Skip to main content
Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath / Dublin City Council

Main navigation

  • Cónaitheach
  • Gnó
  • Do Chomhairle
  • Events
Menu
Menu
Advanced Search

Main navigation (mobile)

  • Cónaitheach
  • Gnó
  • Do Chomhairle
  • Events
Breadcrumb
  1. Home
Language switcher
  • Gaeilge

Maoiniú Athghiniúna Sóisialta Bhaile Munna 2021

Back to
Share
  • Share via Twitter
  • Share via Facebook
  • Share via WhatsApp

Beidh suim €1.7m ar fáil le dáileadh chun costais Athghiniúna Sóisialta i mBaile Munna a íoc do 2021.  Déanfaidh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath an ciste seo a mhaoiniú go hiomlán agus tá sé faoi réir ár bpróiseas buiséadach.  Tá na cuspóirí Athghiniúna Sóisialta do Bhaile Munna leagtha amach in Athghiniúint a Choimeád, Plean sóisialta do Bhaile Munna, ina leagtar amach cuspóirí faoi sheacht dtéama:

  • Déanamh Áite
  • Foghlaim agus Oiliúint ar Feadh an tSaoil
  • Sábháilteacht Phobail
  • Sláinte agus Folláine
  • Forbairt Leanaí agus Tacaíocht Teaghlaigh
  • Na hEalaíona agus Cultúr
  • Áineas agus Spórt. 

Cuirtear an maoiniú ar fáil chun leanúint leis an bpróiseas athghiniúna sóisialta sa cheantar, atá mar chuid de leanúint foriomlán an phróisis athghiniúna tar éis fhoirceannadh Ballymun Regeneration Limited.     Maoinítear eagraíochtaí / tionscadail d’fhonn freastal ar riachtanais aitheanta agus bearnaí sa soláthar seirbhíse i gceantar Bhaile Munna atá nasctha leis an Straitéis um Athghiniúint a Choimeád. Feidhmeoidh gach clár/seirbhís a mhaoinítear de réir Comhaontuithe Leibhéal Seirbhíse. Cuirtear tuairisceáin aschuir airgeadais isteach gach ráithe do gach clár agus ansin tagann na tuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn.  Déanfaidh painéal measúnaithe ar a mbeidh suas le seachtar daoine (Stiúrthóir Seirbhísí CCBÁC Cathair Thuaidh, Bainisteoir Ceantair CCBÁC, riarthóir clár CCBÁC , beirt Chomhairleoirí Ceantair an Iarthuaiscirt agus beirt bhall neamhspleácha) gach iarratas a mheas agus cinneadh a dhéanamh ar leithdháileadh maoinithe - tiocfaidh  an painéal seo le chéile freisin gach ráithe chun monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn na gclár go léir.  Tabharfar liosta iomlán na n-iarratasóirí agus na méideanna airgeadais chuig Coiste Ceantair an Iarthuaiscirt i bhfoirm tuarascála le tabhairt faoi deara nuair a bheidh an coiste measúnaithe aontaithe.

 Tá an próiseas iarratais ar mhaoiniú don bhliain 2021 oscailte anois. Iarrtar ar iarratasóirí an nasc foirme iarratais ar líne a chomhlánú ar an leathanach seo agus na doiciméid riachtanacha a uaslódáil d’fhonn go ndéanfar measúnú orthu le haghaidh maoinithe. 

Is é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ná Dé Domhnaigh 13 Nollaig ag 5in. Ní ghlacfar le hiarratais dhéanacha.

Critéir d'Iarratasóirí

  • Ní mór d’iarratasóirí a bheith ó ghrúpa/eagraíocht atá lonnaithe i limistéar riaracháin Bhaile Munna
  • Ní mór do ghrúpaí / thionscadail tograí a thairiscint a sholáthraíonn cláir chun tacú leis na tionscnaimh a bhfuil cur síos orthu i seacht dtéama an Phlean Shóisialta.
  • Ní féidir maoiniú a úsáid ach le haghaidh acmhainní foirne (uasmhéid 75% in 2022, le laghdú go 50% le haghaidh 2023 iarratas), cláir agus costais riaracháin ghinearálta.
  • Ní féidir maoiniú a úsáid chun earraí caipitil a cheannach, chun airgead iomarcaíochta nó cúiteamh a íoc, nó chun aon chostais a thagann chun cinn mar gheall ar fhéimheacht nó dócmhainneacht a íoc.
  • Beidh ar thionscadail a bheith in ann seachadadh laistigh de chreat ama comhaontaithe.
  • Ní mór an fhoirm iarratais agus gach doiciméad tacaíochta a chur isteach roimh an spriocdháta d’fhonn aon iarratas a mheas. Ní bhreithneofar iarratais neamhiomlána. 

Doiciméadú Riachtanach le haghaidh Maoinithe

  • Iarrtar ar iarratasóirí foirm iarratais ar líne a chomhlánú agus a chur isteach agus a chinntiú go bhfuil na sonraí go léir a chuirtear isteach cruinn.
  • Iarrtar ar iarratasóirí Plean Oibre Bliantúil, Buiséad, Ráiteas Misin, Sonraí Árachais agus liosta foirne/acmhainní atá le maoiniú faoin iarratas seo a uaslódáil chomh maith le cairt eagrúcháin, má tá sí ar fáil.

Cliceáil Anseo le haghaidh Foirm Iarratais

Má tá aon cheist agat déan teagmháil le Martina Kelly i ríomhphost [email protected] nó ar 01-2225714.

Privacy Statement
English version (0.1MB) Leagan Gaeilge (0.2MB)
Schedule 1 Work plan
English version (0.1MB) Leagan Gaeilge (0.1MB)
Schedule 2 Budget
English version (0.1MB) Leagan Gaeilge (0.1MB)
Schedule 6 Employee List
English version (0.1MB) Leagan Gaeilge (0.1MB)
Share
  • Share via Twitter
  • Share via Facebook
  • Share via WhatsApp
Close

Main navigation

  • Cónaitheach
  • Gnó
  • Do Chomhairle
  • Events

Footer menu

  • Eolas Fúinn
    • Folúntais
    • An Fhoireann agus na Dualgais
    • DCC Alerts
    • An Nuacht agus Na Meáin
    • Beartais agus Cáipéisí
  • Conas dublincity.ie a Úsáid
    • An Inrochtaineacht ar an Láithreán Gréasáin
    • Ráiteas Príobháideachais
    • Téarmaí & Coinníollacha
    • Léarscáil Láithreáin
  • Oibleagáidí Reachtúla
    • Shaoráil Faisnéise
    • An Chosaint Sonraí
    • Access to Information on the Environment
    • An Nochtadh Cosanta
    • An Bhrústocaireacht
    • Acht na dTeangacha Oifigiúla
    • An Eitic
    • Public Sector Duty
    • Bye Laws
    • An Soláthar
  • Teagmháil / Aiseolas
    • Téigh i dTeagmháil Linn
    • Déan Iarratas ar Sheirbhís
    • Déan Íocaíocht
    • Déan Gearán
    • Comhairliúcháin Phoiblí

Customer Services GA

Address

Oifigí na Cathrach
Cé an Adhmaid
Baile Átha Cliath 8
Co. Dublin
D08 RF3F
Éire

Telephone Number
01 222 2222
Email Address
[email protected]

Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath / Dublin City Council
Dublin City Council
Féach ar ár láithreán gréasáin eile

© 2025 Dublin City Council