Oifig Ealaíon Chathair Bhaile Átha Cliath – Sparánacht Ealaíon

Próiseáiltear do chuid sonraí maidir le d'iarratas ar Sparánacht Ealaíon de réir an Achta Ealaíon 2003. 

Déanfaidh painéal ar a mbeidh foireann Oifig Ealaíon Chathair Bhaile Átha Cliath agus speisialtóirí seachtracha ealaíon ar tugadh cuireadh dóibh measúnú ar an bhfaisnéis a chuirfidh tú ar fáil. 

Coinneofar do chuid faisnéise ar feadh cúig bliana má dheonaítear dámhachtain duit agus ar feadh bliana mura ndeonaítear dámhachtain duit. Mura gcuireann tú na sonraí pearsanta a iarradh ar fáil, ní bheidh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath in ann d'iarratas a phróiseáil.