Skip to main content
Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath / Dublin City Council

Main navigation

  • Cónaitheach
  • Gnó
  • Do Chomhairle
Menu
Menu
Advanced Search

Main navigation (mobile)

  • Cónaitheach
  • Gnó
  • Do Chomhairle
Breadcrumb
  1. Home
  2. Residential
  3. Dublin Fire Brigade
  4. Fire Prevention and Community Fire Safety
  5. Community Fire Safety
Language switcher
  • English
  • Gaeilge

Sábháilteacht ó Dhóiteán ag an Scoil

Back to Community Fire Safety
Share
  • Share via Twitter
  • Share via Facebook
  • Share via WhatsApp

Caithfidh na scoileanna agus na réamhscoileanna go léir oibleagáidí an Achta Seirbhísí Dóiteáin, 1981 a shásamh agus cloí leis an Straitéis Dóiteáin i Scoileanna (Treoirlínte maidir le Dearadh) agus an Treoir maidir le Sábháilteacht ó Dhóiteán i Réamhscoileanna.

Má bhíonn ceisteanna agat faoi shábháilteacht ó dhóiteán nó, más maith leat go labhródh Oifigeach Dóiteáin ag do scoil, glaoigh ar (01) 222 4066 nó seol ríomhphost, le do thoil, chuig [email protected]

Trí Bhunriail:

  1. Caith súil timpeall do scoile agus bain na guaiseacha
  2. Suiteáil córas braite dóiteáin agus aláram dóiteáin chun rabhadh luath a thabhairt
  3. Ullmhaigh plean aslonnaithe agus déan é a chleachtadh go rialta

Gnáthamh Sábháilteachta ó Dhóiteán i Scoileanna

Ba cheart gnáthamh rialta a dhéanamh d’aird a thabhairt ar an réamhchúram seo a leanas:

  • A chinntiú go bhfuil na bealaí éalaithe go léir ón scoil saor ó bhacainní agus gur féidir iad a rochtain ag gach tráth. Níor cheart doirse ar bhealaí éalaithe a chur faoi ghlas riamh nuair a bhíonn duine ar bith san fhoirgneamh. Ba cheart go mbeifí in ann doirse éalaithe a oscailt gan stró agus láithreach ón taobh istigh
  • Ba cheart doirse dóiteáin a choimeád dúnta ag gach tráth. Ní féidir ach le gléas leictreamaighnéadach coinneála ar oscailt atá ceangailte leis an gcóras braite agus aláram dóiteáin na doirse seo a choimeád ar oscailt.
  • Córas rialta cigireachta ar threalamh comhraicthe dóiteáin a chur i bhfeidhm, ar nós múchtóirí dóiteáin agus spóil phíobáin.
  • Tástáil an córas braite agus aláram dóiteáin agus an soilsiú éigeandála go rialta, agus coimeád cuntas ar na torthaí cigireachta agus an gníomh atá le déanamh sa Chlár Sábháilteachta ó Dhóiteán
  • Cinntigh go bhfuil na fógraí treorach inléite agus infheicthe
  • Cinntigh go dtugtar faoi dhruileanna tréimhsiúla aslonnaithe dóiteáin
  • Cuir oiliúint ar na comhaltaí foirne go léir chun trealamh comhraicthe dóiteáin garchabhrach a úsáid agus cinntigh go mbíonn siad ullamh chun dul i mbun gnímh i gcás dóiteáin
  • Ná ceadaigh ábhair indóite a stóráil i limistéar iata staighre, faoi staighrí nó feadh bealaí éalaithe, ar nós pasáistí
  • Déan an réamhchúram leordhóthanach nuair a bhíonn úsáid á baint agat as páipéar nó ábhair eile shobhriste ar mhaithe le maisiúcháin, agus ná húsáid olann chadáis don chuspóir seo. Ná croch na maisiúcháin siúd ó fheistis solais ná i ngar d’fhearais
  • Bí an-chúramach nuair a bhíonn drámaí scoile á léiriú agus ag cóisirí scoile ionas nach mbíonn aon dóchúlacht ann go rachadh feistis nó prapaí trí thine

Uaireanta i ndiaidh na Scoile

Tabhair faoi chigireacht leis an méid seo a leanas a chinntiú:

  • Múchadh gach gléas téimh, feisteas gáis agus gléas eile a tháirgeann teas agus fágadh sábháilte iad
  • Níl aon ábhar indóite d’aon sórt i ngar d’fhoinse fhéideartha adhainte
  • Stóráiltear gach ceimiceán a d’fhéadfadh bheith baolach i saotharlanna go sábháilte 
  • Stóráiltear gach ábhar glantacháin (ceirteacha olúla, ceirteacha snasta, cinn mhapa, etc.) i gceart i seomra stórais oiriúnach a bhfuil an doras dúnta air
  • Nach gceadaítear bruscar agus dramhaíl indóite bailiú thart i saotharlanna, ceardlanna, seomraí ceardaíochta, seomraí coire, nó áiteanna eile san fhoirgneamh

Cleachtaidh Dhóiteáin

Tá an fhreagracht ar Phríomhoide na Scoile agus an Bord Bainistíochta a chinntiú go dtugtar faoi dhruileanna aslonnaithe dóiteáin.

Caithfidh gach gnáthamh dóiteáin a bheith bunaithe ar nós imeachta simplí éifeachtúil, a dheartar go sonrach don áitreabh inar gá dó oibriú. Caithfear breithniú grinn a dhéanamh ar na pointí seo a leanas:

Cuspóir an chleachtaidh dhóiteáin

Beartaítear go gcinntíonn cleachtaidh dhóiteáin an méid seo a leanas i gcás dóiteáin, trí oiliúint agus cleachtadh:

  • Gníomhaíonn na daoine a d’fhéadfadh bheith i mbaol ar bhealach socair agus ordúil
  • Tugann na daoine siúd a bhfuil freagrachtaí sainithe orthu faoina dtascanna le sábháilteacht gach duine atá i gceist a chinntiú 
  • Úsáidtear na bealaí éalaithe i gcomhréir le plean réamhdhearbhaithe agus a chleachtar
  • Baintear aslonnú an fhoirgnimh amach ar bhealach pras agus ordúil
  • Go bhfreagróidh daoine go stuama nuair a thiteann tine nó éigeandáil eile amach ar scoil nó in áiteanna eile

Minicíocht Chleachtaidh Aslonnaithe Dóiteáin

  • Ba cheart tabhairt faoi chleachtaidh dhóiteáin ar a laghad uair sa téarma

Na daoine san áitreabh

  • Caithfear machnamh a dhéanamh ar aois na scoláirí a fhreastalaíonn ar an scoil agus ar cé acu an bhfuil nó nach bhfuil aon leanaí ann a bhfuil riachtanais speisialta acu a bhféadfadh cúnamh bheith ag teastáil uathu

Gnáthamh Cleachtaidh Dóiteáin

Pleanáil:

  • Ba cheart don chleachtadh dóiteáin aithris a dhéanamh ar chás nach mbíonn bealach éalaithe amháin ar fáil
  • Ba cheart gach cleachtadh dóiteáin a thosú trí chomhartha réamhchinnte a úsáid
  • Ba cheart an t-áitreabh iomlán a sheiceáil faoi mar a bheadh fíor-aslonnú ar siúl
  • Caithfear duine sinsearach amháin a ainmniú mar an duine atá i gceannas ar an gcleachtadh dóiteáin.

Bunaítear gnáthamh dóiteáin ar shraith ríthábhachtach imeachtaí:

Oibriú an aláraim:

  • Caithfidh duine ar bith a aimsíonn dóiteán a tosaíodh an t-aláram dóiteáin is gaire a chur i ngnímh gan mhoill

Fios a chur ar an mBriogáid Dóiteáin:

  • Ba cheart an Bhriogáid Dóiteáin a chur ar an eolas láithreach bonn ar gach dóiteán a bhriseann amach nó aon dóiteán a mbítear in amhras air, is cuma cé chomh beag a bhíonn sé, ar an mbealach is tapúla atá ar fáil. D’fhéadfaí an tasc seo a thabhairt do rúnaí na scoile mar gheall go mbeidh guthán in aice láimhe acu i gcónaí. Má tá duine eile á ainmniú, cinntigh go mbíonn teacht gan stró acu ar ghuthán ag gach tráth

Aslonnú:

  • Nuair a chloistear an t-aláram dóiteáin, caithfear scoláirí a ordú chun an foirgneamh a fhágáil duine i ndiaidh duine agus ar bhealach socair ordúil
  • Caithfidh an duine atá i gceannas ar gach rang an bealach éalaithe a thabhairt le fios a úsáidfear agus caithfear gach duine a thabhairt chuig pointe tionóil réamhdhearbhaithe

Pointe tionóil:

  • Caithfear limistéar lasmuigh d’áitreabh na scoile a ainmniú mar phointe tionóil
  • Caithfidh sé a bheith marcáilte go soiléir agus a bheith sainaitheanta gan stró
  • Caithfidh an pointe tionóil a bheith fada go leor amach ó áitreabh na scoile le cosaint a thabhairt ó theas agus deatach dóiteáin nó éigeandála eile
  • Caithfidh an pointe tionóil a bheith in áit nach gcuireann baol roimh scoláirí agus an fhoireann a chruthaíonn feithiclí éigeandála a fhreagraíonn don teagmhas

Na scoláirí a thabhairt le chéile:

  • Caithfear socruithe ar leith a dhéanamh do scoláirí atá faoi mhíchumas fisiciúil nó meabhrach lena chinntiú go gcabhraítear leo i rith aslonnú
  • Níor cheart aon rith a cheadú chun anbhá a sheachaint
  • Caithfidh gach duine dul síos staighrí duine i ndiaidh duine. Níor cheart a cheadú do ranganna ná daoine aonair dul chun tosaigh ar a chéile
  • Níor cheart ardaitheoirí a úsáid
  • Caithfidh aon duine nach bhfuil sa rang nuair a bhuaileann an t-aláram dóiteáin dul láithreach bonn chuig an bpointe tionóil
  • Níor cheart aon duine a cheadú chun an foirgneamh a athiontráil go dtí go n-insíonn an tSeirbhís Dóiteáin atá ar an láthair amhlaidh a dhéanamh, nó, i gcás cleachtadh aslonnaithe dóiteáin, go dtí go n-insíonn an duine i gceannas dóibh amhlaidh a dhéanamh.

An rolla a ghlaoch:

  • Ba cheart cláir freastail agus chuairteoirí a choimeád ag pointe lárnach agus caithfear iad a thabhairt chuig an bpointe tionóil nuair a bhuaileann an t-aláram 
  • Ba cheart duine amháin a ainmniú le bheith freagrach go hiomlán as a chinntiú go ndéantar an rolla a ghlaoch i gcás aslonnú
  • Nuair a bhíonn ranganna tugtha le chéile ag an bpointe tionóil, caithfear an rolla a ghlaoch nó daoine a chomhaireamh láithreach lena dheimhniú nach bhfuil duine ar bith fós san áitreabh.
  • Caithfear aon chuairteoirí nó conraitheoirí san áitreabh ag an tráth a chur san áireamh
  • Caithfear an comhaireamh ag an bpointe tionóil a sheiceáil trí úsáid a bhaint as na cláir freastail agus leabhar na gcuairteoirí lena dheimhniú go bhfuil gach duine taobh amuigh den fhoirgneamh
  • Caithfidh gach múinteoir dul a fhad leis an duine ainmnithe atá i gceannas ar an nós imeachta aslonnaithe lena dheimhniú go bhfuil gach duine atá faoina gceannas ann nó chun é/í a chur ar an eolas ar aon duine atá ar iarraidh

Cur in Aithne don Bhriogáid

  • Caithfidh an duine i gceannas ar an rolla é/í féin a chur in aithne don Bhriogáid Dóiteáin ar theacht dóibh. Agus amhlaidh á dhéanamh, is féidir eolas ríthábhachtach a thabhairt don Oifigeach Dóiteáin a shocróidh na gníomhartha a dhéanfaidh an Bhriogáid Dóiteáin.

An tEolas a Theastóidh ón mBriogáid Dóiteáin:

  • An bhfuil gach duine ann?
  • Má tá duine ar bith ar iarraidh:
    • Cé mhéid duine? Cá mbíonn siad de ghnáth? Cá bhfacthas iad an uair dheireanach?
    • Cá bhfuil an dóiteán? Cad atá trí thine? (B’fhéidir nach bhfuil sé dealraitheach)
    • An bhfuil aon substaintí guaiseacha bainteach sa dóiteán nó á stóráil san fhoirgneamh? (i.e. ceimiceáin, tuaslagóirí, gás peitriliam leachtach, sorcóirí aicéitiléine etc.)

Treoir, Oiliúint agus Taifeadadh

I rith na chéad seachtaine den téarma, nó a luaithe agus is féidir go praiticiúil, ba cheart príomhbhealaí éalaithe na scoile a thaispeáint do gach iontrálaí nua, scoláirí, foireann nó foireann tacaíochta ina measc.

Ba cheart treoir a thabhairt dóibh, chomh maith, maidir le gnáthamh aslonnaithe na scoile.

  • Ba cheart treoir a thabhairt do agus oiliúint a chur ar gach ball foirne atá oiriúnach dá bhfreagrachtaí i gcás aon éigeandála.
  • Ba cheart do dhuine inniúil treoir a thabhairt do gach ball foirne gach bliain. Ba cheart cóip phearsanta de threoracha scríofa ullmhaithe a thabhairt dóibh go léir. Ba cheart sonraí faoi conas fios a chur ar an mBriogáid Dóiteáin a bheith sa treoir seo.
  • Ba cheart treoir a thabhairt don fhoireann nua-cheaptha a luaithe agus is féidir i ndiaidh go gceaptar iad.

Ba cheart taifead ar an oiliúint agus na treoracha a tugadh agus na cleachtaidh dhóiteáin a cuireadh ar siúl, a iontráil sa Chlár um Shábháilteacht ó Dhóiteán agus áireofar an méid seo a leanas leis:

  • Dáta na treorach nó an chleachtaidh dhóiteáin
  • Fad
  • Ainm an duine a thug an treoir
  • Ainmneacha an duine/na ndaoine a dtugtar treoir dóibh
  • Cineál na treorach nó an chleachtaidh dhóiteáin

In áitreabh mór, leagfar freagracht ar dhuine ar leith as oiliúint foirne a eagrú. Ainmneofar duine eile chun gníomhartha na foirne a chomhordú i gcás dóiteáin. Ba cheart socruithe a dhéanamh go dtabharfaidh leasduine i gceannas nó leasdaoine i gceannas faoi na dualgais thuas nuair nach mbíonn na daoine ainmnithe i láthair.

In áitreabh níos lú, leagfar freagracht ar dhuine ar leith amháin as oiliúint foirne a eagrú agus as gníomhartha na foirne a chomhordú i gcás dóiteáin. Ba cheart socruithe a dhéanamh go dtabharfaidh leasduine i gceannas faoi na dualgais nuair nach mbíonn an duine ainmnithe i láthair.

Contact Details

Fire Brigade and Ambulance Service

Telephone Number
01 222 4000
Email Address
[email protected]
Share
  • Share via Twitter
  • Share via Facebook
  • Share via WhatsApp
Close

Main navigation

  • Cónaitheach
  • Gnó
  • Do Chomhairle

Footer menu

  • Eolas Fúinn
    • Folúntais
    • An Fhoireann agus na Dualgais
    • An Nuacht agus Na Meáin
    • Beartais agus Cáipéisí
  • Conas dublincity.ie a Úsáid
    • An Inrochtaineacht ar an Láithreán Gréasáin
    • Ráiteas Príobháideachais
    • Téarmaí & Coinníollacha
    • Léarscáil Láithreáin
  • Oibleagáidí Reachtúla
    • Shaoráil Faisnéise
    • An Chosaint Sonraí
    • Access to Information on the Environment
    • An Nochtadh Cosanta
    • An Bhrústocaireacht
    • Acht na dTeangacha Oifigiúla
    • An Eitic
    • Public Sector Duty
    • Bye Laws
    • An Soláthar
  • Teagmháil / Aiseolas
    • Téigh i dTeagmháil Linn
    • Déan Iarratas ar Sheirbhís
    • Déan Íocaíocht
    • Déan Gearán
    • Comhairliúcháin Phoiblí

Customer Services GA

Address

Oifigí na Cathrach
Cé an Adhmaid
Baile Átha Cliath 8
Co. Dublin
D08 RF3F
Éire

Telephone Number
01 222 2222
Email Address
[email protected]

Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath / Dublin City Council
Dublin City Council
Féach ar ár láithreán gréasáin eile

© 2023 Dublin City Council