Comórtas Bookstagram / Leabharstagram
Published on 29th January 2024
Céard atá á léamh agat agus cén fáth? Táimid ag cur fáilte roimh dhaltaí meánscoile páirt a ghlacadh inár gcomórtas Bookstagram / Leabharstagram!
Más maith leat páirt a ghlacadh:
•Faigh leabhar ar iasacht ón Leabharlann Chathair Bhaile Átha Cliath i do cheantar
•Déan físeán gearr (ríl) sa chúinne/ spás léitheoireachta is fearr leat
•Uaslódáil an físeán ar Instagram agus úsáid an haischlib #MoLeabharlannBÁC
•San fhíseán, taispeáin clúdach an leabhair agus luaigh ainm an bhrainse de Leabharlanna Chathair Bhaile Átha Cliath óna bhfuair tú ar iasacht é.
•Seol ríomhphost chuig [email protected] le d’ainm; uimhir do chárta leabharlainne, d’aois, ainm do mheánscoile, teideal an leabhair agus an t-údar agus ainm na leabharlainne óna bhfuair tú ar iasacht é.
Iarr cead ar do thuismitheoir chun páirt a ghlacadh sa chomórtas seo. Cuirfear gach iontráil sa chrannchur duaiseanna. Beidh deis ag an mbuaiteoir dearbhán leabhair a roghnú nó dearbhán cluichíochta. Roinnfear na físeáin is fearr ar ár meáin shóisialta.
Is é an Satharn, 24 Feabhra an dáta deiridh. Is é seo Lá Éire Ag Léamh chomh maith, nuair a spreagtar muintir uile na tíre roinnt ama a ghlacadh i rith an lae sin chun leabhar a léamh.