Skip to main content
Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath / Dublin City Council

Main navigation

  • Cónaitheach
  • Gnó
  • Do Chomhairle
  • Events
Menu
Menu
Advanced Search

Main navigation (mobile)

  • Cónaitheach
  • Gnó
  • Do Chomhairle
  • Events
Breadcrumb
  1. Home
Language switcher
  • English
  • Gaeilge

An Méid a Dhéanaimid

Back to Home

Déanann Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath bainistiú ar bhreis agus 120 páirc agus spás glas de mhéideanna éagsúla trasna na cathrach.

Share
  • Share via Twitter
  • Share via Facebook
  • Share via WhatsApp

Déanann Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath bainistiú ar bhreis agus 120 páirc agus spás glas de mhéideanna éagsúla trasna na cathrach. Cuireann na páirceanna seo tairbhí áineasa, cultúrtha, comhshaoil agus sóisialta ar fáil do chathair Bhaile Átha Cliath. Tá clóis súgartha, saoráidí spóirt, raonta ealaíne agus dúlra agus seomraí tae i gceist leo agus cuirtear go leor féilte agus imeachtaí áitiúla agus náisiúnta ar siúl iontu i gcaitheamh na bliana.

Tá Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) freagrach as roinnt páirceanna sa chathair, Faiche Stiabhna, Páirc an Fhionnuisce, Garraithe Náisiúnta na Lus agus Gairdíní Náisiúnta Cuimhneacháin Cogaidh na hÉireann ina measc. Chun teacht ar bhreis eolais ar na páirceanna seo, tabhair cuairt ar láithreán gréasáin https://www.gov.ie/ 

Tabhair cuairt ar Pháirc Chathair Bhaile Átha Cliath

Chun teacht ar do pháirc áitiúil nó chun cuardach a dhéanamh de réir saoráide, téigh a fhad le ‘Tabhair Cuairt ar Pháirc’.

Saoráidí áirithinte  

Lena dheimhniú conas páirceanna, nó saoráidí spóirt eile i bPáirceanna Chathair Bhaile Átha Cliath a chur in áirithe, glaoigh ar + 1 353 2225278 nó seol ríomhphost chuig  [email protected]

Bíonn spásanna ar fáil ar cíos i roinnt páirceanna chun ranganna, cruinnithe, taispeántais agus saghsanna eile d’imeachtaí a chur ar siúl iontu:

Le ‘The Hive’ i bPáirc Hoirbeaird a chur in áirithe, glaoigh ar 01 222 5278 nó seol ríomhphost chuig [email protected]

Le spás in The Red Stables, Páirc San Anna, a chur in áirithe, glaoigh ar 01 222 7377 / 222 7841 nó seol ríomhphost chuig [email protected] 

Le hiarratas a dhéanamh chun gníomhaíocht, imeacht nó chun grianghraif a ghlacadh nó chun scannánú a dhéanamh i bpáirc i gCathair Bhaile Átha Cliath, tabhair cuairt ar ár Leathanach Gníomhaíochtaí, áit ar féidir leat teacht ar fhaisnéis faoi conas iarratas a dhéanamh agus faoi tháillí.

Imeachtaí

Cuirtear go leor imeachtaí agus féilte ar siúl i bPáirceanna Chathair Bhaile Átha Cliath, idir Rití Páirce agus Margaí, ceoldráma faoin spéir agus Féile an Róis. Tabhair cuairt ar ár leathanach Imeachtaí leis na liostaí imeachtaí a bheidh ag teacht aníos a fheiceáil.

Contact Details

Parks

Telephone Number
01 222 5278
Email Address
[email protected]
Share
  • Share via Twitter
  • Share via Facebook
  • Share via WhatsApp
Close

Main navigation

  • Cónaitheach
  • Gnó
  • Do Chomhairle
  • Events

Footer menu

  • Eolas Fúinn
    • Folúntais
    • An Fhoireann agus na Dualgais
    • DCC Alerts
    • An Nuacht agus Na Meáin
    • Beartais agus Cáipéisí
  • Conas dublincity.ie a Úsáid
    • An Inrochtaineacht ar an Láithreán Gréasáin
    • Ráiteas Príobháideachais
    • Téarmaí & Coinníollacha
    • Léarscáil Láithreáin
  • Oibleagáidí Reachtúla
    • Shaoráil Faisnéise
    • An Chosaint Sonraí
    • Access to Information on the Environment
    • An Nochtadh Cosanta
    • An Bhrústocaireacht
    • Acht na dTeangacha Oifigiúla
    • An Eitic
    • Public Sector Duty
    • Bye Laws
    • An Soláthar
  • Teagmháil / Aiseolas
    • Téigh i dTeagmháil Linn
    • Déan Iarratas ar Sheirbhís
    • Déan Íocaíocht
    • Déan Gearán
    • Comhairliúcháin Phoiblí

Customer Services GA

Address

Oifigí na Cathrach
Cé an Adhmaid
Baile Átha Cliath 8
Co. Dublin
D08 RF3F
Éire

Telephone Number
01 222 2222
Email Address
[email protected]

Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath / Dublin City Council
Dublin City Council
Féach ar ár láithreán gréasáin eile

© 2025 Dublin City Council