uasta Ceadanna Páirceála Cónaitheora a fhéadfaidh fostaithe in aon institiúid chónaithe amháin a choinneáil i gcomhthráth ná 2 chead. Tabhair faoi deara go seolfar do chead chugat ag do sheoladh.

Iarratas a dhéanamh chun sonraí feithicle do cheada páirceála a athrú

Chun sonraí na feithicle/na bhfeithiclí a bhfuil do chead páirceála ag teastáil uait di/dóibh a athrú, comhlánaigh agus seol ar ais an fhoirm Athraithe Feithicle do Chead Páirceála nó déan teagmháil linn chun ceann a iarraidh. Seolfar do chead páirceála chugat ag do sheoladh.

Parking Contol Bye-Laws 2019
English version (0.3MB) Leagan Gaeilge (0.4MB)
Download the Parking Permit 1st Time application or Change of Address form
English version (0.2MB) Leagan Gaeilge (0.2MB)
Download the Parking Permit Non Residential Family Member application form
English version (0.2MB) Leagan Gaeilge (0.2MB)
Download the Visitors Parking Permit application form
English version (0.6MB) Leagan Gaeilge (0.2MB)
Download Residential Institution Employee's Permit Form
English version (0.2MB) Leagan Gaeilge (0.2MB)
Download Change of Vehicle Form
English version (0.2MB) Leagan Gaeilge (0.2MB)
Contact Details

Customer Services

Telephone Number
01 222 2259
Email Address
[email protected]
Share
  • Share via Twitter
  • Share via Facebook
  • Share via WhatsApp
Close

Main navigation

  • Cónaitheach
  • Gnó
  • Do Chomhairle

Footer menu

  • Eolas Fúinn
    • Folúntais
    • An Fhoireann agus na Dualgais
    • An Nuacht agus Na Meáin
    • Beartais agus Cáipéisí
  • Conas dublincity.ie a Úsáid
    • An Inrochtaineacht ar an Láithreán Gréasáin
    • Ráiteas Príobháideachais
    • Téarmaí & Coinníollacha
    • Léarscáil Láithreáin
  • Oibleagáidí Reachtúla
    • Shaoráil Faisnéise
    • An Chosaint Sonraí
    • Access to Information on the Environment
    • An Nochtadh Cosanta
    • An Bhrústocaireacht
    • Acht na dTeangacha Oifigiúla
    • An Eitic
    • Public Sector Duty
    • Bye Laws
    • An Soláthar
  • Teagmháil / Aiseolas
    • Téigh i dTeagmháil Linn
    • Déan Iarratas ar Sheirbhís
    • Déan Íocaíocht
    • Déan Gearán
    • Comhairliúcháin Phoiblí

Customer Services GA

Address

Oifigí na Cathrach
Cé an Adhmaid
Baile Átha Cliath 8
Co. Dublin
D08 RF3F
Éire

Telephone Number
01 222 2222
Email Address
[email protected]

Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath / Dublin City Council
Dublin City Council
Féach ar ár láithreán gréasáin eile

© 2023 Dublin City Council