Aguisín 5: Cosaint Sonraí

Tá sé de cheart agat cóip a fháil d’aon fhaisnéis fút atá ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. D’fhéadfadh an fhaisnéis seo a bheith sábháilte ar ríomhaire nó i gcóras comhdúcháin lámh.

Chun aon fhaisnéis fút atá ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath a fháil, scríobh chugainn ag:

Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath

An tOifigeach um Chosaint Sonraí

Aonad Bainistíochta Eolais

Bloc 3, Urlár 4,

Oifigí na Cathrach

An Ché Adhmaid

Baile Átha Cliath 8

Teil: 01 222 3775

ríomhphost: [email protected]

Ba cheart go gcuirfear an méid seo in iúl i do litir nó i do ríomhphost:

“Ba mhian liom iarratas rochtana a dhéanamh faoin Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí chun cóip a fháil d’aon fhaisnéis atá agaibh fúm, ar an ríomhaire nó i bhfoirm lámh.”

Cuir aon sonraí chugainn a d’fhéadfadh cabhrú linn do thaifid a aimsiú, le do thoil. Mar shampla:

  • Uimhir cuntais custaiméara
  • Uimhir foirne
  • Aon eolas eile a d’fhéadfadh cabhrú linn do thaifid a shainaithint

Bí sonrach maidir leis an bhfaisnéis atá a lorg agat.

Faoin RGCS is féidir le daoine aonair an fhaisnéis seo a leanas a lorg in iarratas rochtana:

  • cuspóirí na próiseála;
  • catagóirí na sonraí pearsanta atá bainteach;
  • na daoine nó catagóirí na ndaoine ar tugadh nó a dtabharfar na sonraí pearsanta dóibh, go háirithe daoine i dtríú tíortha nó in eagraíochtaí idirnáisiúnta;
  • más féidir, an t-achar ama a bhfuil sé i gceist na sonraí pearsanta a stóráil, murar féidir, na critéir a úsáidtear chun an t-achar ama sin a shocrú;
  • go bhfuil sé de cheart ag duine aonair iarraidh ar an rialaitheoir na sonraí pearsanta a cheartú nó a scriosadh, nó srian a chur ar phróiseáil shonraí pearsanta an duine is ábhar dóibh, nó cur i gcoinne próiseála dá leithéid sin i gcásanna áirithe;
  • an ceart gearán a dhéanamh le húdarás maoirseachta;
  • sa chás nár bailíodh na sonraí pearsanta ón duine is ábhar dóibh, aon eolas maidir le foinse na sonraí pearsanta;
  • gur ann don chinnteoireacht uathoibrithe, lena n-áirítear próifíliú, agus, ar a laghad sna cásanna sin, eolas tábhachtach faoin loighic a bhaineann leis, chomh maith leis an tábhacht agus na torthaí a shamhlaítear le próiseáil dá leithéid an duine is ábhar do na sonraí pearsanta.

Oibrímid de réir an dea-chleachtais maidir lenár ndualgais faoin Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí. Lena n-áirítear:

  • sonraí pearsanta a fháil go cothrom ón duine aonair, is é sin, an duine aonair a chur ar an eolas go bhfuil na sonraí á mbailiú agus an cuspóir ar leith atá acu;
  • sonraí pearsanta a fháil do chuspóirí sonraithe, soiléire, dlisteanacha agus gan tuilleadh próiseála a dhéanamh orthu ar bhealach nach dtagann leis na cuspóirí sin
  • gan níos mó sonraí ná mar is gá a bhailiú ó dhuine aonair don chuspóir a n-úsáidfear na sonraí lena aghaidh;
  • na sonraí a choinneáil cruinn agus cothrom le dáta
  • na sonraí a choimeád ar feadh tréimhse nach bhfuil níos faide ná mar is gá don chuspóir sonraithe sin;
  • na sonraí a choinneáil sábháilte agus slán; agus
  • cóip dá sonraí pearsanta nó da shonraí pearsanta a chur ar fáil don duine aonair má éilíonn sé/sí cóip.

Faoin RGCS tá na cearta atá treisithe go sonrach ag an duine aonair:

  • eolas a fháil maidir le conas a dhéantar próiseáil ar a shonraí in eagraíocht nó i ngnólacht;
  • cóipeanna dá shonraí pearsanta atá ag eagraíocht a fháil;
  • sonraí míchearta nó neamhiomlána a cheartú;
  • iarraidh ar eagraíocht sonraí an duine aonair a scriosadh i gcásanna áirithe
  • cur i gcoinne phróiseáil na heagraíochta ar a shonraí i gcásanna áirithe;
  • gan a bheith curtha faoi phróiseas na cinnteoireachta uathoibrithe, lena n-áirítear an próifíliú (le roinnt eisceachtaí).

 

Chun eolas a fháil maidir le cosaint sonraí, téigh chuig suíomh gréasáin an Choimisiúin um Chosaint Sonraí ag www.dataprotection.ie

An Ceart Gearán a dhéanamh le hOifig an Choimisiúin um Chosaint Sonraí

Mura bhfuil tú sásta le toradh an fhreagra a fuair tú ó Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath maidir le d'iarratas, ansin tá tú i dteideal gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí a d'fhéadfadh an t-ábhar a imscrúdú ar do shon.

Is é suíomh gréasáin an Choimisiúin um Chosaint Sonraí ná www.dataprotection.ie nó is féidir leat teagmháil a dhéanamh lena nOifig ag:

Uimhir Áitiúil:          1890 252 231

Ríomhphost:           [email protected]

Seoladh Poist:          Coimisinéir um Chosaint Sonraí

Teach na Canálach

Bóthar an Stáisiún

Cúil an tSúdaire

Co. Laoise R32 AP23