Áit Chónaithe Phríobháideach Neamhphríomha

Éilíonn Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ar chustaiméirí sonraí pearsanta áirithe a sholáthar d'fhonn ár bhfeidhmeanna reachtaíochta agus riaracháin do ÁCPNP. 

Foráiltear don bhunús dlí faoin Acht Rialtais Áitiúil (Muirir), 2009 agus faoin Acht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil, 2014. 

Féadfar do shonraí pearsanta a mhalartú leis na gníomhaireachtaí atá liostaithe thíos de réir an dlí

  • Biúró ÁCPNP – chun íocaíocht a éascú.
  • Aturnaetha – iarrataí dlíthiúla maidir le maoin a dhíol
  • Údaráis Áitiúla – chun íocaíochtaí plean tráthchoda a éascú

Coinnítear do chuid faisnéise ar feadh cúig bliana ar a mhéad ó dháta an iarratais ar dheimhniú mura bhfuil imeachtaí bailithe fiachais leanúnacha ann agus sa chás sin coinneofar do chuid faisnéise go dtí go n-íocfar an t-airgead atá dlite.