4. Eolas

Beifear réamhghníomhach i leith eolas a chur ar fáil atá soiléir, tráthúil, cruinn agus a fhreastalaíonn ar riachtanais na ndaoine a bhfuil riachtanais ar leith acu.

ID an Bhirt Bearta
4.1 ‘Treoir Stíle an Bhéarla Shimplí don tSeirbhís Phoiblí’ a chur chuig an bhfoireann uilig ionas go mbeidh sé éasca ár gcumarsáid scríofa a thuiscint
4.2 Suíomh gréasáin na Comhairle Cathrach a athdhearadh go mbeidh sé níos so-úsáidte agus chun a chinntiú go dtagann sé le caighdeáin inrochtana reatha an Údaráis Náisiúnta Míchumais
4.3 Feabhas a chur ar conas a úsáidimid na meáin shóisialta mar uirlis chun an t-eolas is deireanaí a chur ar fáil go pras maidir le seirbhísí agus bristeacha seirbhíse
4.4 Athbhreithniú a dhéanamh ar ár bhfoirmeacha iarratais chun iad a shimpliú agus go mbeidh sé níos éasca iad a thuiscint