Ní ghlacann sé ach cúpla nóiméad chun seicliosta maidir le sábháilteacht ó dhóiteán a chur le chéile ach d’fhéadfadh sé do bheatha a thabhairt slán.
Siúl timpeall do thí d’fhonn iarracht a dhéanamh do theach a choimeád slán agus sábháilte, agus cuir ticeanna leis na rudaí sa liosta seo a leanas.
Tá gach gléas leictreach neamhriachtanach plugáilte amach
Tá gach gléas neamhriachtanach gáis múchta
Múchtar gach coinnle agus lasair gan chosaint
Tá garda lasrach os comhair aon tine oscailte
Folmhaíodh gach luaithreadán
Tá gach bealach éalaithe go hiomlán glan ó bhacainní
Tá gach doras dúnta le scaipeadh tine agus deataigh a laghdú
Ná déan dearmad ar an aláram deataigh agus aonocsaíd charbóin a sheiceáil gach seachtain. Lean Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath sna meáin shóisialta chun meabhrúcháin #testittuesday a fháil ó do chuid aláraim gach seachtain.