1. Caighdeáin Cháilíocht na Seirbhíse

Leagtar amach cineál agus cáilíocht na seirbhíse inár gCairt Custaiméirí, ar féidir le custaiméirí a bheith ag súil léi agus iad i mbun teagmhála leis an gComhairle Cathrach. Tá an Chairt Custaiméirí leagtha amach in Aguisín 1.

Agus ár ngealltanais á mbaint amach againn sa Chairt Custaiméirí, déanfaidh an Chomhairle Cathrach iarracht seirbhís do chustaiméirí thar cionn a chur ar fáil mar seo a leanas:

Seirbhís Teileafóin

  • Freagrófar an teileafón go sciobtha agus go múinte
  • Tabharfar an t-eolas atá uait ar bhealach cabhrach
  • Chomh fada agus is féidir, rachfar i ngleic le do cheist ar an gcéad ghlaoch gutháin
  • Cuirfear do ghlaoch ar aghaidh chuig an duine is cuí chomh sciobtha agus is féidir
  • Tabharfar ainm agus uimhir theileafóin an duine atá ag plé le do cheist duit, ar fhaitíos go mbeadh ort glaoch a chur arís
  • Murar féidir freagra a thabhairt duit ar an bpointe, breacfar síos do chuid sonraí agus cuirfear glaoch ort nuair a fheileann sé duit, agus tabharfar ainm ball foirne duit a chuirfidh glaoch ar ais ort

Cuairteoirí ár n-oifigí poiblí

  • Beifear múinte, cúirtéiseach agus cothrom i mbun plé leat
  • Rachfar i ngleic le do cheist chomh sciobtha agus is féidir
  • Léireofar meas ar do phríobháideachas agus cuirfear saoráidí príobháideacha do chruinniú ar fáil, más gá
  • Cinnteofar go mbeidh an scuaine is lú agus is féidir ann. Murar féidir an scuaine a sheachaint, anois is arís, cuirfear ar an eolas thú maidir leis seo agus míneofar na cúiseanna atá leis duit
  • Coinneofar ár n-oifigí poiblí sábháilte, glan agus inrochtana do chách
  • Chomh fada agus is féidir, beidh uaireanta caighdéanaithe ann don soláthar seirbhíse

Comhfhreagras scríofa (r-phost & post)

  • Cuirfear in iúl go bhfuarthas an comhfhreagras laistigh de 5 lá oibre agus déanfar iarracht freagra a thabhairt laistigh de 15 lá oibre nó níos lú
  • Scríobhfar chomh soiléir agus simplí agus is féidir, agus úsáidfear a laghad téarmaí teicniúla agus is féidir. Má úsáidtear téarmaí teicniúla, míneofar iad
  • Tabharfar ainm teagmhála, uimhir theileafóin, seoladh ríomhphoist agus uimhir thagartha duit i ngach comhfhreagras scríofa
  • Cuirfear ríomhphost ‘as oifig’ chugat má bhíonn ball foirne as láthair ar feadh níos mó ná 3 lá oibre agus cuirfear teagmhálaí eile ar fáil duit

Iarratais

  • Cuirfear in iúl go bhfuarthas d’iarratas agus déanfar é a phróiseáil laistigh de tréimhse aontaithe
  • Déanfar cinneadh maidir le d’iarratas chomh sciobtha agus is féidir
  • Pléifear le gach iarratas go seasta, cothrom
  • Míneofar ár gcinntí uilig
  • Cuirfear ar an eolas thú maidir le do cheart achomharc a dhéanamh agus conas achomharc a dhéanamh in aghaidh ár gcinnidh
  • Cinnteofar go n-úsáidtear na sonraí pearsanta a fuarthas don aidhm ar lorgaíodh iad amháin

Seirbhísí Ar Líne

  • Cinnteofar go bhfuil sé éasca eolas, foirmeacha agus foilseacháin a aimsiú ar ár suíomh gréasáin
  • Cinnteofar go bhfuil sé éasca trácht, gearán nó aighneacht a chur isteach ar ár suíomh gréasáin
  • Cinnteofar go gcomhlíonann ár suíomh gréasáin na caighdeáin inrochtaineachta
  • Leanfar ar aghaidh ag cur lenár seirbhísí ar líne ionas go mbeidh tú ábalta rochtain a fháil ar ár seirbhísí ag am agus in áit a fheileann duit
  • Cuirfear ar an eolas láithreach thú nuair a fhaightear do cheist, d’iarratas nó d’íocaíocht ar ár seirbhísí ar líne

Seirbhísí trí Ghaeilge

Tá sé de cheart ag gach custaiméir a chuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge nó trí Bhéarla linn. Tá sé mar aidhm againn seirbhísí a thairiscint agus a chur ar fáil sa dá theanga.

ID an Bhirt Bearta
1.1 Ár gCairt Custaiméirí a bheith ar taispeáint go feiceálach inár n-oifigí agus saoráidí poiblí go léir
1.2 Measúnú neamhspleách seachtrach a lorg d’fheidhmíocht an Ionaid Seirbhísí do Chustaiméirí chun cabhrú le seirbhís ardchaighdeáin do chustaiméirí a chur ar fáil i gcónaí
1.3 Monatóireacht a dhéanamh ar aiseolas agus ar ghearáin ó chustaiméirí chun réimsí inar féidir dul chun cinn a dhéanamh a shainaithint