Téarmaí Seirbhíse
Cuirtear síos ar théarmaí seirbhíse maidir le Mol an tSaoránaigh thíos. Táimid tiomnaithe na téarmaí sin a chomhlíonadh, agus má bhaineann tú úsáid as Mol an tSaoránaigh glacann tú leis na téarmaí seirbhíse sin.
- Bainfear úsáid as nósanna imeachta tionscail cothrom le dáta chun sonraí pearsanta a choimeád chomh sábháilte agus slán agus is féidir chun cosaint i gcoinne caillteanais, nochta nó rochtana neamhúdaraithe.
- Ní choinneofar do chuid faisnéise pearsanta ach chun na gcríoch a luaitear agus chomh fada agus is gá chun na gcríoch sin.
- Tá tú féin freagrach as d’fhocal faire agus d’ainm úsáideora a chosaint (i gcás inarb infheidhme) agus ní mór nach roinntear ná nochtar iad le haon duine.
- Tá tú féin freagrach freisin as a chinntiú go bhfuil an fhaisnéis a sholáthraítear go Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath trí Mhol an tSaoránaigh, chomh fada agus is eol duit, fíor agus bailí.
- D'fhéadfaí, ó am go ham, nuashonrú faisnéise maidir lenár seirbhísí a sholáthar duit trí ríomhphost. Mura mian leat an fhaisnéis seo a fháil, is féidir leat ríomhphost a sheoladh chugainn ag am ar bith.
- D’fhéadfaí na Téarmaí Seirbhíse sin a athrú ó am go ham. Má dhéantar aon athruithe móra, cuirfear ar an eolas thú trí fhógra feiceálach a phostáil ar ár leathanaigh.