Cosnaíonn cur amú bia €700 sa bhliain, ar an meán, ar gach teaghlach Éireannach. Déantar roinnt dramhbhia a mhúiríniú ach déantar an chuid is mó de a dhiúscairt trí líonadh talún. Is féidir cur amú bia a sheachaint.
Is é an chéad chéim ná níos mó a fhoghlaim faoi cad atá á chaitheamh againn, agus ansin is féidir linn rud éigin a dhéanamh faoi. Cliceáil ar an nasc seo chun tuilleadh eolais a fháil faoin bhfeachtas náisiúnta chun Stop a chur le Dramhaíl Bia
Múiríniú
Próiseas nádúrtha is ea múiríniú. Tarlaíonn sé nuair a bhristear miocrorgánaigh ábhair orgánacha cosúil le duilleoga, féar, agus scrapaí glasraí, ag cruthú substaint shaibhir ithreach cosúil le múirín. Is táirge luachmhar é seo agus is féidir é a úsáid chun fás plandaí i do ghairdín a chur chun cinn. Trí mhúiríniú tá tú ag laghdú go mór an méid dramhaíola tí a sheolann tú chuig líonadh talún.
Má tá gairdín agat, tá sé éasca múiríniú a dhéanamh. Is beag am agus spás a thógann sé - agus sábhálann sé airgead duit freisin. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas tús a chur leis, cliceáil ar an nasc seo a leanas. Tugann an leabhrán múirínithe seo forbhreathnú ar gach gné de mhúiríniú baile.