Oifig Ealaíon Chathair Bhaile Átha Cliath – Deontas Ealaíon

Is é an cuspóir atá le próiseáil do shonraí ná d'iarratas ar Dheontas Ealaíon a phróiseáil de réir an Achta Ealaíon 2003. 

Déanfaidh painéal ar a mbeidh foireann Oifig Ealaíon Chathair Bhaile Átha Cliath agus speisialtóirí seachtracha ealaíon ar tugadh cuireadh dóibh measúnú ar an bhfaisnéis a chuirfidh tú ar fáil. 

Coinneofar do chuid faisnéise ar feadh cúig bliana má dheonaítear Deontas Ealaíon duit agus ar feadh bliana mura ndeonaítear dámhachtain duit.  Mura gcuireann tú na sonraí pearsanta a iarradh ar fáil, ní bheidh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath in ann d'iarratas a phróiseáil.