Cáin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe – Dréacht-Léarscáil Bhliantúil do 2026

D’ullmhaigh agus d’fhoilsigh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath Dréacht-Léarscáil Bhliantúil do 2026 (faoin Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997) lena sainaithnítear na tailte a thagann faoi raon feidhme na cánach ar thalamh chriosaithe chónaithe (CTCC).

Notice text

Tabhair faoi deara, cé go gcuirtear san áireamh ar an léarscáil iad, nach bhfuil réadmhaoin chónaithe faoi réir CTCC má tá siad faoi réir Cáin Mhaoine Áitiúil.

Cúlra

Tugadh isteach an Cháin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe leis an Acht Airgeadais, 2021. Is cáin bhliantúil í an cháin a ríomhtar ag ráta 3% de luach margaidh na talún. Is é príomhchuspóir na cánach gníomhachtú tráthúil na talún forbraíochta cónaithe criosaithe agus seirbhísithe le haghaidh na tithíochta a spreagadh.

Éilítear ar Údaráis Áitiúla na tailte a thagann faoi raon feidhme na cánach a mhapáil. Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim CTCC a riar.

Shainaithin Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath talamh a thagann faoi raon feidhme na cánach trí dhréachtléarscáil athbhreithnithe a fhoilsiú i mí Feabhra, 2024. Tá próiseas mapála bliantúla 2025 tugtha i gcrích anois agus an léarscáil deiridh foilsithe an 31 Eanáir 2025.

Is é an 1 Feabhra 2025 an chéad dáta dliteanais le haghaidh na cánach. Is iad na Coimisinéirí Ioncaim a thugann faoi riar na Cánach ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoi CTCC, léigh ‘Réamheolas ar Cháin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe’ agus ‘Cáin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe – Do Cheisteanna Freagartha’

Dréacht-Léarscáil Bhliantúil

Foilsítear dréachtléarscáil bhliantúil don bhliain 2026 an 1 Feabhra 2025.

Tá deis ag úinéirí talún/tríú páirtithe anois aighneachtaí a dhéanamh maidir le láithreáin shonracha a áireamh leis an léarscáil deiridh nó a eisiamh uaithi, nó maidir leis an dáta ar chomhlíon láithreán na critéir ábhartha den chéad uair.

Aighneachtaí

Beidh an Dréacht-Léarscáil Bhliantúil do 2026 ar fáil lena hiniúchadh ag an bpobal ón 1 Feabhra, 2025.

Féadfar aighneachtaí maidir leis an dréachtléarscáil bhliantúil a chur faoi bhráid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath i scríbhinn ón 1 Feabhra, 2025 go dtí an 1 Aibreán, 2025, chun:

  • Talamh bhreise a d’fhéadfadh teacht faoin raon feidhme, ach nach bhfuil san áireamh leis an dréachtléarscáil bhliantúil do 2026, a shainaithint;

  • Agóid a dhéanamh i gcoinne cuimsiú talún ar an léarscáil má mheasann an t-úinéir nach gcomhlíonann an talamh na critéir lena gcinntear an talamh a bheith faoin raon feidhme;

  • Agóid a dhéanamh i gcoinne dáta óna meastar go dtagann an talamh faoin raon feidhme; agus/nó

  • Tacú le heisiamh molta dá dtalún.

Cé go gcuirtear san áireamh ar an léarscáil iad, níl réadmhaoin chónaithe faoi réir CTCC má tá siad faoi réir Cáin Mhaoine Áitiúla. Ní gá aighneacht a dhéanamh chun réadmhaoin chónaithe a bhaint den léarscáil

Féadfar aighneacht a chur faoi bhráid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath mar a leanas:

Féadfar aighneacht i scríbhinn a dhéanamh go leictreonach tríd an suíomh gréasáin ag engage.dublincity.ie/en-IE/projects/residential-zoned-land-tax-submission-form-annual-draft-map-for-2026

Féadfar aighneacht a dhéanamh i scríbhinn chuig “Léarscáil CTCC”, Aonad Bainistíochta Talún Gníomhaí, Roinn Pleanála agus Forbartha Réadmhaoine, Bloc 4, Urlár 2, Oifigí na Cathrach, Cé an Adhmaid, Baile Átha Cliath 8, D08 RF3F.

Déan d’aighneacht trí mheán amháin le do thoil, is é sin, trí chóip chrua nó trí thairseach an tsuímh ghréasáin.

Ba cheart go n-áireofaí le haighneachtaí ainm agus seoladh, na cúiseanna chun tailte a áireamh nó a eisiamh, mar aon le léarscáil ar scála 1:1,000 i gcás ina bhfuil úinéir talún ag déanamh na haighneachta, lena léirítear go soiléir an limistéar talún is ábhar don aighneacht.

Foilseofar aon aighneacht i scríbhinn den sórt sin a fhaightear faoin 1 Aibreán 2025, seachas na codanna sin den aighneacht atá ina sonraí pearsanta, ar an suíomh gréasáin atá faoi chúram Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath tráth nach déanaí ná an 11 Aibreán, 2025.

Maidir leis na tailte a mholtar a áireamh agus a eisiamh ón dréachtléarscáil bhliantúil, tá sé faoi réir na n-aighneachtaí a fhaightear. Ba cheart d’aon úinéir talún a thacaíonn le heisiamh a thalún aighneacht a dhéanamh mar thacú le heisiamh den sórt sin.

Féadfar aighneachtaí maidir le hiarraidh ar athchriosú ar an Léarscáil Deiridh do 2025 a chur faoi bhráid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath i scríbhinn tráth nach déanaí ná an 1 Aibreán, 2025 anseo.