Teach an Ard-Mhéara
Is éard atá i gceist le Teach an Ard-Mhéara ná áit chónaithe oifigiúil chéad saoránach Bhaile Átha Cliath, an tArd-Mhéara, agus is é ceann de na foirgnimh is áille agus is mó a thaitníonn le daoine inár gcathair.
Áit Chónaithe Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath
Sampla d’ailtireacht de stíl na Banríona Áine arb annamh a dtagtar air i mBaile Átha Cliath atá i dTeach an Ard-Mhéara agus is é áit chónaithe oifigiúil chéad saoránach Bhaile Átha Cliath, an tArd-Mhéara, agus is é ceann de na foirgnimh is áille agus is mó a thaitníonn le daoine inár gcathair.
Bhí Teach an Ard-Mhéara i gceartlár rialtas na cathrach ón mbliain 1715. Beartaíodh i dtosach gur theach baile mhóir le haghaidh Joshua Dawson a bheadh ann, forbróir Shráid Dhásain agus Shráid Nassau, agus tosaíodh an tógáil sa bhliain 1705. B’annamh a chónaigh Joshua Dawson sa teach. Deich mbliana ina dhiaidh sin agus fós gan é a bheith críochnaithe go hiomlán, díoladh é le Bardas Bhaile Átha Cliath ar £3,500 (€4,444), anuas ar chíos bliantúil 40 scilling agus comhaontú chun builín siúcra a mínphróiseáladh faoi dhó ar meáchan sé phunt a thabhairt um Nollaig.
Áit ar leith é Teach an Ard-Mhéara ar go leor cúiseanna:
- Is é an t-aon áit chónaithe do mhéara in Éirinn a úsáidtear go fóill dá bhunchuspóir.
- Is é an áit chónaithe Méara is sine in Éirinn agus sa Bhreatain (tógadh teach oifigiúil dá mhéara i mBaile Átha Cliath 15 bliana sular tógadh a mhacasamhail de theach i Londain).
- Is é an teach saorsheasaimh is sine i mBaile Átha Cliath.
- Cuireadh cruinniú tionscnaimh Dháil Éireann ar siúl sa Chruinnseomra an 21 Eanáir 1919.
Cuairt a thabhairt ar Theach an Ard-Mhéara
Má tá cruinniú agat leis an Ard-Mhéara nó má tá tú ag freastal ar chruinniú nó imeacht atá á chur ar siúl ag an Ard-Mhéara, is é an bealach isteach chuig an teach ná tríd an doras ag barr na gcéimeanna ar thosach an fhoirgnimh. Buail cloigín an dorais, le do thoil, agus cabhróidh Stíobhard an Tí leat.
Má tá tú ag freastal ar imeacht sa Seomra Darach a d’eagraigh eagraíocht eile, tá an bealach isteach chuig an seomra seo ar thaobh na láimhe clé den fhoirgneamh agus tríd an doras ar dheis agus deireadh an tsiúláin. Tá córas fuaime éisteachta sa Seomra Darach (nó ‘closchóras lúb ionduchtúcháin') do dhaoine a bhfuil áiseanna éisteachta á n-úsáid acu, agus is féidir é a chur i ngnímh tríd an socrú ‘T’ (Telecoil) a roghnú.
Is féidir le húsáideoirí cathaoir rothaí Teach an Ard-Mhéara a bhaint amach trí ardaitheoir ardáin atá suite ar thaobh na láimhe clé den fhoirgneamh. Ar chuspóirí slándála, tá CCTV i bhfeidhm taobh amuigh de Theach an Ard-Mhéara.
Níl aon pháirceáil ag Teach an Ard-Mhéara ach tá carrchlós poiblí suite díreach taobh thiar de, díreach laistiar de Lána Theach na Scoile. Cliceáil anseo chun teacht ar bhreis faisnéise agus treoracha.