Skip to main content
Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath / Dublin City Council

Main navigation

  • Cónaitheach
  • Gnó
  • Do Chomhairle
  • Events
Menu
Menu
Advanced Search

Main navigation (mobile)

  • Cónaitheach
  • Gnó
  • Do Chomhairle
  • Events
Breadcrumb
  1. Home
  2. Gnó
  3. Gnó a dhéanamh leis an gComhairle
Language switcher
  • English
  • Gaeilge

Méadú ar Chostais Ghnó (ICOB)

Back to Gnó a dhéanamh leis an gComhairle
Share
  • Share via Twitter
  • Share via Facebook
  • Share via WhatsApp
Notice text

Tá clárú don deontas Méadú ar Chostais Ghnó dúnta anois.

Fuairmid líon ard aighneachtaí agus is mór againn do foighne agus iad á bpróiseáil.

Mar chuid de Bhuiséad 2024, chuir an Rialtas a shéala le pacáiste €257m do Dheontas i leith an Chostais Mhéadaithe Gnó (CMG) mar bheart ríthábhachtach do ghnólachtaí beaga agus meánacha. Is í Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, le maoiniú ón Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta (RFTF), a dhéanfaidh leithdháileadh an deontais do ghnólachtaí cáilitheacha a láimhseáil. 

Gheobhaidh gnólachtaí cáilitheacha íocaíocht aon uaire. Tá méid an deontais is iníoctha le gnólachtaí cáilitheacha bunaithe ar luach an bhille Rátaí Tráchtála a fuair an gnólacht in 2023. Ní haon tarscaoileadh ar Rátaí Tráchtála é, áfach, agus ba cheart go gcoinneodh gnólachtaí orthu ag íoc an bhille Rátaí Tráchtála mar is gnách.

Cén cuspóir atá leis an deontas?

Tá an deontas ar fáil do ghnólachtaí cáilitheacha mar chúnamh i bhfianaise na gcostas méadaitheach atá os comhair gnólachtaí. Tá an deontas ceaptha le cúnamh a thabhairt do ghnólachtaí ach níl sé ceaptha le gach aon ardú pá, nó costais eile, a chúiteamh go díreach don uile gnólacht.

Cé mhéad atá sa deontas?

Tá an deontas bunaithe ar luach an bhille Rátaí Tráchtála a fuair gnólacht incháilithe in 2023.

  • I gcás gnólachtaí cáilitheacha a fuair bille Ráta Tráchtála ar luach <€10,000 in 2023, íocfar an deontas CMG ar ráta 50% de bhille Ráta Tráchtála an ghnólachta in 2023.
  • I gcás gnólachtaí cáilitheacha a fuair bille Ráta Tráchtála ar luach idir €10,000 agus €30,000 in 2023, beidh luach €5,000 ag an deontas CMG.
  • Níl gnólachtaí a bhfuil bille Ráta Tráchtála acu do 2023 ar mó é ná €30,000 incháilithe chun deontas CMG a fháil.

Cé hiad na gnólachtaí atá incháilithe leis an deontas a fháil?

Is iad seo a leanas na príomhchritéir cháilitheacha:

  • Ní mór go mbeadh do ghnólacht ag trádáil ar bhonn tráchtála, i mbun gnó faoi láthair ó ionad réadmhaoine atá inrátaithe ar bhonn tráchtála.
  • Ní mór go mbeadh do ghnólacht i mbun trádála ar an 1 Feabhra 2024 agus ní mór go mbeadh sé ar intinn agat coinneáil ort i mbun trádála go ceann trí mhí ar a laghad ón dáta a dhearbhaíonn tú do chuid faisnéise.
  • Ní mór duit do chuid sonraí cuntais bainc a dheimhniú.
  • Ní mór go mbeadh do ghnólacht comhlíontach ó thaobh rátaí a íoc. D'fhéadfaí go measfar gnólachtaí a bhfuil plean íocaíochta á fheidhmiú acu a bheith comhlíontach.
  • Ní mór go mbeadh do ghnólacht cáin-chomhlíontach agus ní mór Uimhir Chlárúcháin Chánach (UCC) a bheith aige

Tabhair faoi deara le do thoil go bhforchoimeádann Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, an ceart chun aon íocaíocht deontais a tharraingt siar más léir níos déanaí gur tugadh go mícheart í. Áirítear leis seo aon chúinse ina ndearnadh earráid ar thaobh an ghnólachta de, a fuair í nó an t-údarás áitiúil a d’íoc í, nó más rud é go ndearna gnólacht dearbhú bréagach maidir le bheith incháilithe.

Cé chomh luath agus is féidir le gnólachtaí an deontas a fháil?

Tá córas ar líne forbartha lena ndéanfar láimhseáil ar an bhfaisnéis bhunriachtanach a chuirfear isteach. Tá treoracha i leith rochtain ar an gcóras seo tugtha do chustaiméirí cheana féin i dteannta lena mbille rátaí 2024. Más rud é nach bhfuair tú na treoracha seo ná do bhille rátaí 2024 téigh i dteagmháil le do Bhailitheoir áitiúil nó cuir ríomhphoist chuig [email protected]   

Cad é an dáta deiridh?

Is é an 1 Bealtaine 2024 an dáta deiridh faoinár féidir le gnólachtaí a n-incháilitheacht a dheimhniú agus a gcuid sonraí fíoraithe a uaslódáil.

Cá bhfuil tuilleadh eolais le fáil?

Eisíodh comhfhreagras chuig íocóirí rátaí ina bhfuil sonraí logáil isteach chun d’iarratas a dhéanamh ar líne. Tá an tairseach ar líne ar oscailt anois ag www.icob.ie. 

Má ritheann aon cheist leat maidir leis an Deontas CMG téigh i dteagmháil linn le do thoil ag 01 222 2171 nó ag [email protected].

Má ritheann aon cheist leat maidir le do chuntas Rátaí Tráchtála lena n-áirítear iarmhéideanna amuigh, déan teagmháil, le do thoil, le do Bhailitheoir áitiúil a bhfuil a shonraí teagmhála ar fáil ar do bhille nó seol ríomhphost chuig [email protected] . Beidh ár bhfoireann sásta aon iarmhéid amuigh ar do rátaí a phlé leat agus na céimeanna ar féidir a ghlacadh chun comhlíontacht leis an scéim a chinntiú.

Department of enterprise Trade employment Logo
Share
  • Share via Twitter
  • Share via Facebook
  • Share via WhatsApp

In this Section

  • Collection of property rates
  • Public Procurement
  • Méadú ar Chostais Ghnó (ICOB)
  • Power Up grant
Close

Main navigation

  • Cónaitheach
  • Gnó
  • Do Chomhairle
  • Events

Footer menu

  • Eolas Fúinn
    • Folúntais
    • An Fhoireann agus na Dualgais
    • DCC Alerts
    • An Nuacht agus Na Meáin
    • Beartais agus Cáipéisí
  • Conas dublincity.ie a Úsáid
    • An Inrochtaineacht ar an Láithreán Gréasáin
    • Ráiteas Príobháideachais
    • Téarmaí & Coinníollacha
    • Léarscáil Láithreáin
  • Oibleagáidí Reachtúla
    • Shaoráil Faisnéise
    • An Chosaint Sonraí
    • Access to Information on the Environment
    • An Nochtadh Cosanta
    • An Bhrústocaireacht
    • Acht na dTeangacha Oifigiúla
    • An Eitic
    • Public Sector Duty
    • Bye Laws
    • An Soláthar
  • Teagmháil / Aiseolas
    • Téigh i dTeagmháil Linn
    • Déan Iarratas ar Sheirbhís
    • Déan Íocaíocht
    • Déan Gearán
    • Comhairliúcháin Phoiblí

Customer Services GA

Address

Oifigí na Cathrach
Cé an Adhmaid
Baile Átha Cliath 8
Co. Dublin
D08 RF3F
Éire

Telephone Number
01 222 2222
Email Address
[email protected]

Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath / Dublin City Council
Dublin City Council
Féach ar ár láithreán gréasáin eile

© 2025 Dublin City Council