Mótarcháin
Éilíonn Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ar chustaiméirí sonraí pearsanta áirithe a sholáthar d'fhonn ár bhfeidhmeanna reachtaíochta agus riaracháin le haghaidh Mótarchánach a chomhlíonadh thar ceann na Roinne Iompair, Turasóireachta agus Spóirt (DTTAS).
Féadfar do shonraí pearsanta a mhalartú leis na gníomhaireachtaí atá liostaithe thíos faoi shainchúram DTTAS de réir dlí.
- An Garda Síochána – imscrúduithe coiriúla.
- Gníomhaireachtaí Stáit – imscrúduithe sibhialta agus coiriúla e.g. gan táillí dola a íoc.
- Aturnaetha – imscrúduithe sibhialta agus coiriúla m.sh. timpistí tráchta ar bhóithre.
- Údaráis Áitiúla – imscrúduithe sibhialta agus coiriúla e.g. fíneálacha bruscair.
Tá sonraí iomlána faoi bheartas Cosanta Sonraí DTTAS ina leagtar amach an chaoi a n-úsáidtear do shonraí pearsanta chomh maith le faisnéis maidir le do chearta mar ábhar sonraí ar fáil ag https://www.gov.ie/ga/foilsiuchan/bdf1a-cosaint-sonrai/. Tá sonraí an bheartais seo ar fáil freisin i gcóip chrua ach iad a iarraidh trí ríomhphost a sheoladh chuig [email protected] nó i scríbhinn chuig an Aonad Cosanta Sonraí, An Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, Lána Líosain, Baile Átha Cliath D02 TR60