Déan Iarratas ar Cheadúnas Capaill

Ceanglaítear ceadúnas capaill le dlí chun capall a choinneáil i limistéar riaracháin Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Faigh amach conas iarratas a dhéanamh ar cheann.

De réir an dlí, éilítear capaill eisithe ag an Aonad um Leas Ainmhithe chun capall a choinneáil i gceantar riaracháin Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Eisítear ceadúnais faoin gcoinníoll go bhfuil capaill á gcoinneáil ag suíomh sonrach, a bhfuil cigireacht déanta air agus atá ceadaithe chun na críche seo ag cigire tréidliachta ceaptha.

Ní eiseoidh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ceadúnas ach sa chás go bhfuil áiseanna oiriúnacha ann chun sábháilteacht an chapaill a chinntiú agus sa chás go bhfuil ceanglais an Achta um Rialú Capall agus na bhFodhlíthe um Rialú Capall á gcomhlíonadh.

Cosnaíonn ceadúnas capaill €32. I ndiaidh iarratas a dhéanamh, déanfaidh oifigeach tréidliachta an Aonaid um Leas Ainmhithe teagmháil le húinéir an chapaill chun cigireacht a eagrú.

Chun iarratas ar cheadúnas capaill a dhéanamh, íoslódáil an fhoirm iarratais thíos agus seol í chuig:

Animal Welfare Unit,
Dublin City Council,
Civic Offices,
Block 2, Floor 3,
Wood Quay,
Dublin 8,
D08 RF3F.

Nó, is féidir leat foirm iarratais páipéir a lorg agus í a sheoladh chuig an seoladh céanna.

Foirm Iarratais do Cheadúnas Capaill

Tabhair faoi deara go mbeidh uimhir mhicrishlise an chapaill ag teastáil uait chun iarratas ar cheadúnas capaill a dhéanamh.

De réir reachtaíocht an AE ní mór go mbeadh pas capaill ag gach úinéir capaill chun iad féin a aithint mar úinéir an ainmhí agus ní mór go mbeadh cur síos mionsonraithe acu ar an ainmhí, an uimhir mhicrishlise san áireamh. Tá sonraí maidir le comhlachtaí eisiúna pasanna ceadaithe le fáil ar an suíomh gréasáin gov.ie.

Cóistí Capaill

I láthair na huaire, níl aon chumhacht ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath chun ceadúnú feithiclí a tharraingíonn capaill, le ligean ar cíos nó le haghaidh brabúis, a rialú. Má tá imní ort maidir le capall a bhfuil cóiste á tharraingt aige, áfach, déan teagmháil linn.

Déan teagmháil leis an Aonad um Leas Ainmhithe

Má tá ceist agat maidir le hiarratas a dhéanamh ar cheadúnas capaill, déan teagmháil leis an Aonad um Leas Ainmhithe trí úsáid a bhaint as na sonraí thíos.

Contact Details