Fógra Príobháideachta maidir le Mol an tSaoránaigh

San Fhógra Príobháideachta seo, cuirtear síos ar an bhfaisnéis a bhféadfaí a bhailiú uait agus Mol an tSaoránaigh in úsáid agat, agus ar an bhfáth go mbailítear í. 

Má bhaineann tú úsáid as Mol an tSaoránaigh, glacann tú leis an mbeartas príobháideachais sin agus le húsáid do chuid faisnéise i gcomhréir le Rialacháin Ghinearálta an AE um Chosaint Sonraí (RGCS). 

Chruthaigh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath an ráiteas príobháideachais seo le haghaidh ár n-ardán do Mhol an tSaoránaigh chun ár dtiomantas daingean don phríobháideachas a léiriú, agus chun a dhearbhú duit go ndéanfaimid ár ndícheall slándáil na sonraí a sholáthraíonn tú a chinntiú i ngach gnó a dhéanfaidh tú le Mol an tSaoránaigh. 

Chun rochtain a fháil ar roinnt de na seirbhísí ar Mhol an tSaoránaigh ní mór duit sonraí sonracha a sholáthar. Ag brath ar an tseirbhís atá á lorg nó á soláthar, d'fhéadfadh go n-áireofaí ‘sonraí pearsanta’ leis na sonraí atá á lorg mar a shainmhínítear iad leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí agus le Rialachán Ginearálta an AE um Chosaint Sonraí 2016 (RGCS). Tá Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath tiomanta do shonraí pearsanta a úsáid, ar sonraí iad amháin: 

  • A fuarthas le do thoiliú 
  • A fuarthas chun críocha sonraithe, follasacha agus dlisteanacha amháin
  • Atá leordhóthanach, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá chun na críche a fuarthas iad
  • Taifeadta agus stóráilte go cruinn, go slán agus, nuair is gá, coimeádta cothrom le dáta 
  • Coinnithe chomh fada agus is gá chun na gcríoch a fuarthas iad 
  • Próiseáilte ar bhealach a chinntíonn slándáil iomchuí na sonraí pearsanta amháin, lena n-áirítear cosaint ar phróiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach. 

Is féidir go mbeidh orainn teagmháil a dhéanamh leat chun an tseirbhís a d’iarr tú a sholáthar. Nuair a chuireann tú sonraí pearsanta ar fáil do roinn amháin laistigh de Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, d’fhéadfaí iad a bheith roinnte le ranna eile laistigh den Chomhairle fad is atá an chomhroinnt inmheánach sin ábhartha, comhréireach agus riachtanach go réasúnach chun an tseirbhís a d’iarr tú a sholáthar. 

Ag brath ar an tseirbhís ar mian leat rochtain a fháil uirthi is féidir go mbeidh ort clárú agus/nó go mbeidh orainn thú a fhíordheimhniú. Ní úsáidfear an fhaisnéis a bhailítear ach chun críocha na seirbhíse sin a sholáthar duit