2. Comhionannas agus Bithéagsúlacht

Táimid tiomanta do sheirbhís ardchaighdeáin a chur ar fáil dár gcustaiméirí go léir, agus déanfaimid cinnte nach ndéantar leatrom ar aon duine mar gheall ar inscne, stádas pósta, stádas teaghlaigh, gnéaschlaonadh, creideamh, aois, míchumas, cine agus ballraíocht sa Phobal Lucht Siúil. Freastalófar ar an éagsúlacht agus beifear ag obair chun ár seirbhísí a dhéanamh níos inrochtana do dhaoine atá bocht nó eisiata go sóisialta.

ID an Bhirt Bearta
2.1

Oiliúint ar fheasacht chomhionannais a chur ar bhaill foirne a bhíonn ag plé go díreach le custaiméirí

 

2.2 Cairt Aoisbháúil na Comhairle Cathrach a bheith ar taispeáint inár bpointí rochtana poiblí uilig agus ar ár suíomh gréasáin
2.3 ‘Treoir don Chumarsáid Aoisbháúil’ a fhoilsiú agus oiliúint a chur ar fáil don fhoireann túslíne uilig
2.4 Saoráidí lúibe ionduchtúcháin a chur ar fáil ag ár gcuntair phoiblí chun cabhrú le custaiméirí a bhfuil lagú éisteachta orthu
2.5 Measúnú a dhéanamh ar na bearta eile ar cheart a bheith i bhfeidhm chun freastal ar iarratais rochtain a fháil ar sheirbhísí i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann