Oifig Ealaíon Chathair Bhaile Átha Cliath – Athbhreithniú ar Phainéal na nEalaíontóirí
Is é an cuspóir atá le do chuid sonraí a phróiseáil ná cabhrú le hathbhreithniú a dhéanamh ar an bPainéal Ealaíontóirí atá á oibriú faoi láthair ag Oifig Ealaíon Chathair Bhaile Átha Cliath.
Déanfaidh foireann Oifig Ealaíon Chathair Bhaile Átha Cliath measúnú ar an bhfaisnéis a chuirfidh tú ar fáil.
Coinneofar do chuid faisnéise le haghaidh bliana amháin. Mura gcuireann tú na sonraí pearsanta a iarradh ar fáil, ní bheidh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath in ann d'iarratas a phróiseáil.