Saincheist Sábháilteachta ó Dhóiteán a Thuairisciú
Foghlaim conas saincheist sábháilteachta ó dhóiteán, tinte ealaíne mídhleathacha nó ábhair tinte cnámh carntha a thuairisciú do Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath.
I gcás éigeandála, glaoigh ar 999 nó 112 i gcónaí. Más mian leat ábhar imní maidir le sábháilteacht ó dhóiteán a thuairisciú ba cheart do Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath a scrúdú, is féidir leat teagmháil a dhéanamh tríd an bhfaisnéis thíos a úsáid.
Saincheist Sábháilteachta ó Dhóiteán a Thuairisciú
Má tá amhras ort maidir le rialacháin sábháilteachta ó dhóiteán a bheith á sárú, má thugann tú guais fhéideartha faoi deara in áit phoiblí nó má tá ábhar eile maidir le sábháilteacht ó dhóiteán ag déanamh imní díot, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le rannóg um Chosc Dóiteán Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath:
- Trí ríomhphost a sheoladh chuig
- Trí ghlaoch ar an uimhir
Beidh na línte seo ar fáil Luan go hAoine, 9am - 5pm.
Tinte Ealaíne Mídhleathacha a Thuairisciú
Má chreideann tú go bhfuil taispeántas tinte ealaíne mídhleathach á ullmhú nó má tá imní ort faoi shláinte agus sábháilteacht taispeántais tinte ealaíne, glaoigh ar Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath ar an uimhir (01) 222 4000 agus abair leis an mball foirne go bhfuil tú ag iarraidh guais dóiteáin a thuairisciú.
Ba cheart dóibh glaoch ar na Gardaí de réir na faisnéise thíos de bhrí nach bhfuil aon chumhacht againn chun stop a chur leis na páirtithe lena mbaineann, iad a ghabháil nó a ionchúiseamh. Ní féidir linn ach an dóiteán a d’fhéadfadh tarlú mar thoradh ar a leithéid a mhúchadh.
Ábhair Tinte Cnámh a Thuairisciú
Má fheiceann tú ábhar á bhailiú nó á charnadh agus má tá imní ort go bhféadfadh an t-ábhar sin a bheith in úsáid do thine cnámh, déan teagmháil le do chomhairle áitiúil chun an méid sin a thuairisciú.
Aimsigh na sonraí teagmhála ábhartha thíos do cheithre Údarás Áitiúla Bhaile Átha Cliath sa tábla thíos.
| Údarás Áitiúil | Uimhir Theileafóin | Seoladh Ríomhphoist |
|---|---|---|
| Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath | (01) 222 2222 | [email protected] |
| Comhairle Contae Fhine Gall | (01) 890 5000 | [email protected] |
| Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas | (01) 414 9000 | [email protected] |
| Dún Laoghaire-Ráth an Dúin | (01) 205 4700 | [email protected] |
Tabhair faoi deara, má fhaigheann tú boladh de thine cnámh atá ag dó a bhfuil imní ort faoi, glaoigh ar an uimhir éigeandála 999 nó 112. Má theastaíonn tuilleadh faisnéise maidir le tinte ealaíne nó tinte cnámh uait, is féidir leat dul chomh fada lenár leathanach maidir le Sábháilteacht ó Dhóiteán ar Oíche Shamhna.
Seol Tuairisc tríd an bPost
Más fearr leat saincheist sábháilteachta ó dhóiteán neamh-éigeandála a thuairisciú i scríbhinn, is féidir leat é sin a dhéanamh trína seoladh chuig:
Dublin Fire Brigade HQ,
165-169 Townsend Street,
Dublin 2,
D02 RY99.