Living City Initiative

Cuirtear síneadh le Togra na Cathrach Beo go dtí Nollaig 2022.

urban regeneration incentive living city logo skyline and clouds

Is éard atá i dTogra na Cathrach Beo (TCB) ná scéim dreasachta cánach chun cabhair agus spreagadh a thabhairt do dhaoine chun cónaí i limistéir stairiúla lár na cathrach i mBaile Átha Cliath. Ceadaíonn sé d’úinéirí agus d’infheisteoirí faoiseamh cánach a éileamh ar airgead a caitheadh ar réadmhaoin chónaithe a athchóiriú agus/nó a oiriúnú - mar fhaoiseamh ó cháin ioncaim (i gcás réadmhaoin chónaithe úinéir-áitithe) nó liúntas caipitil (i gcás réadmhaoin chónaithe ar cíos) i mBaile Átha Cliath, Corcaigh, Luimneach, Gaillimh, Port Láirge agus Cill Chainnigh. Trína cheadú d’úinéirí chun liúntas caipitil luathaithe a éileamh ar airgead a caitheadh ar réadmhaoin tráchtála a athchóiriú agus/nó a oiriúnú, spreagann an scéim ceantair mhiondíola agus thráchtála a athghiniúint freisin.

Tá mar chuspóir ag TCB dreasacht a sholáthar d’úinéirí/infheisteoirí chun tabhairt faoi na hoibreacha riachtanacha athchóirithe agus/nó oiriúnaithe chun cóiríocht reatha a uasghrádú nó athúsáid a bhaint as réadmhaoin thréigthe/nach mbaintear úsáid aisti faoi láthair.  I measc na samplaí, tá úsáid chónaithe/oifige a bhaint as urláir uachtaracha fholmha os cionn siopa nó tabhairt faoi obair athchóirithe ar do theach féin. Níl costas íosta na n-oibreacha is gá a íoc chun cáiliú don scéim anois ach €5,000. Is féidir le teach, árasán, siopa nó aon saghas struchtúir a bheith i gceist leis an réadmhaoin agus is féidir an réadmhaoin go léir nó cuid di a bheith i gceist leis.

An gcáilíonn mo réadmhaoin?

Chun cáiliú don scéim, caithfidh réadmhaoin chónaithe na coinníollacha seo a leanas a shásam:

  • Caithfidh gur tógadh é roimh an mbliain 1915 (ní bhaineann an coinníoll seo le réadmhaoin tráchtála).
  • Caithfidh an réadmhaoin a bheith suite laistigh den ‘Limistéar Ainmnithe Athghiniúna Speisialta’ (LAS). Tá léarscáil ar fáil ina dtugtar cuntas ar an Limistéar Athghiniúna Speisialta trí chliceáil anseo.
  • Caithfidh costas ar a laghad €5,000 a bheith ar na hoibreacha atá á ndéanamh. Níl aon teorainn uasta ar an gcostas; (cuirtear faoiseamh uasta €200,000 ar fáil d’obair thráchtála).
  • Tá na hoibreacha dírithe ar athchóiriú agus/nó oiriúnú na réadmhaoine.
  • Caithfear na hoibreacha a dhéanamh roimh an 31 Nollaig 2022 agus caithfidh tús a bheith curtha leo i ndiaidh an 5 Bealtaine 2015 i gcás faoisimh do réadmhaoin chónaithe  úinéara-áititheora agus i gcás faoisimh do réadmhaoin tráchtála miondíola nó an 1 Eanáir 2017 i gcás faoisimh do réadmhaoin chónaithe ar cíos.
  • Caithfidh na hoibreacha na critéir maidir le Caiteachas Cáilitheach a shásamh. 
  • Caithfidh na hoibreacha gach ceanglas reachtúil agus forbartha pleanála a shásamh, ar nós na Rialachán um Pleanáil agus na Rialachán Foirgníochta. 
  • Caithfear na coinníollacha maidir le háitiú láithreach na réadmhaoine (i ndiaidh go gcríochnaítear na hoibreacha) a shásamh.

Cad is féidir liom a éileamh?

Tá trí shaghas d’fhaoiseamh cánach ar fáil agus seo a leanas na tréimhsí cáilitheacha;

  • Cuireadh tús le Faoiseamh do Réadmhaoin Chónaithe Úinéara-Áititheora an 5 Bealtaine 2015
  • Cuireadh tús freisin le Faoiseamh do Réadmhaoin Thráchtála an 5 Bealtaine 2015
  • Cuireadh tús le Faoiseamh do Réadmhaoin Chónaithe ar Cíos an 1 Eanáir 2017.

Tiocfaidh deireadh leis an Scéim do gach faoiseamh an 31 Nollaig 2022. Ní cháileoidh ach obair athchóirithe agus/nó oiriúnaithe faoinar tugadh i rith na n-amfhrámaí thuas d’fhaoiseamh.  Is féidir teacht ar eolas breise ó na Coimisinéirí Ioncaim, Lámhleabhar Canach agus Dleachtanna san áireamh, anseo.

Conas a dhéanaim iarratas?

Iarratais ar Réadmhaoin Chónaithe:

Tá foirm iarratais ar líne do TCB ar fáil trí chliceáil, thíos. Glactar le hiarratais a sheoltar sa phost freisin.  Má bhíonn ceist agat maidir le do cháilitheacht chun iarratas a dhéanamh, seol ríomhphost, le do thoil, chuig [email protected] 

Iarratais ar Réadmhaoin Tráchtála:

Déantar iarratas ar Fhaoiseamh Tráchtála go díreach trí na Coimisinéirí Ioncaim agus is féidir teacht ar eolas breise ar láithreán gréasáin Revenue.ie.

Cén chabhair atá ar fáil?

Tá Foireann Chomhairleach saor in aisce ar fáil ó na Ranna Pleanála, Ailtirí, um Chosc ar Dhóiteán, um Rialú Tógála, Caomhnaithe, Luachálaithe agus Ranna eile ábhartha chun casadh leat agus is féidir leo cabhrú le ceist a d’fhéadfadh bheith agat maidir leis an bpróiseas pleanála, rialacháin a chomhlíonadh nó riachtanais sábháilteachta ó dhóiteán. Seol do cheist, le do thoil, chuig [email protected] 

Chuir Aonad Thogra na Cathrach Beo treoir le chéile maidir le scéim dreasachta cánach TCB chun cabhrú le húinéirí agus infheisteoirí chun teacht ar an scéim agus athúsáid a bhaint as foirgnimh sa LAS ainmnithe i mBaile Átha Cliath a spreagadh. Tá an treoir ar fáil le hamharc uirthi trí chliceáil anseo.  

Sonraí Teagmhála

Aonad Thogra na Cathrach Beo (TCB)

Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath,

An Rannóg Pleanála agus Forbartha Maoine,

Bloc 4, Urlár 3,

Oifigí na Cathrach, An Ché Adhmaid,

Baile Átha Cliath 8

 

 

Living City Grant Initiative
Living City Initiative - Accessible version
Living City Initiative Leaflet
Living City Initiative Form
Contact Details

The Living City Initiative

Telephone Number