Skip to main content
Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath / Dublin City Council

Main navigation

  • Residential
  • Business
  • Your Council
  • Events
Menu
Menu
Advanced Search

Main navigation (mobile)

  • Residential
  • Business
  • Your Council
  • Events
Breadcrumb
  1. Home
  2. Libraries
  3. blog
Language switcher
  • English
  • Gaeilge

Roghanna na Foirne: Leabhair páistí

Back to blog

Published on 18th June 2024

Tá na léirmheasanna leabhair seo do léitheoirí óga scríofa ag John ón Lár Leabharlann.  Bhain John sásamh as na scéalta breátha Gaeilge seo le déanaí.

Share
  • Share via Twitter
  • Share via Facebook
  • Share via WhatsApp
Áinmhithe na hÉireann

Ainmhithe na hÉireann le Juanita Browne, Aistrithe ag Fidelma Ní Ghallchobhair

Is aoibhinn an leabhar nádúir seo.  Tá ós cionn fiche cur síos spéisiúil ann ar ainmhithe éagsúla na hÉireann agus tá na pictiúir breá soléir le dathanna feiceálacha.  Is tobar eolais é an leabhar ar fad!  Is deas an codarsnacht ann idir na hainmhithe roghnaithe, dóibh siúd a bhfuil le feiscint go coitianta timpeall na tíre agus cúpla ceann neamhcoitianta ina measc.  Tá gluais cuimsitheach ag chúl an leabhair agus leideanna ana mhaith ann do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí le tacú a thabhairt leis an bhfiadhúlra.  

Caoilte Caillte sa Mhúsaem le Gemma Nic Conchara

Caoilte Caillte sa Mhúsaem le Gemma Nic Conchara

Is scéal faoi bhuachaill óg scoile dárb ainm Caoilte, agus rógaire ceart é freisin, a dtéann ar strae le linn aistear scoile chuig an Músaem Stair an Dúlra.  Ní mar a shítear a bhítear sa mhúsaem áirithe seo!  Tá na léaráidi gleoite ar fad agus cuireann siad go mór le heachtra an bhuachalla óg agus a chairde úra.  Bhainfeadh leanaí scoile agus éinne a thug cuairt riamh ar an Músaem seo taitneamh as scéal Caoilte.  Seans go mbeadh fonn ar an léitheóir dul ar cuairt chuig an Músaem díreach tar éis é a léamh!

An Drúchtín agus an Seilide le Oein de Bhairduin

An Drúchtín agus an Seilide le Oein de Bhairduin

Tá an scéal seo fréamhaithe i seanachas Lucht Siúil na hÉireann.  Is scéal é faoi dhá dhrúchtín, sona sásta i bhfochair a chéile, a bhuaileann le préachán sa choill.  De dheasca an comhrá seo, eiríonn easaontas idir an dá drúchtín agus titeann cúrsaí amach ina dhiaidh.  Níos mó ná sin, is scéal tráthúil é faoi cairdeas, éagsúlacht agus féin glacadh sa domhan mór.  Tá scoth na Gaeilge le léamh agus le foglaim sa leabhar seo.  Bhainfeadh gach léitheoir, idir óg is aosta, tairbhe as.

Dog Man as Gaeilge le Dav Pilkey, Aistrithe ag Máirín ní Mhárta

Dog Man as Gaeilge le Dav Pilkey, Aistrithe ag Máirín ní Mhárta

Tá clú agus cáil bainte amach ag Dog Man i mBéarla le cúpla bliain anuas.  Is iontach an rud é go bhfuil leagan aistrithe go Gaeilge faoi láthair, nó an leagan woof-igúil mar a deirtear!  Lean an madra botúnach seo agus a chairde agus iad sa tóir ar bithiúnaigh éagsúla, a leithéid de Petey an phríosiúnach chait agus na Weenies, a bhfuil fonn orthu an bhaile a scriosadh.  Is leabhar greannmhar é Dog Man go cinnite, an caidreamh idir Dog Man agus an Ceannnfort ach go h’áirithe.  Tá an leabhar maisithe go hiontach comh maith agus is iontach an rud é go bhfuil an tarna leabhar sa sraith, Scaoilte Amach, ar fáil freisin.

Tags:
books & reading
children's books
Share
  • Share via Twitter
  • Share via Facebook
  • Share via WhatsApp

Genre

action-adventure
crime-thriller
fantasy
fiction
historical fiction
horror
mystery
romance
science fiction
western

Recommended Tags

archives
author spotlight
author visits
biographies
book awards
book clubs
books & reading
business & employment
children
children's books
Citizens in Conflict (series)
Comics
creative writing
Culture Night (podcasts)
digitised works
Dublin Remembers 1916
DVDs
eResources
events
family history
gilbert lecture (podcasts)
graphic novels
history (podcasts)
image galleries
Irish fiction
learning
libraries & archive news
local studies
music
non-fiction
photographic collections
podcasts
publications
reviews
staff picks
talking books
teens
text version
travel
videos
websites
work matters
Close

Main navigation

  • Residential
  • Business
  • Your Council
  • Events

Footer menu

  • About Us
    • Careers
    • Who Does What
    • DCC Alerts
    • News and Media
    • Policies and Documents
  • Using dublincity.ie
    • Website Accessibility
    • Privacy Statement
    • Terms & Conditions
    • Sitemap
  • Statutory Obligations
    • Freedom of Information
    • Data Protection
    • Access to Information on the Environment
    • Protected Disclosures
    • Lobbying
    • Official Languages Act
    • Ethics
    • Public Sector Duty
    • Bye Laws
    • Sell to government
  • Get in Touch / Feedback
    • Contact Us
    • Online Services
    • Make a Payment
    • Make a Complaint
    • Public Consultations

Customer Services Centre

Address

Civic Offices
Wood Quay
Dublin 8
D08 RF3F
Ireland

Telephone Number
01 222 2222
Email Address
[email protected]

Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath / Dublin City Council
Dublin City Council
Visit our other sites

© 2025 Dublin City Council