Skip to main content
Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath / Dublin City Council

Main navigation

  • Cónaitheach
  • Gnó
  • Do Chomhairle
Menu
Menu
Advanced Search

Main navigation (mobile)

  • Cónaitheach
  • Gnó
  • Do Chomhairle
Breadcrumb
  1. Home
  2. Residential
  3. Finance
Language switcher
  • English
  • Gaeilge

Mótarcháin

Back to Finance

Caithfidh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath leis an eolas agus na sonraí pearsanta go léir a sholáthraíonn tú go rúnda, i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí agus an reachtaíocht um Chosaint Sonraí.

Share
  • Share via Twitter
  • Share via Facebook
  • Share via WhatsApp

An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí – Fógra Príobháideachta, Mótarcháin

Éilíonn Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ar chustaiméirí sonraí pearsanta áirithe a sholáthar chun ár bhfeidhmeanna reachtacha agus riaracháin do Mhótarcháin a chomhlíonadh thar ceann na Roinne Iompair, Turasóireachta agus Spóirt (DTTAS).

Féadfar do shonraí pearsanta a mhalartú leis na gníomhaireachtaí atá liostaithe thíos faoi shainchúram DTTAS de réir an dlí.

  • An Garda Síochána – imscrúduithe coiriúla
  • Gníomhaireachtaí Stáit – imscrúduithe sibhialta & coiriúla m.sh. neamhíoc táillí dola
  • Dlíodóirí – imscrúduithe sibhialta & coiriúla m.sh. timpistí bóthair
  • Údaráis Áitiula – imscrúduithe sibhialta agus coiriúla m.sh. fineálacha bruscair

Tá sonraí iomlána bheartas Cosanta Sonraí DTTAS ina leagtar amach conas a úsáidfimid do shonraí pearsanta, chomh maith le heolas maidir le do chearta mar ábhar sonraí, ar fáil ar www.dttas.gov.ie/dataprotection

Tá sonraí an bheartais seo ar fáil freisin i gcóip chrua ach é a iarraidh trí ríomhphost a sheoladh chuig [email protected] nó i scríbhinn chuig An tAonad um Chosaint Sonraí, An Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, Lána Líosain, Baile Átha Cliath 2, D02 TR60

Tá sonraí iomlána ar bheartas cosanta sonraí Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, ina leagtar amach conas a úsáidfear do shonraí pearsanta, chomh maith le heolas maidir le do chearta mar ábhar sonraí ar fáil anseo

Mótarcháin ar Líne -  www.motortax.ie

Seirbhís shlán í Mótarcháin ar Líne a chuireann an Roinn Iompair ar fáil a cheadaíonn do chustaiméirí mótarchánach cáin a íoc ar a bhfeithiclí ar líne. Caithfidh tú uimhir aitheantais phearsanta (PIN) a bheith agat leis an tseirbhís seo a úsáid. Tá an uimhir seo le feiceáil ar d’fhoirm athnuachana [RF100B]. Mura bhfuil do PIN athnuachana agat, is í an uimhir na 6 dhigit dheireanacha ar do Dheimhniú Cláraithe Feithicle.

Caithfidh tú teagmháil a dhéanamh leis an Roinn Iompair má bhíonn aon cheisteanna agat a bhaineann leis an tseirbhís ar líne.

Sonraí Teagmhála:

An Roinn Iompair/Mótarcháin ar Líne
Sionainn
Contae an Chláir 
V14 P298

Guthán:-                                0818 411 412
Ríomhphost:-                       
[email protected]

Tabhair faoi deara go bhféadfadh na rátaí a ghearrtar ar ghlao ar uimhreacha 0818 (Glao Áitiúil) a bheith éagsúil i measc soláthraithe seirbhíse éagsúla.

An Oifig Mótarchánach

Bailíonn Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath Mótarcháin thar ceann na Roinne Iompair agus freastalaíonn sé ar fheithiclí atá cláraithe i gCathair agus i gContae Bhaile Átha Cliath.

Tá an Oifig Mótarchánach dúnta don phobal agus oibríonn sí seirbhís poist. Glacann sé 5-7 lá le hiarratais phoist ar Mhótarcháin a phróiseáil. 

Tá seirbhís éigeandála d’iarratais phráinneacha (faoi chúinsí eisceachtúla) ar fáil - déan teagmháil, le do thoil, le 01 222 8000 le coinne a fháil

Is féidir Iarratais Phoist a sheoladh sa phost chuig:- 

Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath

An Oifig Mótarchánach
Bloc B
Siúlán Blackhall
Margadh na Feirme
Baile Átha Cliath 7
D07 ENC4 Éire

Cliceáil anseo chun foirmeacha iarratais a íoslódáil

Úsáid na sonraí teagmhála seo a leanas, le do thoil, má bhíonn aon cheisteanna agat maidir le do Mhótarcháin:

Guthán:-                                01 222 8000 (9.00 a.m. to 5.00 p.m. – ó Luan go hAoine).

Ríomhphost:-                        [email protected]

Contact Details

Customer Services Centre

Telephone Number
01 222 2222
Email Address
[email protected]
Share
  • Share via Twitter
  • Share via Facebook
  • Share via WhatsApp
Close

Main navigation

  • Cónaitheach
  • Gnó
  • Do Chomhairle

Footer menu

  • Eolas Fúinn
    • Folúntais
    • An Fhoireann agus na Dualgais
    • An Nuacht agus Na Meáin
    • Beartais agus Cáipéisí
  • Conas dublincity.ie a Úsáid
    • An Inrochtaineacht ar an Láithreán Gréasáin
    • Ráiteas Príobháideachais
    • Téarmaí & Coinníollacha
    • Léarscáil Láithreáin
  • Oibleagáidí Reachtúla
    • Shaoráil Faisnéise
    • An Chosaint Sonraí
    • Access to Information on the Environment
    • An Nochtadh Cosanta
    • An Bhrústocaireacht
    • Acht na dTeangacha Oifigiúla
    • An Eitic
    • Public Sector Duty
    • Bye Laws
    • An Soláthar
  • Teagmháil / Aiseolas
    • Téigh i dTeagmháil Linn
    • Déan Iarratas ar Sheirbhís
    • Déan Íocaíocht
    • Déan Gearán
    • Comhairliúcháin Phoiblí

Customer Services GA

Address

Oifigí na Cathrach
Cé an Adhmaid
Baile Átha Cliath 8
Co. Dublin
D08 RF3F
Éire

Telephone Number
01 222 2222
Email Address
[email protected]

Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath / Dublin City Council
Dublin City Council
Féach ar ár láithreán gréasáin eile

© 2023 Dublin City Council