Aguisín 2: Modh Déanta Gearán do Chustaiméirí

Déantar gach iarracht déileáil lenár gcustaiméirí go héifeachtach, go pras agus go cúirtéiseach. Mar sin féin, d’fhéadfá a bheith míshásta anois is arís le caighdeán na seirbhíse a fuair tú.

Tá difríocht idir gearán a dhéanamh agus locht a thuairisciú. Mar shampla, is ionann poll sa bhóthar a thuairisciú agus locht a thuairisciú. Gearán atá ann nuair nach gcuirtear pé gníomh a gealladh i gcrích.

Más amhlaidh atá, moltar duit iarracht a dhéanamh aon fhadhb a réiteach ag leibhéal áitiúil. Is é seo an bealach is sciobtha le fadhb a réiteach, de ghnáth. Níl le déanamh ach dul i dteagmháil leis an mball foirne nó leis an rannóg a mbaineann sé léi, mínigh an scéal dóibh agus iarr orthu déileáil leis.

Má theipeann ar an gcur chuige seo an fhadhb a réiteach, féadfaidh tú gearán oifigiúil a dhéanamh.

Is féidir gearán oifigiúil a dhéanamh mar seo a leanas:

  • Ar líne, ag baint úsáid as an bhfoirm ar líne do ghearáin na gcustaiméirí ar ár suíomh gréasáin
  • Litir a sheoladh, foirm ghearáin oifigiúil a líonadh amach, ríomhphost a sheoladh nó glaoch a chur ar:

Bainisteoir na Seirbhísí Custaiméirí

Aonad Seirbhísí Custaiméirí

Oifigí na Cathrach

An Ché Adhmaid

Baile Átha Cliath 8

Teil: 01 222 2222

ríomhphost: [email protected]

Tá ár bhfoirm ghearáin oifigiúil ar fáil ón gComhairle Cathrach, i leabharlanna cathrach nó ar ár suíomh gréasáin www.dublincity.ie

  • I láthair go pearsanta in aon cheann dár gcuid oifigí nó leabharlann

Cuirfear do ghearán le clár na ngearán agus seolfar admháil fhoirmiúil chugat laistigh de thrí lá oibre. Ansin cuirfear do ghearán ar aghaidh chuig an Oifigeach do Ghearáin ó Chustaiméirí cuí, a dhéanfaidh iniúchadh air agus a thabharfaidh freagra duit laistigh de 15 lá oibre.

Mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagra, is féidir leat achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh chuig Bainisteoir Feidhmiúcháin na Roinne cuí laistigh de 15 lá ó thug an tOifigeach do Ghearáin ó Chustaiméirí freagra duit. Déanfaidh an Bainisteoir Feidhmiúcháin iniúchadh ar an gcinneadh agus ar an bhfreagra a tugadh agus déanfaidh sé cinneadh maidir leis an achomharc laistigh de 15 lá oibre.

Má tá tú fós míshásta, is féidir leat achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh chuig Oifig an Ombudsman. Tá an oifig go hiomlán neamhspleách ó Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

Oifig an Ombudsman

Sráid Líosain Íochtarach

Baile Átha Cliath 2

Glaoch áitiúil: 1890 223030

Teil: 01 6395600

ríomhphost: [email protected]

suíomh gréasáin: www.ombudsman.ie

Tabhair do d’aire le do thoil: Ní bhaineann Modh Déanta Gearán do Chustaiméirí na Comhairle Cathrach le cinntí na Comhairle Cathrach nuair atá próiseas reachtúil achomhairc ar siúl, agus ní chuireann sé isteach ar do chearta faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise.