8. Rogha
Cuirfear ár seirbhísí ar fáil i réimse bealaí teagmhála custaiméirí i gcónaí, chun rogha a chur ar fáil do chustaiméirí ionas go mbeidh siad ábalta rochtain a fháil ar sheirbhísí ar an gcaoi, an uair agus an áit is feiliúnaí dóibh.
ID an Bhirt | Bearta |
8.1 | Cur le réimse na n-idirbheart is féidir a dhéanamh ar líne ionas go mbeidh custaiméirí ábalta rochtain a fháil ar sheirbhísí nuair a fheileann sé dóibh |
8.2 | Acmhainneacht na mboscaí féinseirbhíse i saoráidí na comhairle cathrach a fhiosrú, ionas go mbeifear ábalta cabhrú le custaiméirí ár seirbhísí ar líne a úsáid agus eolas a aimsiú |