Déan Gearán
Is féidir le haon duine nach bhfuil sásta le seirbhís Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath gearán a dhéanamh - nó is féidir le duine atá ag feidhmiú ar a s(h)on agus le toiliú uaidh nó uaithi gearán a dhéanamh.
Gearán a Dhéanamh le Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath
Is féidir le haon bhall den phobal a bhfuil cúnamh ag teastáil uaidh nó uaithi chun gearán a dhéanamh, teagmháil a dhéanamh leis an tseirbhís trí aon cheann de na modhanna seo a leanas:
- Go pearsanta ag aon cheann dár bhfoirgnimh.
- Le teileafón ar (01) 222 4000.
- Le ríomhphost ag [email protected].
- Le litir seolta chuig:
Oifigeach Gearán,
Seirbhís Dóiteáin agus Tarrthála Bhaile Átha Cliath,
Sráid Chnoc na Lobhar,
Baile Átha Cliath 2,
D02 RY99.
Gearán a Dhéanamh leis an Ombudsman
Geallaimid iarracht ar leith a dhéanamh do ghearán a réiteach go sásúil. Má bhíonn tú fós míshásta lenár bhfreagairt, áfach, is féidir leat do ghearán a sheoladh ar aghaidh chuig Oifig an Ombudsman.
Déanann Oifig an Ombudsman imscrúdú ar ghearáin ó bhaill den phobal a chreideann go bhfuil soláthraithe seirbhíse poiblí tar éis caitheamh go héagórach leo. Feidhmíonn an tOmbudsman go neamhchlaonta agus is féidir gearán a dhéanamh saor in aisce.
Lorgóidh an tOmbudsman cóip den litir dheiridh freagartha a fuair tú maidir le do ghearán ó Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath. Is bealach é sin a chinntiú go ndearna tú gearán linne go díreach ar dtús.
Is féidir leat gearán a dhéanamh leis an Ombudsman trí cheachtar de na modhanna seo a leanas:
- Tríd an bhfoirm ‘Déan Gearán’ a líonadh isteach atá le fáil ar shuíomh gréasáin an Ombudsman.
- Is féidir leat glaoch ar an uimhir (01) 639 5600 chun cóip chrua den fhoirm ghearáin a lorg.
Déan teagmháil le Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath
Má tá aon cheist agat maidir leis an bpróiseas gearáin, déan teagmháil linn.