Madra a Fháil ar Ais nó a Thabhairt Suas

Faoin Acht um Rialú Madraí, cuireann Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath seirbhísí maoir madraí agus foscaidh madraí ar fáil. Faigh tuilleadh eolais.

Faoi Acht um Rialú Madraí, 1986, soláthraíonn Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath seirbhís maorachta madraí, a dhéileálann le madraí seachráin, madraí tugtha suas agus madraí gafa. Chomh maith leis sin, soláthraímid seirbhís dídine madraí. Coinnítear madraí a bhailíonn ár maoir agus bímid ag súil gur féidir iad a athshlánú agus úinéirí nua a fháil dóibh.

Madra a Fháil ar Ais

Eagraíonn Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath soláthar agus oibriú saoráidí dídine madraí chun críocha a feidhmeanna faoin Acht um Rialú Madraí, 1986An tAcht um Rialú Madraí (Leasú), 1992 agus Fodhlíthe um Rialú Madraí Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

Tugtar madraí a thugtar suas, a ghabhtar nó a aimsíonn ár bhfoireann chomh fada le póna ainmnithe oifigiúil Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Anseo, taifeadtar cur síos ar an madra agus déanann tréidlia scrúdú. Scanfar an madra freisin chun a fháil amach an bhfuil micrishlis aige agus, mura bhfuil micrishlis aige, cuirtear ceann air.

Mura bhfuil micrishlis cothrom le dáta ag do mhadra, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn trí úsáid a bhaint as na sonraí teagmhála ag bun an leathanaigh chun a fháil amach ar bhailigh duine dár maoir do mhadra.

Is féidir leat leathanach Facebook an Aonaid um Leas Ainmhithe a sheiceáil freisin, a nuashonraítear go rialta le grianghraif de na madraí a tugadh chomh fada lenár ndídean. Nuashonraítear an clár thíos, ar a bhfuil liosta de na madraí inár ndídean nach eol dúinn a n-úinéirí, ar bhonn míosúil freisin.

De réir an dlí, is féidir úinéirí nua a fháil do mhadraí nach dtógtar ar ais laistigh de chúig lá, rud a chiallaíonn go bhfuil sé tábhachtach teagmháil a dhéanamh linn chomh luath agus is féidir nuair a chailltear do mhadra. Is féidir leat tuilleadh comhairle a fháil inár n-alt maidir le céard ba cheart duit a dhéanamh má imíonn do mhadra ar strae.

Chun do mhadra a fháil ar ais, beidh ort fianaise ar úinéireacht agus aitheantas a chur ar fáil. Beidh ort táillí gaolmhara a íoc roimh ré freisin.

Clár Ar Líne 2025 de Mhadraí le hÚinéirí Neamhaithnide

Táillí a Bhaineann le Madra a Fháil ar Ais

Braithfidh an costas a bhaineann le do mhadra a fháil ar ais ar cé mhéad oíche a caitheadh inár ndídean. Seo a leanas na táillí gaolmhara a bhaineann le hainmhí a fháil ar ais: táille €30 san oíche do chúram, táille iompair €100

Chomh maith leis sin, b’fhéidir go mbeadh ort fíneálacha a íoc ag brath ar shárú na nAchtanna thíos. An tAcht um Rialú Madraí, 1986 agus na Rialacháin um Rialú Madraí, 1998 (Póir shrianta go sonrach). Tá na fíneálacha sin á socrú ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.

Ní mór gach táille a íoc sula dtugtar do mhadra ar ais duit. Is féidir leat íoc le cárta trí ghlaoch ar an uimhir 01 222 5441 nó 01 222 3368

Madra a Thabhairt Suas

Mura bhfuil tú in ann aire a thabhairt do mhadra níos mó, déan teagmháil linn trí úsáid a bhaint as na sonraí teagmhála thíos. B’fhéidir go mbeidh in ann an madra a thabhairt do dhídean Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, ach tá liosta feithimh againn i láthair na huaire. Tugaimid tús áite do na madraí a nglacaimid leo cás ar chás. B’fhéidir go mbeimis in ann tú a atreorú chuig eagraíocht tríú páirtí, áfach.

Gearraimid táille de €350 i leith gach madra a thugtar suas. Ní mór an táille seo a íoc sula mbailítear do mhadra. Is féidir leat íoc le cárta trí ghlaoch ar an uimhir 01 222 5441 nó 01 222 3368.

Chun madra a thabhairt suas agus a fhágáil faoinár gcúram, ní mór go mbeifeá in ann cruthúnas a sholáthar gur tusa úinéir dlíthiúil an mhadra trí cheadúnas Madraí bailí a chur ar fáil. Clúdaíonn an táille €350 chun madra a thabhairt suas an costas a bhaineann leis an madra a bhailiú, cúrsaí riaracháin, measúnú leighis agus measúnú iompair a dhéanamh.

Céard a Tharlaíonn do Mhadraí Nach mBailítear

De réir an dlí, is féidir úinéirí nua a fháil do mhadraí nach dtógtar ar ais ónár ndídean laistigh de chúig lá. Ní mór dúinn cloí le próiseas, áfach, chun cinneadh a dhéanamh maidir le cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil madra oiriúnach d’úinéir nua.

Sa chás go bhfuil sé deacair madraí a bhfuil úinéirí nua le fáil dóibh a láimhseáil, nó sa chás go dtagann siad ó thithe inar tharla mí-úsáid, déanaimid measúnú iompair ar an madra. Is féidir leat cóip de na nósanna imeachta a gcloímid leo nuair a bhíonn na madraí seo á meas againn a fháil thíos.

Oibrímid lenár n-eagraíochtaí comhpháirtíochta go minic chun úinéirí nua a fháil do mhadraí atá ina gcónaí inár ndídean.

Nósanna Imeachta chun Measúnú Iompair a dhéanamh ar Mhadraí sula bhfaightear Úinéirí nua dóibh

Déan teagmháil leis an Aonad um Leas Ainmhithe

Más mian leat madra a fháil ar ais nó a thabhairt suas, déan teagmháil leis an Aonad um Leas Ainmhithe trí úsáid a bhaint as na sonraí thíos. Tá ár líne theileafóin oscailte idir 9am-5pm ar laethanta na seachtaine agus idir 11am-3pm ar an Satharn agus ar an Domhnach.

Contact Details