Dréacht-Léarscáil den Cháin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe do 2027

Tá Dréacht-Léarscáil Bhliantúil CTCC do 2027 (faoin Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997) ullmhaithe agus foilsithe ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath lena sainaithnítear na tailte a thagann faoi raon feidhme na cánach ar thalamh chriosaithe chónaithe (CTCC).

Cúlra

Tugadh isteach an Cháin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe (CTCC) leis an Acht Airgeadais, 2021. Is cáin bhliantúil í an cháin a ríomhtar ag ráta 3% de luach margaidh na talún. Is é príomhchuspóir na cánach ná gníomhachtú tráthúil na talún forbraíochta cónaithe criosaithe agus seirbhísithe le haghaidh na tithíochta a spreagadh.

Éilítear ar Údaráis Áitiúla na tailte a thagann faoi raon feidhme na cánach a mhapáil. Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim CTCC a riar.

Shainaithin Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath talamh a thagann faoi raon feidhme na cánach trí dhréachtléarscáil athbhreithnithe a fhoilsiú i mí Feabhra 2025. Tá próiseas mapála bliantúil 2026 curtha i gcrích anois agus an léarscáil deiridh foilsithe ar an 31 Eanáir 2026.

Is iad na Coimisinéirí Ioncaim a thugann faoi riar na Cánach ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoi CTCC, léigh ‘Réamheolas ar Cháin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe’ agus ‘Cáin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe – Do Cheisteanna Freagartha

Dréacht-Léarscáil Bhliantúil CTCC

Foilsítear dréachtléarscáil bhliantúil CTCC don bhliain 2027 ar an 1 Feabhra 2026.

Tá deis ag úinéirí talún/tríú páirtithe anois aighneachtaí a dhéanamh maidir le láithreáin shonracha a áireamh leis an léarscáil deiridh nó a eisiamh uaithi, nó maidir leis an dáta ar chomhlíon láithreán na critéir ábhartha den chéad uair.

Aighneachtaí

Beidh an Dréacht-Léarscáil Bhliantúil CTCC do 2027 ar fáil le hiniúchadh ag an bpobal ón 1 Feabhra 2026.

Féadfar aighneachtaí maidir leis an dréachtléarscáil bhliantúil CTCC a chur faoi bhráid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath i scríbhinn ón 1 Feabhra 2026 go dtí an 1 Aibreán 2026, chun:

  • Talamh sa bhreis a d’fhéadfadh teacht faoin raon feidhme, ach nach bhfuil san áireamh leis an dréachtléarscáil bhliantúil do 2027, a shainaithint;
  • Agóid a dhéanamh i gcoinne cuimsiú talún ar an léarscáil má mheasann an t-úinéir nach gcomhlíonann an talamh na critéir lena gcinntear go bhfuil an talamh faoin raon feidhme;
  • Agóid a dhéanamh i gcoinne dáta óna meastar go dtagann an talamh faoin raon feidhme; agus/nó
  • Tacú le heisiamh beartaithe a dtalún.

Cé go gcuirtear san áireamh ar an léarscáil iad, níl réadmhaoin chónaithe faoi réir CTCC má tá siad faoi réir Cáin Mhaoine Áitiúla. Ní gá aighneacht a dhéanamh chun réadmhaoin chónaithe a bhaint den léarscáil

Féadfar aighneacht a chur faoi bhráid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath mar a leanas:

  • I scríbhinn chuig “Léarscáil CTCC”, Aonad Bainistíochta Talún Gníomhaí, An Roinn Pleanála, Forbartha Réadmhaoine agus Geilleagraí, Bloc 4, Urlár 2, Oifigí Cathartha, an Ché Adhmaid, Baile Átha Cliath 8, D08 RF3F.

Déan d’aighneacht trí mheán amháin le do thoil, is é sin, trí chóip chrua nó trí thairseach an tsuímh ghréasáin.

Ba cheart go n-áireofaí le haighneachtaí ainm agus seoladh, na cúiseanna chun tailte a áireamh nó a eisiamh, mar aon le léarscáil ar scála 1:1,000 i gcás ina bhfuil úinéir talún ag déanamh na haighneachta, lena léirítear go soiléir an limistéar talún is ábhar don aighneacht.

Foilseofar aon aighneacht i scríbhinn den sórt sin a fhaightear faoin 1 Aibreán 2026, seachas na codanna sin den aighneacht atá ina sonraí pearsanta, ar an suíomh gréasáin atá faoi chúram Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath tráth nach déanaí ná an 11 Aibreán 2026.

Maidir leis na tailte a mholtar a áireamh agus a eisiamh ón dréachtléarscáil bhliantúil, tá sé faoi réir na n-aighneachtaí a fhaightear. Ba cheart d’aon úinéir talún a thacaíonn le heisiamh a thalún aighneacht a dhéanamh mar thacú le heisiamh den sórt sin.

Féadfar aighneachtaí maidir le hiarraidh ar athchriosú ar an Léarscáil Deiridh CTCC do 2026 a chur faoi bhráid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath i scríbhinn tráth nach déanaí ná an 1 Aibreán 2026 anseo.