Caithfidh tú iarratas a dhéanamh chun spásanna páirceála Íoc agus Taispeáin aonair a chur ar fionraí ar a laghad 5 lá oibre sular mian leat go gcuirfear an fionraí i bhfeidhm.
Féadfar spásanna páirceála aonair Íoc agus Taispeáin a chur ar fionraí go sealadach chun iad a chur ar fáil d'úsáid shealadach eile, mar shampla:
Scannánú
Tuirlingt agus bailiú
Obair thógála
Athlonnú oifige
Aonaid chraolacháin
Ní cheadaítear feithiclí príobháideacha a pháirceáil sna bánna atá ar fionraí.
Rátaí Reatha maidir le Páirceáil ar Fionraí
Crios Buí - €50 an spás in aghaidh an lae
Crios Dearg - €41 an spás in aghaidh an lae
Crios Glas - €27 an spás in aghaidh an lae
Crios Oráiste - €19 an spás in aghaidh an lae
Crios Gorm - €12.70 an spás in aghaidh an lae
Chun iarratas a dhéanamh ar pháirceáil íoctha a chur ar fionraí, comhlánaigh agus seol ar ais an fhoirm Iarratais ar Páirceáil Íoctha a Chur ar Fionraí, a thugann breac-chuntas ar na téarmaí agus coinníollacha go léir, chuig [email protected]