Ceisteanna Coitianta faoi Shaincheadúnas
Is féidir leat seiceáil an bhfuil tú ar an gClár trí chuairt a thabhairt ar www.voter.ie nó www.checktheregister.ie nó in Oifigí Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
D’fhéadfadh sé nach mbeidh tú ábalta tú féin a aimsiú ar voter.ie más amhlaidh gur cuireadh isteach d’ainm, do sheoladh nó d’Éirchód go mícheart. Déan teagmháil, le do thoil, le Cearta Vótála ([email protected] / teil: 222 5010) má tá tú cláraithe chun vótála ach nach féidir leat tú féin a aimsiú ar líne.
Faoi láthair, mura bhfuil do shonraí ar an gclár agus níl tú áirithe i seoladh eile, is féidir leat iarratas a dhéanamh chun go gcuirfear thú ar Chlár na dToghthóirí. Is féidir é seo a dhéanamh ar dhá shlí.
- Cláraigh ar líne trí www.voter.ie agus bain úsáid as cuntas fíoraithe MyGovId.
- Comhlánaigh foirm iarratais ERF1– toghthóir nua, athrú seolta, teacht in aois.
Má tá saoránacht Éireannach faighte agat agus ní raibh tú riamh ar Chlár na dToghthóirí, ní mór duit foirm ERF1 a chomhlánú más mian a bheith ar Chlár na dToghthóirí. Ach má tá tú ar Chlár na dToghthóirí cheana féin agus tá saoránacht Éireannach faighte agat, ní mór duit do shonraí a nuashonrú tríd an fhoirm ábartha (ERF1) a chomhlánú nó ar line ag www.voter.ie (má tá cuntas fíoraithe MyGov ID agat). Ansin beidh tú ábalta vótáil i ngach toghchán agus reifreann.
Is féidir leat clárú ar líne:
- Baile Átha Cliath amháin @ www.voter.ie – Caithfidh cuntas fíoraithe mygovID.ie a bheith agat chun é seo a úsáid.
- Lasmuigh de Bhaile Átha Cliath @ www.checktheregister.ie
Is féidir leat clárú suas go dtí 14 lá roimh toghchán/reifreann (seachas an Domhnach, Aoine an Chéasta nó saoire poiblí). Ag an bpointe sin, dúnfar an clár agus ní bheidh tú ábalta vótáil sa toghchán sin.
Éireannach – Saoránaigh Éireannacha: is féidir leo vótáil i ngach toghchán agus Reifreann
Briotanach/Saoránach AE - Saoránaigh Bhriotanacha: is féidir leo vótáil i dToghcháin Dála agus Áitiúla
AE – Is féidir le Saoránaigh an AE vótáil i dToghcháin Eorpacha agus Áitiúila
Neamh-AE – Saoránaigh Neamh-Eorpacha: is féidir vótáil i dToghcháin Áitiúla
AE Ionchasach – Is feidir le Saoránaigh Eorpacha Ionchasacha vótáil i dToghcháin Áitiúla
|
Uachtarán & Reifeann |
Dáil |
Eorpach |
Áitiúil |
Saoránaigh Éireannacha |
Tá |
Tá |
Tá |
Tá |
Saoránaigh Bhriotanacha |
Níl |
Tá |
Níl |
Tá |
Saoránaigh Bhriotanacha/AE |
Níl |
Tá |
Tá |
Tá |
Saoránaigh AE |
Níl |
Níl |
Tá |
Tá |
Saoránaigh Neamh-AE |
Níl |
Níl |
Níl |
Tá |
AE Ionchasach |
Níl |
Níl |
Níl |
Tá |
Ní féidir. Ar an drochuair, níl tú i dteideal vóta poist a fháil.
Má tá post ag duine a d’fhéadfadh cosc a chur air nó uirthi vótáil ina stáisiún vótála áitiíúl, Is féidir leis an duine sin iarratas a dhéanamh ar vóta poist.
Má tá ainm toghthóra ar liosta na vótálaithe poist, ní féidir leis nó léi ach vóta a chaitheamh sa phost. Ní ligfear dóibh vótáil sa stáisiún vótála má théann siad ann. Beidh an rud céanna i gceist le vótálaithe speisialta.
Níl sa chárta eolais vótála ach cárta eolais a insíonn duit dáta agus am na vótaíochta agus suíomh do stáisiún vótála. Is féidir leat vótáil má tá tú ar Chlár na dToghthóirí agus má thugann tú aitheantas fótagrafach agat (i.e.Pas, Ceadúnas Tiomána, Pas Bus nó ID Oibre) leat ar an lá.
Ní mór duit vótáil ag an stáisiún vótála a sannaíodh duit. Is iad na Cinn Chomhairimh a chineann suíomh na Stáisiún Vótála de réir na limistéir cheantair vótála. Is gnách gur Scoil nó Halla áitiúil é i do cheantar. Scaiptear an Scéim Vótála roimh an lá. Tá eolas faoi do stáisiún vótála le fáil ar do chárta eolais vótála.
Is feidir leat vótáil fiú mura bhfuil seoladh buan agat. Beidh ort an seoladh a sholáthar den áit ina gcaitheann tú an chuid is mó de do chuid ama, e.g. brú, teach cara etc. Beidh ort freisin seoladh a sholáthar chun go bhfaighidh tú comhfhreagras.
Sea, is féidir leat clárú mar vótálaí anaithnid – beidh ort fianaise dhoiciméadach a sholáthar ina n-áireofar trí phríomhordú: an tAcht um Fhoréigean Baile, an tAcht um Chionta Neamh-Mharfacha in Aghaidh an Duine, agus an tAcht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) nó dearbhú ó dhochtúir ginearálta (cleachtóir leighis cláraithe) nó ó Cheannfort an Gharda Síochána.
Faoin reachtaíocht nua tá an t-eolas seo riachtanach chun do chéannacht a fhíorú. Seachnaíonn sé dúbláil nach gá agus feabhsaíonn sé sláine an chláir.
Déantar foirmeacha clárúcháin a scanadh isteach i gcomhad na dToghthóirí. Coimeádtar iad ar feadh bliain amháin agus ansin scriostar iad.
Déan teagmháil linn ag [email protected] / 01 222 5010 agus tabharfaimid an t-eolas cuí duit mar aon leis na céimeanna atá le tógáil.