Céard ba Cheart Duit a Dhéanamh i gcás Éigeandála
I gcás éigeandála, glaoigh ar an uimhir 999 nó 112. Faigh tuilleadh eolais faoi na cásanna inar cheart duit glaoch ar na seirbhísí éigeandála agus faoin méid a tharlóidh i ndiaidh duit an glaoch a dhéanamh.
Cathain ba cheart Glaoch ar an Uimhir 999 nó 112
Glaoigh ar an uimhir 999 nó 112 i gcónaí i gcás dóiteáin nó má tá duine éigin go dona tinn nó gortaithe, nó má tá saol duine éigin i mbaol.
Más rud é nach éigeandáil atá bagrach don bheatha atá ann agus mura dteastaíonn cúnamh leighis láithreach uait féin, nó an duine a bhfuil tú in éineacht leis nó léi, smaoinigh ar na roghanna seo a leanas sula nglaonn tú ar an uimhir 999:
- Tabhair aire don othar sa bhaile nó seiceáil an bhfuil baill teaghlaigh nó cairde ar fáil chun cabhrú leat.
- Labhair le do chógaiseoir áitiúil.
- Tabhair cuairt ar nó glaoigh ar do dhochtúir teaghlaigh.
- Déan do bhealach féin chomh fada le roinn Timpistí & Éigeandála an ospidéil.
Faighimid líon mór glaonna maidir le hothair nach bhfuil freagairt éigeandála ag teastáil uathu agus arbh fhéidir cóireáil níos oiriúnaí a chur ar fáil dóibh trí úsáid a bhaint as cosán cúraim difriúil.
Roghnaigh an chóireáil is fearr do do riachtanais. Ceadaíonn sé sin dúinn cabhrú leis na daoine a bhfuil cabhair ag teastáil uathu uainne sa tréimhse is giorra agus is féidir.
Céard a Tharlaíonn nuair a Ghlaonn tú ar an Uimhir 999 nó 112?
Nuair a fhaightear glaonna otharchairr inár n-ionad rialaithe, freagraítear iad láithreach. Iarrfaidh an duine a fhreagraíonn an glao ar an nglaoiteoir a (h)uimhir theileafóin a insint dó nó di, mar aon le suíomh an teagmhais agus faisnéis faoi.
Chun an fhaisnéis sin a athsheiceáil, déanfaidh an ball foirne na sonraí seo ar fad a athrá fad leis an nglaoiteoir.
Baineann ár mbaill foirne a fhreagraíonn glaonna agus atá freagrach as cúrsaí riaracháin úsáid as bogearraí chun an glao a rangú i gceann amháin de thrí chatagóir bunaithe ar leibhéal práinne.
Catagóirí Freagartha Éigeandála
Chun a chinntiú go seoltar an fhreagairt cheart, freagraítear gach cloí ar bhealach atá oiriúnach dá chatagóiriú. Is iad seo a leanas na trí chatagóir:
- Teagmhais atá bagrach don bheatha láithreach, cosúil le pianta cliabhraigh, deacrachtaí anáil a tharraingt, neamhaireachtáil, cailleadh fola tromchúiseach, dónna tromchúiseacha, tachtadh, taomanna nó comhtholgadh, bá nó frithghníomhuithe ailléirgeacha tromchúiseacha.
- Tinnis nó gortuithe tromchúiseacha ach nach bhfuil bagrach don bheatha.
- Riochtaí sláinte nach bhfuil bagrach don bheatha.
Baineann ár mbaill foirne a fhreagraíonn glaonna inár n-ionad rialaithe úsáid as Ardchóras Seolta Tosaíochta Leighis, a úsáideann faisnéis a bailíodh ón nglaoiteoir chun tús áite a thabhairt don ghlao. Chomh maith leis sin, cinntíonn an córas seo go seoltar na hacmhainní otharchairr cearta chuig an láthair. Cinntíonn an córas seo freisin go bhfaigheann na cásanna is bagraí don bheatha an fhreagairt is tapa.
Fad is atá an t-otharcharr nó na hinnill dóiteáin ar an mbealach chuig an láthair, soláthraíonn na baill foirne a fhreagraíonn na glaonna comhairle leighis don ghlaoiteoir ar an teileafón freisin. Cabhraíonn sé sin chun a chinntiú nach gcailltear am ar bith nuair a bhíonn cúram leighis á chur ar fáil..
Cén Fhaisnéis a bheidh ag Teastáil Uaim?
Nuair a ghlaonn tú ar na seirbhísí éigeandála, cuirfidh oibreoir ceist ort maidir leis an tseirbhís atá ag teastáil uait. Más éigeandáil leighis atá ann, lorg an tseirbhís otharchairr. Más dóiteáin atá i gceist, lorg an bhriogáid dóiteáin. Ansin aistreofar thú chuig ball foirne cuí a bheidh in ann déileáil leis an nglaoch.
Beidh an fhaisnéis seo a leanas ag teastáil uait nuair a dhéanann tú an glaoch:
- Do shuíomh cruinn.
- An uimhir theileafóin atá in úsáid agat chun an glaoch a dhéanamh.
- Faisnéis maidir leis an méid a tharla.
A luaithe a bheidh a fhios againn cá bhfuil tú, tosóimid ag eagrú cabhrach duit.
Ag brath ar an teagmhas, d’fhéadfadh an ball foirne a d’fhreagair an glaoch iarraidh ort tuilleadh faisnéise a chur ar fáil.
Ceisteanna Breise nuair a bhíonn Dóiteán á Thuairisciú
- An bhfuil aon duine san fhoirgneamh?
- Ar gortaíodh aon duine?
- An bhfuil an foirgneamh atá ag dó ceangailte le haon réadmhaoin eile?
- Céard iad na sainchomharthaí talún áitiúla a chabhródh chun an suíomh a aithint?
Ceisteanna Breise nuair a bhíonn Éigeandáil Leighis á Tuairisciú
- Aois agus inscne an othair?
- An bhfuil aon stair leighis ag an othar?
- An bhfuil an t-othar comhfhiosach agus ag análú?
- An bhfuil an t-othar ag cailleadh go leor fola nó an bhfuil pianta cliabhraigh air nó uirthi?
- Céard cineál gortaithe atá i gceist agus cén chaoi ar tharla sé?
Má fhreagraítear na ceisteanna seo ní chuirfear moill ar iarracht Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath dul chomh fada leis an láthair. Ach cabhróidh sé leis na baill foirne atá ag freagairt na nglaonna chun comhairle thábhachtach Garchabhrach a chur ort fad is atá ár gcriúnna ar an mbealach chuig an láthair.
Céard ba Cheart Duit a dhéanamh sula mbíonn Cabhair ar fáil
Sula mbíonn cabhair ar fáil, míneoidh ár mbaill foirne atá freagrach as glaonna a thógáil agus ár riarthóirí, na céimeanna is féidir leat a chur i gcrích chun cabhrú le hothar nó chun ullmhú dár gcriúnna. D’fhéadfadh na céimeanna seo a leanas a bheith i gceist:
- Fan leis an othar go dtí go mbíonn cabhair ar fáil.
- Glaoigh ar ais orainn má athraíonn an bhail atá ar an othar.
- Glaoigh ar ais orainn má athraíonn do shuíomh.
- Iarr ar dhuine éigin na doirse a oscailt agus cuir eolas ar fáil dár mbaill foirne, má tá tú taobh istigh.
- Glasáil peataí tí in áit éigin.
- Scríobh síos sonraí maidir le dochtúir teaghlaigh an othair agus bailigh aon chógas atá á thógáil aige nó aici, más féidir.
- Inis dúinn má tá aon ailléirge ag an othar.
- Lean comhairle bhunúsach Garchabhrach.
I rith an ama seo, beidh ár mbaill foirne ar fáil chun tacú leat agus chun cabhrú leat fanacht suaimhneach.
Céard a Tharlaíonn Nuair a Shroicheann na Seirbhísí Éigeandála an Láthair
Ag brath ar an gcineál éigeandála, cuirfear acmhainní difriúla ar fáil chun cabhrú leis an obair ar an láthair.
Cé a bheidh ar an Láthair?
Tá flít de 12 otharcharr le fáil i Seirbhís Otharchairr Éigeandála Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath. Tá córas Seirbhísí Leighis Éigeandála dóiteánbhunaithe á chur ar fáil ag Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath, áfach, rud a chiallaíonn gurbh fhéidir gur inneall dóiteáin a bheadh ag an láthair ar dtús. Is paraimhíochaineoirí oilte agus cláraithe iad ár gcomhraiceoirí dóiteáin ar fad.
Freagróidh criúnna dóiteáin do gach dóiteán tí i mBaile Átha Cliath. Sa chás go dtuairiscítear go bhfuil daoine taobh istigh, rachaidh an criú chomh fada leis an láthair le trí inneall dóiteáin, oifigeach sinsearach agus otharcharr. Más dóiteáin níos lú atá i gceist, d’fhéadfadh an fhoireann seolta cinneadh a dhéanamh gan ach inneall dóiteáin amháin a sheoladh chuig an láthair.
Beidh freagairt réamhchinnte á cur ar fáil do dhóiteáin níos mó, áfach, ag brath ar an bhfaisnéis a chuireann an glaoiteoir ar fáil. Má tá riosca aitheanta ag baint leis an réadmhaoin, d’fhéadfadh freagairt shonrach a bheith bunaithe ar phleananna réamhtheagmhais ábhartha nó ar phleananna guaise mórthimpiste.
Cé a Chuirfidh Cóireáil Ort?
Tá raon ball foirne iloilte ag Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath a bheidh in ann othair a tharrtháil, cóireáil a chur orthu agus iad a iompar mar fhreagairt ar theagmhais éagsúla.
Le cois freagairt do dhóiteáin agus d’éigeandálaí leighis, tá ár bpearsanra oilte freisin chun freagairt do theagmhais a bhaineann le tarrtháil uisce, tarrtháil ardlíne, imbhuailtí tráchta bóthair, tuilte, teagmhais ceimiceán agus éigeandálaí muirí.
Is paraimhíochaineoirí oilte iad ár gcomhraiceoirí dóiteáin lánaimseartha ar fad. Is ard-pharaimhíochaineoirí iad breis agus 80 ball foirne. Bíonn siad ag athrú go leanúnach idir dualgais otharchairr agus dualgais dóiteáin a chomhlíonadh.
Tá beirt chomhraiceoirí dóiteáin nó pharaimhíochaineoirí ag obair i ngach ceann dár n-otharcharranna. Lena chois sin, tá 21 inneall dóiteáin le suas le 120 paraimhíochaineoir ar fáil chun freagairt.
Déan teagmháil le Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath
Is cuma más ag comhrac dóiteáin, ag forfheidhmiú caighdeán sábháilteachta nó ag cur oideachas ar an bpobal atá ár mbaill foirne, is í an tosaíocht atá againn i gcónaí pobal Bhaile Átha Cliath a choinneáil sábháilte. Má tá aon cheist agat maidir leis an obair a dhéanaimid, déan teagmháil linn.