Comhroinnt Faisnéise

D’fhéadfaí d’fhaisnéis phearsanta a nochtadh mar a cheanglaítear leis an dlí. 

Ó am go chéile d’fhéadfaí gá a bheith ann an fhaisnéis phearsanta a sholáthar tú a roinnt le heagraíochtaí comhpháirtíochta amhail an Garda Síochána nó comhlachtaí rialtais eile. 

Ní roinnfear faisnéis ach amháin i gcás ina bhfuil géarghá léi chun críche seirbhísí éifeachtacha a sholáthar agus lorgófar do thoiliú má bhíonn sonraí pearsanta íogaire i gceist leis sin. 

(Áirítear le sonraí pearsanta íogaire faisnéis maidir le cine, creideamh, ballraíocht ceardchumainn, nó imeachtaí cúirte, gan a bheith teoranta don mhéid sin. D’fhéadfaí go mbeidh sé de cheart agat diúltú. Ní roinnfear an fhaisnéis sin le haon pháirtithe eile chomh fada agus nach gceanglaítear leis an dlí í a roinnt)

Mar sin féin, d'fhéadfaí nach lorgófar do thoil in imthosca áirithe, mar shampla:

  • Chun nach ndéanfaí mórdhíobháil do dhaoine eile
  • Chun cuidiú le coireacht a chosc nó le hí a ionchúiseamh
  • Mar a cheanglaítear leis an dlí reachtúil nó de bharr gur iarr cúirt an fhaisnéis. 

Tá sé de dhualgas ar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath na cistí poiblí a riarann sí a chosaint, agus d’fhéadfaí go n-úsáidfear faisnéis fútsa atá i seilbh na Comhairle chun críocha calaoise a chosc agus a bhrath agus chun críocha dleathacha eile.