Faigh Capall Urghafa Ar Ais
Faigh amach conas capall a d’urghabh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath a fháil ar ais.
Soláthraíonn Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath Seirbhís um Rialú Capall chun déileáil leis na fadhbanna a eascraíonn as cleachtas na húinéireachta capall mífhreagraí sa chathair.
I measc na bhfadhbanna a bhaineann le capaill a choinneáil sa chathair tá:
- Faillí agus cruálacht a fhulaingíonn capaill.
- Damáiste do mhaoin phoiblí, lena n-áirítear páirceanna, faichí agus ciumhaiseanna féir.
- Contúirt do shláinte an phobail.
- An núis ghinearálta a chruthaíonn capaill in áiteanna poiblí.
Cathain is féidir Capall a Ghabháil
Faoin Acht um Rialú Capall, 1996, is féidir capall a ghabháil agus a chur i bpóna má chomhlíontar aon cheann de na critéir seo a leanas:
- Is capall seachráin atá ann.
- Is núis é an capall.
- Níl an capall á rialú go hoiriúnach.
- Cruthaíonn sé contúirt do dhaoine nó do mhaoin.
- Cruthaíonn sé bagairt do shláinte agus leas duine nó ainmhithe eile.
- Tá sé á choinneáil i limistéar rialaithe gan ceadúnas capaill a chiallaíonn go bhfuil teidlíocht ann an capall a choinneáil sa limistéar seo.
- Níl sé inaitheanta nó ní féidir é a aithint de réir mar a d’fhéadfadh Alt 28 den reachtaíocht a éileamh.
- Tá sé á choinneáil, tá marcaíocht á déanamh air, tá sé á sheoladh nó lonnaithe i limistéar contrártha d’aon fhodhlí arna dhéanamh faoi alt 47 den reachtaíocht.
Faoi Acht um Rialú Capall, 1996, bhunaigh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath a Fodhlíthe um Rialú Capall, a tháinig i bhfeidhm in 2014. Forálann na Fodhlíthe seo do rialú agus do cheadúnú capall i gceantar riaracháin Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Forálann siad freisin do ghabháil agus do dhiúscairt capall a sháraíonn na fodhlíthe seo.
An tAcht um Leas Ainmhithe
Is féidir capaill a ghabháil freisin faoin Acht um Shláinte agus Leas Ainmhithe, 2013. Má ghabhtar do chapall faoin reachtaíocht seo, ní féidir leat do chapall a fháil ar ais go dtí go mbeidh imscrúduithe críochnaithe go hiomlán agus go bhfuiltear i ndiaidh cloí le próis chuí.
Má gabhadh do chapall faoin reachtaíocht seo, ní mór gach cumarsáid maidir leis an ainmhí a threorú chuig an ngníomhaireacht ábhartha, Aonad um Leas Ainmhithe Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath nó An Garda Síochána mar shampla.
Conas Capall a Fháil ar Ais
Iompraítear capaill a ghabhtar i ndáil le cionta faoin Acht um Rialú Capall nó Fodhlíthe um Rialú Capall Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath chuig póna ainmnithe.
Anseo, taifeadtar cur síos mionsonraithe ar an gcapall agus scantar an capall chun a fháil amach a bhfuil micrishlis air. Mura bhfuil micrishlis ag an gcapall, cuirtear ceann air. Ansin cuirfidh tréidlia aon chóireáil air a mheastar atá riachtanach.
Chun capall a fháil ar ais, ní mór duit roinnt coinníollacha a chomhlíonadh. Ní mór duit an méid seo a leanas a dhéanamh:
- Pas capaill a chur ar fáil leis na doiciméid ábhartha riachtanacha ar fad.
- An fhoirm iarratais thíos a líonadh isteach chun capall gafa a scaoileadh saor.
- An mhionnscríbhinn thíos a líonadh isteach agus a shíniú os comhair Coimisinéir Mionnaí.
- Aon táille ghaolmhar a íoc.
Táillí a Bhaineann le Capall a Fháil ar Ais
Sonraítear an méid seo a leanas i bhFodhlíthe um Rialú Capall Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath: "Féadfaidh an Chomhairle Cathrach gach táille iníoctha i ndáil leis an gcapall a fháil ar ais ón úinéir nó ón gcoimeádaí lena n-áirítear táillí a bhaineann le coinneáil, táillí tréidlia agus táillí iompair tabhaithe ag an gComhairle".
Tá na táillí seo bunaithe ar an gcostas a bhíonn le híoc ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, in aghaidh gach capaill, chun an tseirbhís seo a sholáthar gach bliain agus déantar athbhreithniú ar na táillí ar bhonn bliantúil.
I láthair na huaire cosnaíonn sé €700 chun capall a fháil ar ais, móide €20 breise don oíche don chapall a choinnítear sa bhreis ar an tréimhse reachtúil cúig lá.
Liosta Capall Gafa le hÚinéirí Neamhaithnide
Tugtar fógra leis seo faoi Fhodhlí 9(b) d’Fhodhlíthe um Rialú Capall Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, 2014 gur gabhadh agus coinníodh na capaill thíosluaite, ach nach dol dúinn a n-úinéirí nó a gcoimeádaithe:
| Uimhir Aitheantais agus Marcanna | Gnéas | Dath | Dáta Gafa | Suíomh Gafa: |
|---|---|---|---|---|
| 25 DCC 001 | Fireann | Donnrua | 03/05/25 | Darndál |
Déan teagmháil leis an Aonad um Leas Ainmhithe
Má tá aon cheist agat maidir le capall a fháil ar ais nó más mian leat capall seachráin nó ainmhí suaite a thuairisciú, déan teagmháil leis an Aonad um Leas Ainmhithe trí úsáid a bhaint as na sonraí thíos. Tá ár líne theileafóin oscailte idir 9am-5pm ar laethanta na seachtaine agus idir 11am-3pm ag an deireadh seachtaine.